Glaoch na gCoileach agus cuibhriú na mbeithíoch

Ní thagann an nádúr le nósmhaireacht na glúine nua ach deirtear go bhfuil leigheas ar fáil

Glaoch na gCoileach agus cuibhriú na mbeithíoch

Gan coileach, gan cearc. Bean a labhair amach ar son an choiligh i Weiser.

Ar imeall thiar Stát Idaho sna Stáit Aontaithe atá Weiser. Baile beag tuaithe. Tádar oibrithe thall ann faoi cheist na gcoileach. Coinníonn go leor acu cearca ar chúl an tí, agus bíonn coileach sa gcomhluadar acu freisin. Ach tá daoine eile ann a deir go bhfuileadar bodhraithe ag na coiligh. Mar is dual dó, agus mar a cheap an nádúr é, bíonn fonn glaoite ar an gcoileach. Tádar ann atá dúisithe ag na coiligh i lár na hoíche.

Caithfidh comhairle an bhaile – 5,000 duine – cinneadh a thógáil faoi ghlaoch na gcoileach.

Le gairid a chuireamar suim i Weiser sa taobh seo tíre. Cúis bhrónach a bhí ann. Ba ansin i gcampa caorach a bhásaigh Antoine Ghrialais as Cill Bhreacáin i Ros Muc, an paróiste taobh linn. Bhí sé ar dhuine acu siúd a thug an aistear fada orthu féin as Conamara go Státaí Idaho agus Oregon tráth den saol le dhul ag déanamh aoireachta ar chaoirigh amuigh ar an bhfiántas. Scéal neamhghnách imirce a bhí ann idir 1870 agus 1940. Bhásaigh Antoine ina fhear óg go maith; fuarthas a chorp sa gcampa caorach. Chaintigh muid faoi ag ócáid in Ionad na nImirceach an tseachtain seo.

Chuir muid tuairisc faoin mbaile seo Weiser agus fuaireamar amach go bhfuil go leor de sheanbhealaí na tuaithe ann fós. An Meiriceá nach bhfeictear go minic – tá glaoch an choiligh ann de ló agus d’oíche, fiú istigh i lár an bhaile…sin mura gciúnófar é sa saol nua-aoiseach.

Ní thagann an nádúr le nósmhaireacht na glúine nua. Sé an scéal céanna é anseo. Bhí an t-am ann nuair a bhí buailteachas ar bun sa mbaile sin againn féin; daoine ag fanacht amuigh ar an sliabh ag coinneáil súil ar na beithígh. Níl sé d’am ag daoine é sin a dhéanamh anois. Ach, tá leigheas ar fáil, is cosúil; beidh an eolaíocht in ann na beithígh a chuibhriú ar na bánta agus ar na sléibhte, agus sin gan sconsa, gan fál, gan posta ná sreang. Cabhair ó Dhia againn, a deir tú. Agus mar a d’abraíodh Gay Byrne nuair a d’insíodh sé scéal a chuirfeadh iontas ar dhaoine: ‘I kid you not!’

Ar an gcéad iarraidh cuirfear coiléar ar mhuineál na mbeithíoch agus de réir mar atá á bheartú anois, beifear in ann fál fíorúil teicneolaíochta a chur timpeall orthu.

D’fhéadfaí an fál, nó an sconsa teicneolaíoch seo, a mharcáil amach ar an scáileán, ach an córas a bheith feistithe sa teileafón.

De réir mar a bheadh an t-ainmhí ag teannadh leis an marc samhailteach seo, thosódh ceol ag neartú ón gcoiléar ar a mhuineál agus mura gcuirfeadh sin stop leis an mbeithíoch, gheobhadh sé priocadh sa muineál ón gcoiléar.

D’fhágfadh seo gur gearr go dtiocfadh na beithígh isteach ar an gcúis go raibh an ceol ag ardú.

Ceaptar go mbeadh an córas seo an-fhiúntach d’fheilméaraí sléibhe i gceantracha Gaeltachta, áiteacha a bhfeileann sé go scaoilfí na beithígh amach ar an gcoimín. Mar shampla, tá 2,800 acra sa gcoimín ar an mbaile seo againne agus má thosaíonn beithígh ag imeacht rompu – rud a dhéanfaidh siad – beidh siúl agus anró ort ag teacht orthu.

Tá comhlacht amháin i dtuaisceart na tíre ag obair ar an gcóras seo agus á thabhairt go barr feabhais.

Theastódh go gcuirfí roinnt ‘oiliúna’ ar na beithígh i dtosach, mar shampla iad a chur i ngarraí beag sa gcaoi agus go bhfaighidís cleachtach ar an bhfál fíorúíl seo – agus cúpla priocadh beag. Ar ndóigh, cé gur ar an gcoimín fada, fairsing is feiliúnaí a bheadh an córas, is ansin a bheadh roinnt fadhbanna teicniúla freisin. Cuir i gcás go mbeadh fál samhailteach amháin ag trasnaíl ar cheann eile, nó cúpla ceann eile acu?

Sin ceann de na ceisteanna a bheas le réiteach ach is féidir eagar a chur ar an gcóras idir na tionóntaí.

Anois céard faoina coiligh ghlóracha i Weiser? Is measa an cás acusan. Níl aon bhealach eolaíochta ann le glaoch na gcoileach a mhúchadh. Ach tá daoine glóracha a dteastaíonn uibheacha nádúrtha uathu, agus níl cearca agat gan coileach.

Fág freagra ar 'Glaoch na gCoileach agus cuibhriú na mbeithíoch'