In éineacht le Bridget, Maitiú agus Seán Tadhg ar an eagrán deireanach de ‘An Pod Gaeilge’ don séasúr seo, tá an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú. Pléitear tréimhse uachtaránachta sé mhí na hÉireann ar an Aontas Eorpach agus labhraíonn an feisire de chuid Fhianna Fáil linn faoi shaol an pholaiteora san AE.
Pléitear, i measc go leor eile, caidreamh mhuintir na hÉireann leis an AE, fás na heite fíordheise agus stádas na Gaeilge san Eoraip. Tá Maitiú linn ó chomhdháil cearta teanga i mBéal Feirste agus scéal nuachta te bruite aige faoi chúrsaí teanga ó thuaidh.
Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: ‘Ba cheart don rialtas cárta na huachtaránachta a imirt ar son Gaeilge’'