Ceathrar coimisinéirí teanga le labhairt ag comhdháil in Ollscoil Uladh

Beidh na coimisinéirí teanga ag déanamh iniúchadh ar chearta teanga agus dea-chleachtas i leith mionteangacha in údaráis phoiblí

Ceathrar coimisinéirí teanga le labhairt ag comhdháil in Ollscoil Uladh

Beidh coimisinéirí teanga na hÉireann agus na Breataine Bige ag teacht le chéile ag deireadh na míosa seo leis an dea-chleachtas d’údaráis phoiblí maidir le mionteangacha a phlé in Ollscoil Uladh.

Is iad Coimisinéir Gaeilge an Tuaiscirt, Pól Deeds; Coimisinéir Breatnaise na Breataine Bige, Efa Gruffudd Jones; an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn; agus an Coimisinéir don Traidisiún Albanach Ultach, Lee Reynolds a bheidh i láthair ag an gcomhdháil lae i Scoil na nDaonnachtaí ar an 25 Meitheamh.

Beidh na coimisinéirí teanga ag déanamh iniúchadh ar chaighdeáin reachtúla, oibleagáidí seirbhísí poiblí, cearta teanga an agus dea-chleachtas in údaráis phoiblí ó thaobh mionteangacha.

Déanfaidh an Dr Niall Comer, iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge, agus léachtóir le Gaeilge i Scoil na nDaonnachtaí in Ollscoil Uladh, cur síos ar an taighde atá ar bun san ollscoil faoi láthair maidir ke “caighdeáin teanga, creataí cur chun feidhme, agus rannpháirtíocht an phobail”.

Pléifear ag an gcomhdháil freisin an “cur chuige idirnáisiúnta” maidir le reachtaíocht teanga, comhlíonadh na reachtaíochta agus cur chun cinn na gceart teanga.

Beidh seisiúin do lucht freastail na comhdhála ann i ndiaidh na gcainteanna ar fad ina mbeidh deis ag na toscairí ceisteanna a phlé i ngrúpaí beaga.

Deir lucht Oifig an Choimisinéara Gaeilge sa Tuaisceart, atá ag eagrú na comhdhála, go dtabharfar “réimse leathan” daoine le chéile “le plé a dhéanamh ar shaincheisteanna” a bhaineann le polasaí teanga.

“Beidh ionadaithe ó réimse leathan de na húdaráis phoiblí ó fud fad Thuaisceart Éireann ann. Beidh deis luachmhar ann le páirt a ghlacadh sa chomhrá, eolas a roinnt, agus comhoibriú le chéile,” a dúradh.

Fág freagra ar 'Ceathrar coimisinéirí teanga le labhairt ag comhdháil in Ollscoil Uladh'