‘Ní bhraithim go bhfuil go leor móimintim sa státseirbhís maidir leis an sprioc 20%’ – amhras faoi sprioc earcaíochta Gaeilge

Deir an Teachta Dála rialtais Naoise Ó Muirí go raibh an chuma ar an scéal go bhfuiltear ag brath ar dhaoine suim a léiriú i gcúrsa Gaeilge a dhéanamh seachas a bheith ag obair i dtreo sprice

‘Ní bhraithim go bhfuil go leor móimintim sa státseirbhís maidir leis an sprioc 20%’ – amhras faoi sprioc earcaíochta Gaeilge

Tá sé séanta ag an dream atá freagrach as cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil don státseirbhís nach bhfuil dóthain á dhéanamh chun an sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach.

Deir An Foras Riaracháin, a chuireann cúrsaí foghlama agus forbartha ar fáil don tseirbhís phoiblí, go raibh siad tiomanta d’oibriú le daoine eile chun sprioc an rialtais a bhaint amach – gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh chun na seirbhíse poiblí roimh dheireadh 2030.

Tá amhras mór ann go mbainfear amach an sprioc, áfach. Ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo, dúirt an Teachta Dála de chuid Fhine Gael, Naoise Ó Muirí go raibh an chuma ar an scéal go bhféadfaí níos mó a dhéanamh chun oibrithe sa státseirbhís a spreagadh le cúrsaí Gaeilge a dhéanamh.

Dúradh ag an gcruinniú go bhfuil thart ar 50,000 duine ag obair sa státseirbhís i láthair na huaire agus gur thug 27,000 acu faoi chúrsa éigin de chuid an Fhorais Riaracháin anuraidh, idir chúrsaí a mhair cúpla uair an chloig go dtí daoine a bhí ag tabhairt faoi dhochtúireacht. 700 acusan a thug faoi scrúduithe Gaeilge TEG.

Dúirt Ó Muirí go raibh an chuma ar an scéal go raibh an Foras Riaracháin ag brath ar dhaoine suim a léiriú i gcúrsa Gaeilge a dhéanamh seachas a bheith ag obair i dtreo sprice.

“Ní bhraithim ón tuairisc [de chuid an Fhorais Riaracháin] go bhfuil go leor móimintim sa státseirbhís faoi láthair maidir leis an sprioc do 2030,” a dúirt an Teachta de chuid Fhine Gael.

“Bhí mé ag súil go ndéarfaí ‘Tá 50,000 duine [ag obair sa státseirbhís], 20% de 50,000, sin 10,000. Mar sin, beidh muid ag cur ‘X’ duine tríd [an Foras] nó córas eile chun an sprioc sin a bhaint amach’.”

Dúirt Helen Brophy, Ard-Stiúrthóir an Fhorais Riaracháin, nár aontaigh sí le ráiteas Uí Mhuirí agus go raibh an sprioc 20% ina tosaíocht acu.

“Tá plan ann don sprioc 20% agus tá muid cinnte mar chuid den éiceachóras atá ag cuidiú leis sin. Dhá bhliain ó shin, roimh 2024, ní raibh aon ról ag an bhForas i soláthar na Gaeilge. Seo cúram nua atá glactha againn,” a dúirt sí.

Dúirt Brophy go mbíonn an Foras ag brath ar eagraíochtaí cead a thabhairt do dhaoine tabhairt faoi na cúrsaí agus íoc astu.

Níl an t-ardán foghlama a chuireann an Foras ar fáil ar fáil do ach státseirbhísigh i láthair na huaire, ach dúirt Brophy go raibh ardán nua á fhorbairt agus go raibh sé i gceist é a chur ar fáil do dhaoine a bhí ag obair sa tseirbhís phoiblí de réir a chéile. Tá thart ar 425,000 duine ag obair sa tseirbhís phoiblí faoi láthair agus deir an Foras go bhfuil súil acu go mbeidh teacht ag 110,000 acu ar chúrsaí Gaeilge ar an ardán nua faoi 2030.

“Méid mór é 20% agus caithfidh tú breathnú ar cén chaoi go bhfuil tú chun na cúrsaí a chur ar fáil ar scála níos mó,” a dúirt Brophy. “Ní féidir braith ar na modhanna traidisiúnta foghlama agus an múineadh chun scála sin a bhaint amach.”

Dúirt Brophy go dtabharfadh an t-ardán nua níos mó deiseanna foghlama do dhaoine agus go mbeadh daoine in ann foghlaim ar a luas féin agus go bhféadfaí féinmheasúnú a dhéanamh. Dúirt sí go gcruthódh an intleacht shaorga tuilleadh deiseanna chomh maith agus go raibh sé sonraithe ag an bhForas do sholáthraithe bogearraí go gcaithfeadh á dtáirgí a bheith in ann ábhar Gaeilge a chur ar fáil.

Fág freagra ar '‘Ní bhraithim go bhfuil go leor móimintim sa státseirbhís maidir leis an sprioc 20%’ – amhras faoi sprioc earcaíochta Gaeilge'