‘Coolacloy’ a dúirt an fear óg liom. Ní raibh tuiscint ar bith aige ar Ghaeilge. “Meas tú cén bhrí atá le hainm do bhaile dúchais,” a d’fhiafraigh mé féin. “The back of the wall,” arsa seisean. Cúl an Chlaí a bhí i gceist aige, baile fearainn atá ar chúl an chnocáin mhóir in aice le Bóthar na Spéire sa gClochán i gConamara.
Fear óg breá, peileadóir agus coisí den scoth de réir na dtuairiscí. Ag obair ar feadh an tsamhraidh a bhí sé in óstán ar an mbaile mór agus é i mbun staidéir ollscoile.
Dúirt mé leis go mba ón nGaeilge a tháinig ainmneacha fhormhór na mbailte fearainn thart ar an Chlochán – Munga, an tImleach Mór, Barr na nÓrán, Leitir Dín, Fál Caorach, An Dúinín, Seanadh Chiamhair, agus go leor eile.
“Cuirfidh mé geall leat go raibh Gaeilge ag do mhuintir romhat i gCúl an Chlaí,” a deir mé féin leis. “Níl tú ach cúpla glúin, agus cúpla coisméig scartha ón nGaeilge.”
Leag sé uaidh na plátaí agus sméid orm. “That adds up,” a deir sé.
Ar mhaithe le roinnt aithne a chur air a thosaigh mé an comhrá; ní hé go raibh mé ag iarraidh Gaeilge a bhrú air ná aon ghaisce teanga a dhéanamh ach de thimpiste a chuaigh muid go bun an údair.
Chuimhnigh mé ina dhiaidh sin gur bealach maith a bheadh ann le ceangal leis an nGaeilge a mhíniú do dhaoine; ainm a mbaile féin agus an t-údar gur ón nGaeilge a tháinig ainm na háite. Mhíneodh sin dóibh go mba Ghaeilgeoirí iad a sinsear rompu. Mar a deir an fear óg: “That adds up.”
Má chaitheann sé a shúil ar thorthaí an Daonáirimh a rinneadh 100 bliain ó shin agus a foilsíodh le gairid feicfidh sé go bhfuil lorg a shinsir sna cuntais stairiúla. Bhí 1985 duine sa g Clochán an uair sin agus bhí Gaeilge ag 42.2% acu (852 duine ar fad). Tá fuílleach staitisticí sa gcuntas Daonáirimh sin a ‘speánann go raibh neart téagair fanta sa nGaeilge fós sa gcuid ó thuaidh de Chonamara 100 bliain go ham seo: 65.5% in Iorras Fhlannáin (gar don Chlochán); 75.5% i nDún Locháin (Baile Conaola); 42.2% i nDoire Liath (in aice an Chlocháin); 47.3% i Rinn Mhaoile; agus níos faide ó dheas 79% i gCloch na Rón agus 70% sa gCaiseal agus an Sraith Salach.
Ná bacadh muid anois leis na cúiseanna gur cailleadh an Ghaeilge sa gceantar sin. Ina dhiaidh sin féin, tá na céatadáin ag laghdú sa nGaeltacht sa lá atá inniu ann.
Ach is fiú na ceangail a bheochan.
Bronnadh slám téagartha de na leabhair bhliantúla as ceantar Chill Chiaráin/Charna ar an Leabharlann phoiblí sa gClochán an tseachtain seo caite. Iorras Aithneach an teideal atá ar an bhfoilseachán sin agus tá sí á cur amach ón mbliain 1990. Bhí fáilte roimh an leabhar; lucht na Leabharlainne féin a d’iarr go mbeadh sí acu. Comhartha cairdis aneas i gConamara.
Ar ndóigh, ní rud nua é an beagáinín faltanais idir ceantair. Cúrsaí spóirt is cionsiocair leis go minic; téann sé thar fóir amanta. Bíonn ceist na Gaeilge sa mbearna in áiteacha freisin.
Abraítear go bhfuil bearna idir muintir na Gaeltachta agus na trí Chlochán atá ar imeall limistéir láidre na Gaeilge – an Clochán Liath, Clochán Bhréanainn agus an Clochán, Conamara. Bhíodh an focal ‘gallda’ nó baile garastúin luaite le Clochán Chonamara. Níl an dearcadh sin cóir ná ciallmhar in 2026. Is iomaí sin cor sa stair, agus más stair í, níl sé ach beagán glúnta ó bhí an Ghaeilge láidir i dtuaisceart Chonamara.
Mar shampla, deirtear nach raibh an slua sa gClochán ag slógadh de chuid Dhónaill Uí Chonaill in 1829 in ann é a thuiscint mar gur i mBéarla a labhair sé. ‘Speánann daonáireamh 1926 go raibh Gaeilge ag cuid mhaith de leath an phobail ansin céad bliain ó shin.
Tá Plean Athbheochana Gaeilge i bhfeidhm sa gClochán anois.
Bheadh daoine ann a d’abródh nach fiú an tairbhe an trioblóid. Ach ba feall é sin ar oidhreacht na ndaoine a labhair togha na Gaeilge i mBarr na nEang, i dTuar an Sceichín agus, go deimhin, i gCúl an Chlaí.
Seán
Is ar ‘Seanadh Chiamhair’ a bunaíodh an t-amhrán álainn
‘The Bogs of Shanakeever’ a chanann Joe hÉinniú.
Agus ós ag trácht ar áitainmneacha sibh, féach an logainm álainn;
‘Sceichín a ‘ Rince’ i dTiobraid Árann. (Ní mór duit canúint na nDéise a chur i bhfeidhm ar an bhfocal ‘Rince’ chun an ceol ceart a bhaint as.)
‘SkeheenaRanky’ an sceanairt uafásach a rinneadh air i mBéarla.
Mura dtugann an Ghaeilge dada eile dhúinn tugann sí fuinneog eile agus brí eile ar an saol dúinn.
Saibhriú is ea í.
Ní mé an dtuigfeadh an fear óg úd an méid sin?
Nó ar thuig Brian Friel féin é ina dhráma cáiliúil ‘Translations’?