Tuigtear do Tuairisc go bhfuil “míshásamh” ar roinnt ionadaithe tofa de chuid Fhine Gael mar gheall ar an scéal nach bhfuil sé i gceist ag an Aire Oideachais, Hildegarde Naughton – ball dá bpáirtí féin – aon scoil lán-Ghaeilge nua a thógáil as seo go ceann cúig bliana.
Tuairiscíodh ar The Irish Times an tseachtain seo caite go raibh ag éirí idir Fianna Fáil agus Fine Gael mar gheall ar an gceist agus go raibh an tAire Gaeltachta Dara Calleary agus an Taoiseach Micheál Martin “míshásta” faoin méid a bhí le rá ag an Aire Oideachais.
Tuigtear do Tuairisc go bhfuil na cainteoirí Gaeilge i bpáirtí an Aire Naughton míshásta faoin gcinneadh gan scoil nua lán-Ghaeilge a thógáil go dtí an bhliain 2032. Tuigtear go bhfuil a míshásamh faoin scéal curtha in iúl ag leithéidí Naoise Uí Mhuirí, Evanne Ní Chuilinn, Garrett Kelleher, agus an Teachta Dála nuathofa do Ghaillimh Thiar, Seán Kyne.
Dúirt an tAire Naughton i mí na Bealtaine, i bhfreagra ar Cheist Dála, nach raibh sé i gceist ag a roinn aon scoil nua – scoil Bhéarla ná scoil lán-Ghaeilge – a thógáil i láthair na huaire.
Dúirt an tAire go raibh a roinn sásta go bhfuil dóthain scoileanna ann chun freastal ar aon éileamh agus gurb é a rogha ná síneadh a chur le scoileanna atá ann cheana féin chun freastal ar éileamh breise seachas scoil nua a thógáil.
Ach dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Oideachais le Tuairisc an tseachtain seo nach féidir a rá cé acu an dtógfar nó nach dtógfar bunscoil ná meánscoil lán-Ghaeilge as seo go ceann cúig bliana ach gurb é an chaoi nach raibh aon phlean ann “faoi láthair” ceann a thógáil.
“Is iad na riachtanais dhéimeagrafacha a shainíonn an gá, nó a mhalairt, le bunú scoileanna nua. Siúd is nach bhfuil aon phlean ann scoil lán-Ghaeilge, ná go deimhin scoil lán-Bhéarla, a bhunú faoi láthair (cé is moite de scoileanna speisialta), déanann an Roinn Oideachais agus Óige athbhreithniú leanúnach ar an stádas seo.
“Ní féidir a bheith deimhnitheach de ag an staid seo, mar sin, faoin ngá, nó a mhalairt, atá le scoileanna nua as seo go ceann cúig bliana – níl ann ach nach bhfuil aon phlean ann ceann a thógáil faoi láthair,” a dúirt an t-urlabhraí.
De réir taighde nua a foilsíodh an tseachtain seo caite, d’fhéadfaí freastal ar an éileamh atá ar an oideachas trí Ghaeilge ach 350 scoil bhreise a chur ar fáil, agus deirtear gur chun leas an gheilleagair agus na sochaí a bheadh na scoileanna sin. Maítear chomh maith sa tuarascáil Anailís ar an Tionchar Geilleagrach a bheadh ag Reachtaíocht Nua le Cur leis an Soláthar Oideachas Lán-Ghaeilge nach mbeadh aon chostas breise ó thaobh an teagaisc de ag baint le tuilleadh gaeloideachais a sholáthar.
De réir mórshuirbhé náisúnta a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge an mhí seo caite, 44% de dhaoine ó dheas a bheadh sásta a gcuid páistí a chur go dtí gaelscoil ach a leithéid a bheith ar fáil ina gceantar agus 40% a chuirfeadh a bpáistí go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.
Fág freagra ar 'Míshástacht i measc Ghaeilgeoirí Fhine Gael faoi cheist na scoileanna lán-Ghaeilge'