Cogadh ní síocháin – cén fáth a bhfuil NATO ann?

Agus an cinseal comhchoiteann cothromaithe tá domhan ilpholach tagtha chun cinn agus a chuspóir caillte arís ag NATO

Cogadh ní síocháin – cén fáth a bhfuil NATO ann?

Nuair a bunaíodh Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT nó NATO), dúradh go raibh an eagraíocht sin ag teastáil le seasamh i gcoinne bagairt ón Rúis ar an taobh rachmasach den Eoraip, bagairt a bhí bunaithe, a dúradh, ar idé-eolaíocht an chumannachais.

Cuireadh i leith na Rúise go raibh sí ag iarraidh an cumannachas a scaipeadh leis an lámh láidir. Ach bhí sé i gceist i gcónaí gur comhghuaillíocht mhíleata shealadach a bheadh i NATO, aontas idir namhaid a raibh bagairt choiteann acu le linn an Chogaidh Fhuair.

Nuair a d’imigh an bhagairt sin le deireadh an Chogaidh Fhuair, tar éis titim an Aontais Shóivéadaigh, agus tarraingt siar na Rúise ó lár agus oirthear na hEorpa, ba í an phríomhcheist a cuireadh sna 1990idí ná: cén chúis nua a bheadh le ECAT a bheith ann? Ba é freagra na ceiste seo ná iarracht le cinseal aonpholach a chruthú, sé sin máistreacht Mheiriceá, is a chuid comhghuaillithe in ECAT, ar an domhan, cinseal comhchoiteann i ré an iarChogaidh Fhuair trí leathnú agus idirghabháil mhíleata ECAT.

Tugadh fógra deiridh intuigthe don Rúis: glac ról mar phrintíseach sóisir taobh thíos de ECAT, nó bí i d’fhórsa diúltach taobh amuigh den tsibhialtacht a d’fhógair ECAT.

D’fhéadfadh an Rúis glacadh le ról cinsealach ECAT mar “fhórsa ar mhaithe le leas”, nó d’fhéadfadh sí cur ina choinne, agus ansin rachadh ECAT ar ais go dtí a ról roimhe sin: achrann a chothú leis an Rúis. Bhí sé intuigthe sa gcomhthéacs sin go mbeadh acmhainní na Rúise ar fáil do dhúshaothrú ón Iarthar.

Ba é an t-athrú réimis san Úcráin, athrú a bhrúigh ECAT agus go háirithe Meiriceá, agus athrú a raibh sé mar aidhm aige an Úcráin a athrú ó chomhpháirtí de chuid na Rúise go stát ar an líne thosaigh in aghaidh na Rúise, a spreag an cogadh in 2014.

Bhí ECAT ar ais mar sin ina sheanról achrainn i gcoinne na Rúise, ach tharla sé sin agus ré an chinsil ag teacht chun deiridh.

Anois go bhfuil an cinseal comhchoiteann cothromaithe agus domhan ilpholach tagtha chun cinn, tá a chuspóir caillte arís ag ECAT. Tá Meiriceá ag bagairt go dtarraingeoidh sé as agus baol dá bharr go ndíscaoilfidh sé.

Tá Meiriceá níos buartha faoi dhúshlán na Síne anois ach tá ceannairí Eorpacha ag iarraidh bunchuspóir ECAT a athbhunú: an Rúis a choinneáil faoi chois. Teipfidh air seo mar tá sé bunaithe ar an scéal calaoiseach go bhfuil an Rúis ag iarraidh an tAontas Sóivéadach a chur ar bun arís, seachas cur in aghaidh leathnú agus idirghabháil mhíleata NATO a chothromú. Ní cumannach é Putin, ach fear rachmais – agus sin é a laige.

Ní fhillfidh na Stáit Aontaithe, áfach, ar bhunchuspóir ECAT, mar go bhfuil dáileadh na cumhachta athraithe, agus níl siad sásta a thabhairt le fios go nglacann siad le bréagscéalta na gceannairí Eorpacha.

Tá cumhacht SAM ag dul i agus ní féidir leo ceannas straitéiseach a choinneáil ag an am céanna san Eoraip, sa Mheánoirthear, in Oirthear na hÁise agus sa Leathsféar Thiar. Ní féidir le SAM a bheith i ngach áit i ndomhan ilpholach, agus aird a dhíriú ar an Leathsféar Thiar agus ar Oirthear na hÁise.

D’ídeodh SAM an iomarca acmhainní má dhíríonn sé ar an Eoraip, agus bhrúfadh sé an Rúis i dtreo na Síne, a phríomh-iomaitheoir anois. Ní hin le rá, ámh, nach bhfuil SAM sásta coimhlint leis an Rúis a fhógairt agus a sholáthar do na hEorpaigh. Fanfaidh an Eoraip umhal, agus laghdófar an Rúis.

Dá mbeadh ceannairí réasúnacha stuama ag an Eoraip, bheadh siad tar éis coigeartú ar an dáileadh idirnáisiúnta cumhachta nua tríd an gcogadh seo a mhúchadh, síocháin a dhéanamh leis an Rúis, agus ailtireacht chomhchuibhithe Eorpach slándála a bhunú (35 bliain rómhall).

Shábhálfadh sé sin an Úcráin freisin trína baint ón líne thosaigh, agus ligfí di a nascanna eacnamaíocha éagsúla a dhéanamh chun a róspleáchas ar aon chumhacht eachtrach amháin a sheachaint.

Ina ionad sin, tá aicme pholaitiúil na hEorpa fós tiomanta do scéalta agus bheartais Rúiseacha a ghéaraíonn an t-achrann is a chuireann fad leis an gcoimhlint.

Tá an bealach ar aghaidh ag éirí níos soiléire anois: leanfaidh ECAT de ag díscaoileadh nó go mbeidh sí ina chíor thuathail, agus déanfaidh na hEorpaigh cúiteamh uirthi trí géarú ar an gcoimhint leis an Rúis.

Tarlóidh seo tráth a mbeidh an Rúis go mór ag iarraidh díoltas a imirt ar an Eoraip (ar an nGearmáin go cinnte), agus go mbeidh gealltanais agus cosaint na Stát Aontaithe ag dul i laghad. An toradh intuartha air seo go spreagfaidh ceannairí Eorpacha freagra láidir ón Rúis, agus tá sé ag éirí níos dóchúla gur ionsaí núicléach teoranta a bheidh ansin.

Nach mbeadh sé níos ciallmhaire deireadh a chur leis an gcogadh, slándáil na Rúise a ráthú agus ceannas na hÚcráine a chinntiú i stát neodrach neamhbhagrach a bheadh laghdaithe go geografach?

Ach, seachain! Is peaca marfach dár scothaicme pholaitiúil a leithéid de chaint.

Fág freagra ar 'Cogadh ní síocháin – cén fáth a bhfuil NATO ann?'