Éinne nach bhfuil ag breathnú ar Chorn an Domhain le cúpla seachtain anuas, tá siad gafa ag Love Island, ach ba é Tóraíocht Dhiarmuda agus Ghráinne an chéad triantán grá agus tá an scéal fós á insint.
Grá, paisean, aighneas, tá siad uilig ann agus tá an scéal chomh tarraingteach anois is a bhí riamh. Cuirtear tús le hathinsint Ghráinne Holland ar an scéal agus Diarmuid ina leanbh is a mháthair, Crochnuit, ag éalú óna fear, Donn.
Nuair a bhí Gráinne ag déanamh taighde faoin scéal don athinsint seo léigh sí an leagan a scríobh Lady Gregory ina bailiúchán Complete Irish Mythology. Deirtear ann gur díbríodh athair Dhiarmuda as na Fianna mar gheall ar ‘argóint éigin’.
Mar gheall air seo, thug Aonghus Óg Diarmuid leis agus é ina leanbh, agus thóg sé é i mBrú na Bóinne. Níl ann ach abairt nó dhó, ach chuir sé Gráinne ag smaoineamh agus í ag iarraidh tuiscint níos fearr a fháil ar charachtair an scéil.
“Leis na leaganacha atá ar fáil de na seanscéalta is seantéacsanna atá iontu agus níl ach na cnámha fágtha. Bhí mé ag díriú ar thuismitheoirí Dhiarmuda agus an cúlra a bhí aige.
“Chonaic mé gur iarr Fionn ar athair Dhiarmuda imeacht as na Fianna. Só bhí mé ag smaoineamh, cad é go gcaithfeá a dhéanamh le go n-iarrfaí ort imeacht ó na Fianna?”
Rinne sí forbairt ar an bpíosa sin den scéal ar dtús, na tréithe ‘dorcha’ a bhí ag Donn.
“Ansin thosaigh mé ag cuimhneamh ar an bhforéigean teaghlaigh agus dá mba rud é gur iarradh ar Dhonn imeacht as na Fianna agus gur tógadh Crochnuit agus Diarmuid uaidh, gur dóigh go raibh tréithe de sin a baint leis an scéal.”
Is le linn a hóige ag fás aníos i mBéal Feirste a cothaíodh an grá atá ag Gráinne don mhiotaseolaíocht, a deir sí. Chuaigh sí go Scoil Phobail Feirste, scoil lán-Ghaelach sa chathair.
“D’fhreastail mé ar an nGaelscoil i mBéal Feirste agus sin iad na chéad scéalta a insíodh dúinn, scéal Dheirdre agus Naoise, Tóraíocht Dhiarmuda agus Ghráinne, Cú Chulainn agus Fionn Mac Cumhail agus an Bradán Feasa… Bhí an-suim agam iontu i gcónaí ó bhí mé an-óg.”
Nuair a bhí páistí aici féin chuimhnigh sí arís ar na seanscéalta agus í ag iarraidh iad a thabhairt ar aghaidh dá clann féin. As sin a scríobh sí an leabhar Ceol na Sióg, pictiúrleabhar agus dlúthdhiosca ina bhfuil 12 amhrán nuachumtha do pháistí ann. D’oibrigh sí leis An tSnáthaid Mhór leis an leabhar a chur le chéile agus is é Andrew Whitson a mhaisigh an leabhar agus bhí na ceoltóirí Seán Óg Graham, Niamh Dunne agus Brian Finnegan páirteach sa togra ó thaobh an cheoil de.
“Bhí suim ar leith agam sa nádúr nuair a bhí mé óg agus bhí an ceangal sin ann i miotaseolaíocht na hÉireann leis na sióga agus an nádúr agus na crainnte. Bhínn féin ag insint na scéalta sin daofa agus bhí mé ag iarraidh an nasc idir an nádúr agus scéalta na sióg a thaispeáint dóibh.”
D’fhás Ceol na Sióg de réir a chéile agus chuir Gráinne agus a foireann seó scéalaíochta le chéile a chuaigh ar camchuairt chuig scoileanna, leabharlanna agus féilte. Mar chuid den obair sin chuir siad ócáid scéalaíochta ar bun ag Féile an Phobail, i mBéal Feirste, áit ar spreagadh iad le forbairt eile a dhéanamh ar an gcur i láthair.

“Bhí sé deacair aird na bpáistí a choinneáil mar go raibh muid amuigh faoin aer agus bhí go leor rudaí eile ag tarlú timpeall orthu. Chuir muid seó le chéile ina ndeachaigh muid ar ‘Slí na Sí’ agus thig leis na páistí siúl thart agus bualadh le carachtair éagsúla ó na scéalta.”
D’fhás an cur chuige don tsraith podchraoltaí ón taithí a bhí aici féin agus Corcra Media ar an gceol agus an scéalaíocht shníomh ina chéile. Nuair a tháinig maoiniú ó Fhoras na Gaeilge do shraith podchraoltaí do dhaoine fásta, shocraigh sí ar athinsint a dhéanamh ar Tóraíocht Dhiarmuda agus Ghráinne. Bhí bá aici leis an scéal ó bhí sí ina cailín beag.
“Thaitin an scéal seo liom i gcónaí mar gur Gráinne an t-ainm atá ormsa, agus Méabh an t-ainm atá ar mo dheirfiúr agus bhí an dá scéal sin againn, Tóraíocht Dhiarmuda agus Ghráinne agus scéal bhanríon Méabh, an Táin Bó Cuailgne.
“Bhí ceangal agam leis an scéal ar an dóigh sin, agus ansin bhí mé ag obair ar thionscadal le dream as Albain agus chuir muid leagan den scéal leis an tionscadal sin agus tháinig sé le chéile ar bhealach maith.”
Tá an-tábhacht leis an gceol sa tsraith agus tharraing Gráinne ar a cartlann ceoil féin. D’oibrigh sí le Stephen Loughran agus Joseph Campbell McArdle freisin is d’úsáid sí traiceanna ó roinnt dá cuid albam, Corcra agus Ceol na Sióg ina measc.
“D’úsáid mé mo cheol féin uilig sa tsraith agus bhí mé in ann dul isteach agus ceol a phiocadh ó phíosaí a bhí taifeadta agam féin a bhí feiliúnach don scéal seo. Bhí sé ar dóigh mar go dtéann go leor den cheol sin leis na téamaí atá sna scéalta.”
Bhí sé tábhachtach di go mbeadh siad ag leanúint an traidisiúin leis na hinsintí seo agus ag tógáil air freisin. D’éist sí le go leor scéalaithe éagsúla agus í ag réiteach an ábhair don tsraith agus tá a leagan féin ag tarraingt ar na scéalta atá cloiste agus léite aici, ach ag cur rud éigin nua leo, a deir sí.
“D’éist mé le scéalaithe difriúla agus tá stíl ar leith agus leaganacha ar leith acu, tá leagan amháin i nGaoth Dobhair agus leagan eile ar Oileán Thoraí agus bhí mé ag smaoineamh go raibh sé sin iontach.
“D’fhoghlaim siadsan na leaganacha sin agus tá mise ag iarradh cur leis anois ó thaobh leagan úr a scríobh, ach é bunaithe ar na seanscéalta.”
Fág freagra ar 'AGALLAMH LE GRÁINNE HOLLAND: ‘Céard a chaithfeá a dhéanamh le go gcaithfí amach as na Fianna thú?’'