Cloífidh an PSNI le caighdeáin teanga an Choimisinéara Gaeilge cé nach gá dóibh

Dúirt Príomh-Chonstábla an PSNI Jon Boutcher le hoifig Phóil Deeds go bhfuil siad ag iarraidh na caighdeáin a chur i bhfeidhm

Cloífidh an PSNI le caighdeáin teanga an Choimisinéara Gaeilge cé nach gá dóibh

Tá sé i gceist ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (PSNI) cloí leis na caighdeáin nua teanga atá le tabhairt isteach ó thuaidh cé nach mbeidh aon cheangal dlí ar an eagraíocht a leithéid a dhéanamh.

Agus é ag labhairt ag comhdháil in Ollscoil Uladh faoi dhea-chleachtais sna húdaráis phoiblí, thug an Coimisinéir Gaeilge Pól Deeds le fios do lucht freastail na comhdhála go ndúirt Príomh-Chonstábla an PSNI, Jon Boutcher lena oifig go bhfuil siad ag iarraidh na caighdeáin a chur i bhfeidhm.

“Tá na húdaráis phoiblí réidh leis seo a dhéanamh [na caighdeáin a chur i bhfeidhm]. Tá daoine ann atá ag iarraidh a gcuid dualgas a chomhlíonadh ach cloisim ó dhaoine arís agus arís eile go bhfuil siad ag iarraidh na dualgais a chomhlíonadh mar is é an rud ceart é le déanamh.

“Dúirt Príomh-Chonstábla an PSNI é. Níl an PSNI ar liosta na n-údarás poiblí atá faoi scáth na reachtaíochta, ach tá siad ag iarraidh é a dhéanamh mar is é an rud ceart le déanamh,” a dúirt Deeds.

Bhí Pól Deeds ar phainéal cainte faoi chathaoirleacht Shiobhán McGarry in éineacht le Coimisinéir na Breatnaise, Efa Gruffud Jones agus an Coimisinéir don Traidisiún Albanach Ultach agus don Traidisiún Briotanach Ultach, Lee Reynolds.

Sheol Rob Dunbar, Cathaoirleach Bhord na Gàidhlig in Albain – tír nach bhfuil coimisinéir teanga inti – teachtaireacht físe chuig an gcomhdháil.

Bhí Coimisinéir Teanga an Deiscirt, Séamas Ó Concheanainn ar chlár na comhdhála ach ní raibh sé in ann a bheith i láthair.

Tá caighdeáin teanga le tabhairt isteach go luath in Albain agus sa dá dhlínse in Éirinn amach anseo. Tá siad i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag le blianta anuas.

Dúirt Deeds gurb é bunús na reachtaíochta teanga ná soláthar seirbhísí agus go bhféadfaí “gnéithe” den soláthar sin a dhéanamh “gan mórán costais”.

“Comharthaíocht atá le hathrú, athrófar é agus cuirfear comharthaíocht nua dhátheangach ina háit. Tá treoir again ó Acht na dTeangacha Oifigiúla sa Phoblacht agus an Chairt [Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh]. Tá cuimse eolais ann ar féidir linn tarraingt air,” a dúirt Deeds.

Mhaígh Deeds gurb ionann mionteangacha an Tuaiscirt agus an “gliú” a choinníonn institiúidí polaitíochta an réigiúin le chéile.

“Is í an teanga bunchloch na síochána, tá sí ríthábhachtach do Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tá siad, na mionteangacha, mar chuid den ghliú a choinníonn ár n-institiúidí polaitíochta le chéile. Tá muid ag forbairt gréasán tacaíochta ar fud na n-oileán seo, Manainn san áireamh, do mhionteangacha,” a dúirt sé.

Tá Deeds ag súil go mbeidh dréacht de na caighdeáin teanga réitithe ag a oifig faoi mhí Mheán Fómhair na bliana seo agus go mbeidh próiseas comhairliúcháin poiblí ann thart ar an am sin. Nuair a bheidh an próiseas sin curtha i gcrích agus cibé moltaí a eascróidh as pléite agus curtha i bhfeidhm, is faoin gCéad-Aire, Michelle O’Neill, agus LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly, na caighdeáin a fhaomhadh.

Tá súil ag Deeds go bhfaomhfaidh ceannairí Shinn Féin agus an DUP na caighdeáin faoi dheireadh na bliana agus go mbeidh feidhm dlí leo ag tús mhí Eanáir 2027.

Ach dúirt sé nár chóir do na húdaráis phoiblí a bheith ag fanacht go bhfeicfidh siad na caighdeáin teanga sula dtosóidh siad ag réiteach lena n-aghaidh.

“Tosaígí ag smaoineamh agus ag pleanáil ag leibhéal corparáideach go bhfeicfidh sibh céard a dhéanfaidh sibh [nuair a thiocfaidh siad isteach]. Tá teimpléad den scoth ag Músaeim Thuaisceart Éireann faoina choinne seo. Dá bhféadfaí tosú ag athrú anois, bheadh sé sin go maith.

“Beidh muid ag iarraidh an cultúr a athrú ó thaobh na heagraíochta agus ó thaobh na ceannaireachta de. Dá bhféadfadh lucht ceannaireachta [na n-údarás] tosú ag pleanáil faoin dóigh a n-athróidh siad na próisis nuair a thiocfaidh na caighdeáin isteach,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Cloífidh an PSNI le caighdeáin teanga an Choimisinéara Gaeilge cé nach gá dóibh'