Gála láidir a bhí geallta…’from Valencia to Erris Head’

Is iontach an lear oideachas tíreolaíochta atá curtha orainn ag Michael O’Leary…agus ag na seanvéarsaí

Gála láidir a bhí geallta…’from Valencia to Erris Head’

“Lanzarote,” arsa bean an tsiopa. Ní raibh fadhbanna cuimhne ná fadhbanna foghraíochta ag baint lena bealach. Ba léir go raibh an socrú taistil déanta aici le scaitheamh, agus go raibh cleachtadh aice ar thíortha na gréine.

Ceist a bhí curtha uirthi ag custaiméara: “Cá bhfuil tú ag dul i mbliana?” Chluinfeá í ar fud an tsiopa agus gliondar ina glór: “Lanzarote”. Ní raibh sí ag feiceáil na báistí a bhí ag gliogarnaíl ar fhuinneog an tsiopa. I bhfad ó bhaile a bhí a hintinn ar ancaire nó gur chuir fear ceist uirthi: “An dtabharfá dom punt ime…grá mo chroí thú.”

Nach iontach an lear oideachas tíreolaíochta atá curtha ag Michael O’Leary agus Ryanair orainne sa tír seo. Ainmneacha áite a bhí i bhfad ó bhaile, tádar ar bharr a dteanga ag muintir chuile phobal tuaithe in Éirinn anois. Agus nach fearr mar sin é.

Ina dhiaidh sin féin bhí draíocht éigin ag baint le hainm áite i bhfad i gcéin nach raibh súil agat go bhfeicfeá go brách é, ach amháin i d’intinn.

Céard faoi Valparaiso?

San am a caitheadh i scoil bheag Bharr Linnín i bhfad siar i gConamara a d’airigh mé ainm na háite sin an chéad lá ariamh. Ba nós leis an múinteoir, Johnny Simon Ó Ceoinín, scaití líne nó véarsa de dhán a aithris amach fiú agus nach raibh sé ar chlár na bunscoile. “Tháinig long ó Valparaiso; D’ardaigh téad a seol sa gcuan”. Bhí draíocht ag baint leis an tsamhail sin – long as tír iasachta éigin ag seoladh go maorga isteach go Cuan na Beirtrí Buí! Cá raibh Valparaiso?

Tháinig long ó Valparaiso,

Scaoileadh téad a seol sa gcuan,

Chuir a hainm dom i gcuimhne,

Ríocht na Gréine, Tír na mBua.

Bhí mé níos sine nuair a bhí amhrán a raibh – chomh fada le mo chuimhne – ‘Montego Bay’ mar theideal air. ‘Montego Bay, that’s where my heart lies srl’. Shíl mé go mba dheas an tsamhail í…. agus nár dhúisigh mé maidin i Montego Bay! Ní aisling ná brionglóidí a bhí ann. Taobh amuigh de chríocha Mhichael O’Leary uilig a bhí ancaire caite agam. Bhí mé, dháiríre, i Montego Bay in Iamáice.

Turas ar long phléisiúir a bhí ann agus mé ag labhairt le Meiriceánaigh faoi chúrsaí an tsaoil in Éirinn. Théis mheán oíche a chuaigh mé chun suain in áit éigin ar Mhuir Chairib. Nuair a dhúisigh mé bhí crainnte pailme ar chaon taobh den long. Bhí muid tagtha i dtír i Montego Bay!

B’álainn an radharc iad na crainnte pailme ach níor mhair an draíocht. Ar an mbóthar isteach dúinn go Montego Bay, bhí brocamas agus bruscar chuile áit. Seachas cuid amháin den chathair, ba bheag le rá Montego Bay. Céad slán leis an tsamhail, agus slán le Montego Bay freisin, a deir mé féin.

Nárbh fhearr filleadh ar an dúchas.

Ar imeall thiar theas na hÉireann atá Dairbhre in Uíbh Ráthach. Valentia a thugann siad air i mBéarla agus feictear dom go bhfacthas é scríofa mar ‘Bheilinse'[nó Béal Inse] i nGaeilge in áit éigin. Is ann a chónaíonn duine de laochra móra peile Chiarraí, Mick O’Connell. Tá a fhios againn uilig cá bhfuil Dairbhre, nó an bhfuil a fhios?’

Gála láidir a bhí geallta…’from Valencia to Erris Head’ a deir an léitheoir nuachta ar an stáisiún náisiúnta. Gála forleathan a bheadh ann, slán an tsamhail. An Spáinn go cinnte a bhí ina hintinn – ceachtanna tíreolaíochta Mhichael O’Leary.

Ach nach bhfuil údar samhlaíochta againn faoin tuath in Éirinn. Nó b’fhéidir nach bhfuil an bhéim chéanna air sin anois ó thug Michael O’Leary muid go Valencia (‘Valencia, I always seem to hear you calling me’).

Meas tú cén baisteadh a bheadh ar Doire Bhéal an Mháma dá mbeadh sé luaite sa réamhaisnéis aimsire? Chaithfeadh go bhfuil sé ar cheann de na hainmneacha áite is breátha in Éirinn. Suite ar thaobh shléibhte Mhám Toirc i gConamara atá Doire Bhéal an Mháma. An sloinne Seoige a bhí i chuile cheann den dá theach déag ar a mbaile sin tráth. Ach ní saol laethanta saoire a bhí ann.

Valencia, Lanzarote nó, go deimhin, Montego Bay? Boicíní a bheadh ag dul na bealaí sin.

Fág freagra ar 'Gála láidir a bhí geallta…’from Valencia to Erris Head’'