Ag cabhrú le déagóirí suaimhneas a aimsiú

Léiríonn taighde go gcabhraíonn cleachtais atá bunaithe ar an gcolainn le mothúcháin a rialú agus tuiscint agus teacht aniar a fhorbairt

Ag cabhrú le déagóirí suaimhneas a aimsiú

Le cúpla mí anuas, tá ceardlanna análaithe agus forbairt phearsanta do dhéagóirí á n-eagrú agam, agus tá an méid atá tugtha faoi deara agam fíorspreagúil.

Bíonn fáilte níos mó ná mar a bhíodh ag daoine óga roimh chleachtais a mhaolaíonn an imní, agus bíonn siad níos sásta labhairt faoina mothúcháin. I saol atá lán le brú ón scoil, ó na meáin shóisialta agus ón todhchaí éiginnte atá romhainn go léir, is comhartha dóchais é seo do mheabhairshláinte na n-óg.

Tá tusicint thábhachtach tagtha chun cinn sna cúrsaí seo, is é sin nach san intinn amháin a airíonn daoine an streachailt, ach sa cholainn freisin. Nuair a mhothaíonn déagóirí go bhfuil spás sábháilte acu, agus gan aon bhreithiúnas á dhéanamh orthu, tosaíonn siad ag iniúchadh a gcuid mothúchán.

Foghlaimíonn siad go bhfuil sé ceart go leor mothúcháin a bheith acu gan eagla a bheith orthu nach iad na mothúcháin ‘cearta’ iad. Léiríonn seo rud bunúsach – nuair a mhothaíonn an cholainn sábháilte, leanann an intinn í.

Nuair a chuireann mé an cheist shimplí ar dhéagóirí, “Cén chaoi a bhfuil tú ag mothú?” deir a bhformhór acu liom go bhfuil siad tuirseach nó traochta.

Cuid acu deir siad go bhfuil siad sásta nó neirbhíseach, b’fhéidir. Go minic, níl siad ábalta dul níos doimhne ná sin ag an tús – níl an teanga ná an spás acu chun mothúcháin a aithint agus a thuiscint go hiomlán.

Sin é an fáth go bhfuil sé tábhachtach stór focal na mothúchán atá níos leithne a thabhairt isteach. I mo cheardlanna, roinnim focail éagsúla leo agus meabhraím dóibh go bhfuil sé ceart go leor gach mothúchán a aireachtáil, fiú na cinn dheacra. Is scil í seo a dtagann forbairt uirthi de réir a chéile.

Tá gluaiseacht agus féinléiriú lárnach sa phróiseas seo. Nuair a thugtar cead do dhéagóirí bogadh thart le saoirse – an corp a shíneadh nó a chroitheadh, nó gluaiseacht de réir mar a mhothaíonn siad, scaoiltear an teannas ón gcorp agus ón intinn agus faigheann siad tuiscint níos doimhne orthu féin.

Go minic, is féidir mothúcháin nach féidir a chur in iúl le focail a chur in iúl tríd an gcolainn. Cabhraíonn sé seo leo athcheangal leo féin agus mothú níos soiléire iontu féin.

Cabhraíonn scríobh sa dialann freisin, go háirithe nuair a bhíonn sé deacair na focail a aimsiú le cur síos ar an gcaoi a mhothaíonn siad. Spás ciúin pearsanta acu an dialann chun a smaointe féin a iniúchadh. Is minic a scríobhann siad faoi bhrú scoile nó caidrimh, rud a chuidíonn leo scíth a ligean agus rudaí a dhéanamh níos soiléire.

Tá fianaise eolaíoch taobh thiar de na cleachtais seo. Gníomhachtaíonn anáil dhomhain an córas néaróg paraisimpiteach, rud a chuidíonn leis an gcolainn scíth a ligean agus na leibhéil struis a laghdú. Léiríonn taighde freisin go gcabhraíonn cleachtais atá bunaithe ar an gcolainn le mothúcháin a rialú, tuiscint agus teacht aniar a fhorbairt.

Léargas pearsanta – ag breathnú siar ar mo shaol féin go hionraic, nuair a bhíodh daoine ag fiafraí díom conas a bhí mé, déarfainn go minic ‘Tá mé go maith’. Seo nósmhaireacht a bhaineann le mo ghlúin féin, ní raibh cleachtadh againn a bheith ag caint faoi na mothúcháin. Ní raibh mé i gcónaí i dtiún leis an méid a bhí ag tarlú istigh ionam. Anois tuigim cé chomh tábhachtach is atá sé spás a thabhairt do gach mothúchán, do dhéagóirí agus do gach duine eile.

San am seo ina bhfuil an strus agus an imní ag méadú i measc daoine óga in Éirinn, tá na cleachtais shimplí seo níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh. Leis an anáil, gluaiseacht agus féinléiriú, foghlaimíonn na daoine óga ceacht cumhachtach, is é sin ná go bhfuil sé ceart go leor gach mothúchán a mhothú, agus tá bealach acu chun iad a mhothú gan a bheith á mbrú síos.

– Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com

Fág freagra ar 'Ag cabhrú le déagóirí suaimhneas a aimsiú'

  • WTF

    Ar mhiste leat ceardlann eile a bhunú freisin a chuirfeadh suaimhneas ar fáil d’aosaigh,
    Ó dhéagóirí?
    Mar a mbeidh saoráid againn
    “gach mothúchán a mhothú”?
    Grrrrr…….