Tá aimsir níos teo air sna laethanta beaga seo romhainn.
I lár tíre, sa taobh ó dheas agus sa taobh thoir den tír beidh sé ina theas inniu agus an teocht idir 24 agus 28 céim Celsius. Scamallach a bheidh sa gcuid eile den tír leis an maidin. Beidh paistí ceo is ceobhráin in áiteanna ach amach sa lá nochtfar grian agus beidh an teocht idir 18 agus 23 céim Celsius. Isteach faoin tír, dá fhaide ón leoithne luaineach aniar, is teo a bheas.
Brothall atá á thuar don Aoine ach fuarú beag ar an taobh ó thuaidh den tír agus mar atá le seachtain, beidh néalta agus corrbhrádán leis an gcósta thiar agus san iarthuaisceart. Tá teocht idir 21 agus 29 céim á tuar agus é níos teo ó dheas agus leoithne lag aduaidh ann.
Is amhlaidh scéal ag tuar an tSathairn, é te nó brothallach agus fuaraíocht bheag sa taobh ó thuaidh. Scaladh gréine is mó a bheas againn agus gaoth bhog anoir aduaidh chugainn. An teocht idir 18 agus 29 céim agus sa taobh ó dheas is teo a bheidh.
Beidh brothall aisteach ag cuid mhaith againn oíche Dé Sathairn ach le maidneachan Domhnaigh beidh fuarú sa taobh thiar ag séideán anoir. Beidh an teocht idir 22 agus 29 céim Celsius agus sa taobh thoir is fionnuaire a bheidh.
Spéir ghlan agus grian atá romhainn freisin le teacht na seachtaine seo chugainn agus an teaspach agus an teas fós linn. Coinneoidh an leoithne gaoithe anoir an t-oirthear beagáinín níos fionnuaire agus sa leath thiar den tír is teo a bheidh sé.
Beidh na hoícheanta meirbh marbhánta.
Tá fógra tugtha ag Met Éireann go bhfuil tamall fada teaspaigh i ndán dúinn agus teocht os cionn 25 céim Celsius á gealladh acu sna laethanta seo romhainn amach.
Tá fainic curtha orainn ag lucht na haimsire go bhféadfadh an teocht a bheith chomh hard le 30 céim Celsius in áiteanna sa tír seo.
Meabhraíonn Sábháilteacht Uisce na hÉireann do chuile dhuine a bheith fíor-airdeallach agus iad in aice leis an uisce, bíodh siad ag snámh sa bhfarraige nó cois locha nó abhann agus iad féin a iompar “go freagrach sábháilte”.
Tá an chomhairle sin á tabhairt mar go mbíonn tarraingt mhór ar thránna aon uair a mbíonn an aimsir te agus faoiseamh á shantú san uisce.
Fág freagra ar 'Teas agus brothall geallta sna laethanta amach romhainn'