Is furasta a dhul amú ar fhocal. ‘Tá tú an-attractive,’ a d’abraíodh fear roinnt aosta a bhíodh leathmhaith go leor agus é ag déanamh teanntáis ar bhean óg ag damhsa Gaeltachta. D’abraíodh sé go minic é. Ach is furasta a dhul amú ar fhocal agus ‘díosal’ go leor tógtha ar bord ag duine. B’fhacthas do chuid de chompánaigh na mná óige a bhí ag coinneáil cluas leis an gcumarsáid seo gur ‘tá tú an-tractor’ a bhíodh sé a rá. ‘Fear an tractor’ a tugadh mar leasainm air.
Ach chuaigh ‘fear an tractor’ rófhada lena chuid teanntáis agus dúradh leis an ‘tractor’ a thabhairt i dtigh an diabhail! Beag beann ar an ísliú stádais sin sa halla damhsa, níor tháinig ball níos fearr ná an tarracóir ar fheilmeacha na hÉireann.
Tá stádas as an nua ag an tarracóir anois nach raibh aige tráth den saol agus a lorg fágtha aige ar chúrsaí caidrimh tionscail.
Tháinig sé sa saol gurb é an tarracóir an fheithicil is láidre atá ag na feilméaraí agus iad ag cur a gcás faoi bhráid an Rialtais, agus faoi bhráid Choimisinéirí na hEorpa. Chonaiceamar é sin sa mBruiséil agus i dtíortha eile le riar blianta. Cuireadh na céadta agus na mílte tarracóir ar bóthar ag tarraingt airde ar éileamh lucht na talún le gairid. Chonaic muid é ar bhóithre na hÉireann agus i gcathracha Bhaile Átha Cliath agus na Gaillimhe.
Baineann sé le feithiclí troma láidre, agus fothram toirniúil astu, go gcuireann siad imní – murar scéin féin é – ar dhaoine nach bhfuil cleachta leo sna bailte móra. Tógann siad suas spás agus tugann siad misneach don té atá á dtiomáint, cineál tancaer sráide iad na tarracóirí móra; uirlisí cumhachtacha iad nach bhfuil ag muintir na cathrach ná na mbailte móra. Níl siad ag ceardchumannaithe agus iadsan ag iarraidh a gcás féin a chur i láthair.
Tá síceolaíocht ag baint leo freisin; ní gá a leathoiread fear agus ban a bheith agat ar dualgas máirseála mar go bhfuil toirt agus torann sa tarracóir, go háirithe na cinn mhóra atá ag feilméaraí anois. Is féidir gluaiseacht na hola, na tráchta agus na tíre a stopadh leo.
Dúirt Owen Reidy, ceannasaí Chomhdháil na gCeardchumann, gur léir go dtugtar aird ar an lámh láidir, agus ar an torann is tréine anois; tá ceacht foghlamtha ag lucht ceardchumainn, a deir sé. Creideann Owen Reidy go bhfuil sé dlite do cheardchumainn éagsúla a dhul i muinín beartais láidre iad féin, agus a dhul go snaidhm i rópa lena gcuid agóidí.
Ach níl na tarracóirí ag Owen Reidy.
Níl lucht gairmeacha eile in ann stop drámatúil a chur le gluaiseacht na tíre mar a bhí lucht na dtarracóirí. Ach, ina dhiaidh sin féin, tá siad in ann scoileanna a dhúnadh agus dramhaíl a fhágáil ar an tsráid, carnán os cionn carnáin agus na francaigh a scaoileadh ó smacht, agus na busanna a choinneáil sa ngaráiste. Ach níl na tarracóirí acu agus is ar éigean go rachadh na céadta amach ina gcarranna féin ina scuainí ar fud na tíre. Agus san áit a dtagann an crú ar an tairne, bheadh go leor daoine an-bhuailte cheal airgid dá mbeadh orthu a dhul ar stailc ar feadh cúpla lá, gan trácht ar sheachtain. Théis an tsaoil, níl tarracóirí acu.
Níl dream na dtarracóirí sa tsáinn chéanna, cé gur deacair a thuiscint cén chaoi a raibh cuid acu in acmhainn laethanta i ndiaidh a chéile a chaitheamh amuigh ag agóidíocht.
Abróidh lucht na dtarracóirí go bhfuil buntáiste ag muintir an bhaile mhóir agus ag an bpobal uilig as an tacaíocht atá tugtha ag an Rialtas le gairid, agus iad dá bhuíochtáil sin orthu féin.
Sna 1940idí a facthas tarracóirí ag feilméaraí tréana sa tír. Bhí an Massey Ferguson sa nGaeltacht sna 1950idí. Tá cion orthu fós mar iarsma ach fathach é tarracóir na linne seo i gcomórtas leis an Ferguson. Laghdaigh siad uilig ualach na hoibre faoin tuath.
Ceist anois – an bhfuil an tarracóir dá thiomáint gan beann ar choinníollacha, agus ag méadú an bhearna sin idir muintir na tuaithe agus muintir na cathrach?
Ach an oiread le ‘fear an tractor’ fadó, is féidir tarracóirí na hagóide a thiomáint rófhada freisin.
Fág freagra ar 'Cumhacht an tarracóra agus bearrán an bhaile mhóir'