Meon dearfach i leith na Gaeilge ag níos mó daoine, ach líon na gcainteoirí líofa ag laghdú – mórshuirbhé nua Uile-Éireann

D’fhoilsigh Foras na Gaeilge inniu An Suirbhé ar Dhearcthaí i Leith na Gaeilge 2025, atá mar chuid de chlár taighde ar cuireadh tús leis os cionn 50 bliain ó shin

Meon dearfach i leith na Gaeilge ag níos mó daoine, ach líon na gcainteoirí líofa ag laghdú – mórshuirbhé nua Uile-Éireann

Tá líon na ndaoine a bhfuil meon dearfach acu i leith na Gaeilge ag fás ach ag laghdú atá líon na ndaoine atá líofa sa teanga, de réir thorthaí mórshuirbhé náisiúnta faoin nGaeilge.

De réir An Suirbhé ar Dhearcthaí i Leith na Gaeilge 2025, 49% de dhaoine ó dheas den teorainn a dúirt go raibh líofacht éigin sa Ghaeilge acu. 39% a dúirt go raibh bunlíofacht ar a laghad acu agus 10% a dúirt go raibh ardlíofacht acu.

19% de dhaoine sa Tuaisceart a dúirt go raibh líofacht éigin acu – 17% a mhaígh go raibh bunlíofacht ach agus 2% a thug le fios go raibh ardlíofacht acu.

Foras na Gaeilge a choimisiúnaigh an mórshuirbhé nua atá mar chuid de chlár taighde ar cuireadh tús leis os cionn 50 bliain ó shin.

De réir thorthaí an tsuirbhé dheireanaigh dá leithéid a deineadh in 2013 is ag laghdú atá líon na ndaoine a deir go bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu. In 2013 thug 57% le fios go raibh bunlíofacht ar a laghad acu agus 14% a dúirt go raibh ardlíofacht acu.

17% de dhaoine ó thuaidh den teorainn a dúirt in 2013 go raibh ar a laghad bunlíofacht acu agus 3% a thug le fios go raibh ardlíofacht acu.

Foinse – An Suirbhé ar Dhearcthaí i Leith na Gaeilge 2025

Ach más ag laghdú atá céatadán na ndaoine a deir go bhfuil líofacht éigin sa Ghaeilge acu is ag méadú atá líon na ndaoine a deir go bhfuil siad ar son na teanga.

De réir an tsuirbhé nua, tromlach an‑mhór – 78% – a dúirt go raibh siad i bhfách leis an nGaeilge, i gcomparáid le 67% in 2013.

Tromlach a bhí i bhfách leis an nGaeilge ó thuaidh den teorainn chomh maith. 55% a dúirt ansin go raibh siad i bhfách leis an nGaeilge, i gcomparáid le 45% i suirbhé 2013.

32% de Chaitlicigh ó thuaidh a thug le fios sa suirbhé nua go raibh ar a laghad bunlíofacht sa Ghaeilge acu i gcomparáid le 4% de Phrotastúnaigh.

Níor labhair 81% de dhaoine fásta sa Tuaisceart an Ghaeilge riamh agus 57% de dhaoine ó dheas a dúirt nár labhair siad riamh í.

Foinse – An Suirbhé ar Dhearcthaí i Leith na Gaeilge 2025

 

Ach dúirt níos mó daoine in 2025 go n-úsáideann siad an Ghaeilge gach lá ná mar a dúirt amhlaidh in 2013.

9% de dhaoine fásta ó dheas agus 4% ó thuaidh a dúirt sa suirbhé nua go labhraíonn siad an Ghaeilge gach lá, i gcomparáid le 6% ó dheas agus agus 1% ó thuaidh in 2013.

Léirítear ceangal sa suirbhé idir an gaeloideachas agus labhairt na teanga. 60% díobh siúd a d’fhreastail ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus 64% díobh siúd a d’fhreastail ar iar‑bhunscoileanna lán-Ghaeilge a thug le fios go labhraíonn siad an Ghaeilge gach lá.

Foinse – An Suirbhé ar Dhearcthaí i Leith na Gaeilge 2025

Deir údair na tuarascála, Colin J Flynn agus Noel Ó Murchadha, ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, go léiríonn an bhearna idir líon na ndaoine a deir go bhfuil meon dearfach acu i leith na teanga agus líon na ndaoine atá ábalta í a labhairt go bhfuil gá le beartais bhreise ar mhaithe le cur chun cinn na teanga.

“Tugann an bhearna idir dearcthaí fabhracha i leith na Gaeilge agus na leibhéil chumais sa teanga le fios go bhfuil gá le hidirghabhálacha leanúnacha atá spriocdhírithe ar fhorbairt teanga ar feadh an tsaoil,” a deir údair An Suirbhé ar Dhearcthaí i Leith na Gaeilge 2025.

Deirtear chomh maith gur údar misnigh meon dearfach an phobail i leith na teanga ach go bhfuil gá le tuilleadh cainteoirí líofa Gaeilge chun spriocanna i dtaobh na teanga a bhaint amach.

“Cé gur údar misnigh é go bhfuil na rátaí úsáide laethúla agus seachtainiúla Gaeilge réasúnta ard, mura mbeidh ardleibhéil chumais sa teanga mar bhonn agus mar thaca ag úsáid na Gaeilge, ní dócha go bhféadfar na huaillmhianta beartais maidir leis an nGaeilge a bhaint amach.

“Bíonn beartas teanga rathúil ag brath cuid mhaith ar líon criticiúil úsáideoirí a bhfuil ardchumas sa teanga acu a bheith ann.”

Léirítear sa taighde nua atá bunaithe ar agallamh a dhein Ipsos B&A le breis 1,000 duine ó dheas agus 498 duine ó thuaidh, go gcuirfí fáilte roimh a thuilleadh tacaíochta don teanga ón dá stát, go háirithe i réimse an oideachais.

44% de na rannpháirtithe ó dheas a dúirt go mbeidís sásta a gcuid páistí a chur go dtí gaelscoil ach a leithéid a bheith ar fáil ina gceantar agus 40% a chuirfeadh a bpáistí go dtí iar-bhunscoil  lán-Ghaeilge.

Méadú mór a bhí i gceist ansin ar 2013 nuair a dúirt 23% go gcuirfidís a bpáistí go dtí bunscoil lán-Ghaeilge agus nuair a dúirt 12% go gcuirfidís a bpáistí go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.

26% de na rannpháirtithe ó thuaidh s a dúirt go mbeidís sásta a gcuid páistí a chur go dtí gaelscoil ach a leithéid a bheith ar fáil ina gceantar agus 26% chomh maith a chuirfeadh a bpáistí go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.

Méadú suntasach a bhí i gceist ansin chomh maith i gcomparáid le suirbhé 2013 nuair a dúirt 18% go gcuirfidís a bpáistí go dtí bunscoil lán-Ghaeilge agus nuair a thug 11% le fios go gcuirfidís a bpáistí go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.

84% ó dheas agus 67% ó thuaidh a dúirt gur cheart scoileanna lán-Ghaeilge a chur ar fáil sna háiteanna a bhfuil éileamh orthu.

D’aontaigh tromlach daoine sa dá dhlínse – 87% ó dheas agus 57% ó thuaidh –  gur cheart go bhfoghlaimeodh gach páiste an Ghaeilge mar ábhar scoile.

Deir údair an taighde gur “beag bunscoil agus iar‑bhunscoil lán-Ghaeilge” atá in Éirinn “i gcomparáid le scoileanna Béarla, agus i gcomparáid le dlínsí eile a bhfuil teangacha mionlaigh acu, ar nós na Breataine Bige agus Phobal Féinrialaitheach Thír na mBascach”.

Deir siad gur beag clár trí Ghaeilge atá ar fáil sna hearnálacha ardoideachais agus breisoideachais, agus gur “fánach na deiseanna atá ann leanúint leis an nGaeilge le taobh ábhair eile sna hearnálacha sin”.

Deirtear chomh maith go bhfuil “easpa bonneagair agus acmhainní comhordaithe, comhtháite ann i gcomhair forbairt teanga san oideachas aosach”. Deir údair an taighde go bhfuil ábhar misnigh i dtorthaí an tsuirbhé nua.

“Is cúis dóchais go bhfuil na rátaí úsáide laethúla agus seachtainiúla a tuairiscíodh i suirbhé 2025 réasúnta ard agus go bhfuil na dearcthaí i leith na teanga dearfach den chuid is mó. Is cosúil gurb é is údar leis na torthaí sin ná an méadú atá tagtha ar fheasacht an phobail ar an nGaeilge sa tsochaí chomhaimseartha.

“Tá an Ghaeilge chun tosaigh sa dioscúrsa poiblí le blianta beaga anuas. Is san earnáil acadúil agus san earnáil beartais amháin a bhíodh an plé sin tráth dá raibh, ach anois is minic a bhíonn sé sna meáin chumarsáide agus i mbéal an phobail.”

Deir na húdair gur léir ón dearcadh dearfach atá ann i leith na Gaeilge agus i leith pholasaithe an stáit i leith na Gaeilge go gcuirfeadh an pobal “fáilte mhór roimh thionscnaimh bheartais bhreise le tacú leis an nGaeilge”. Deirtear gur “fianaise” na torthaí chomh maith go bhfuil éileamh mór i measc tuismitheoirí ar an oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí agus go bhfuil “dúil i measc mionlach suntasach den daonra fásta páirt a ghlacadh i ndeiseanna forbartha teanga”.

Fág freagra ar 'Meon dearfach i leith na Gaeilge ag níos mó daoine, ach líon na gcainteoirí líofa ag laghdú – mórshuirbhé nua Uile-Éireann'