LEABHAIR
Léamh le Tristan Rosenstock i nDún Laoghaire
Beidh an scríbhneoir Tristan Rosenstock ag léamh sleachta as Inis Mara 3 ag ócáid i Leabharlann an Lexicon i nDún Laoghaire ag a 6.30pm, Dé Luain an 29 Meitheamh 2026. Seo é an t-eagrán is deireanaí ina shraith úrscéalta do léitheoirí óga idir 10 agus 14 bliain d’aois
Scríofa ag Tristan Rosenstock, maisithe ag Mark Wickham, agus foilsithe ag LeabhairCOMHAR scagtar téamaí a bhaineann le cúrsaí timpeallachta, pobail, agus athrú aeráide sna húrscéalta taitneamhacha seo. Tuileadh eolais agus bileoga oibre anseo.
FÉILE
Micheál D. Ó hUigínn ag caint ag Féile Aeráide na Gaillimhe
Beidh an t-iar-uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ag glacadh páirt i gcomhrá poiblí ag Féile Inspioráidí Aeráide na Gaillimhe ar an Domhnach an 28 Meitheamh ó 3.30pm-4.35pm i bPuball na Féile i bPáirc an Athar de Búrca. Beidh Ó hUigínn ag caint leis an scríbhneoir Ruairí McKiernan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin IDEA agus beidh ceol beo le Áine Tyrell agus léamh filíochta le Princess Mimi Chukwudi mar chuid den imeacht seo freisin.
Os cionn 30 imeacht a bheidh ar bun mar chuid den fhéile i mbliana. I measc na mbuaicphointí beidh cainteanna le Harrison Gardner, John Gibbons agus leis an Dr Patrick Collins. Cuirfear gigeanna beo le Jiggy, An Tara, na hEasóga agus go leor eile ar stáitse i rith na féile.
CEOL
An Chúirt Chruitireachta – féile idirnáisiúnta na Cruite
Beidh féile idirnáisiúnta na cruite, An Chúirt Chruitireachta, ar bun ón 28 Meitheamh go dtí an 3 Iúil in An Grianán i nDroichead Átha agus ag ionaid eile ar fud an bhaile. Cuirfear tús leis na himeachtaí ar an Aoine leis an gclárú ag a 3pm agus beidh ceolchoirm ‘Fáilte Isteach’ le Éadaoin Ní Mhaicín, agus Louise Mulcahy agus Michelle Mulcahy an tráthnóna sin ag 7.30pm.
Cuirfear ceardlanna éagsúla ar bun i rith an lae i rith na féile le ceoltóirí éagsúla, ina measc Deirdre Granville, Sylvia Crawford. Tá rogha mhór ceolchoirmeacha beartaithe i rith na féile sna tráthnóntaí. I measc na gceoltóirí a bheidh ar stáitse beidh Catrin Finch agus Aoife ní Bhriain.
Beidh Síle Denvir ag glacadh páirt sa bhféile agus ceardlann maidir le tionlacain amhráin á reáchtáil aici ar an Déardaoin an 2 Iúil. Glacfaidh Denvir páirt sa Finalé Concert tráthnóna Déardaoin i dteannta Barry Kerr agus an bhuíon Luamháin Premieres.
Gach eolas agus clár na féile ar fáil anseo.
Ceolchoirm mhór ag RnaG agus RTÉ i nGort a’ Choirce
Cuirfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ ceolchoirm speisialta ar stáitse i nGort an Choirce a dhéanann ceiliúradh ar na hamhráin is ansa leis na Gaeil, amhráin a mhol an lucht éisteachta sa bhfeachtas #AmhránRnaG ar an gclár Cóisir Cheoil.
Is i dTeach Pobail Chríost Rí i nGort a’ Choirce i nGaeltacht Dhún na nGall a bheidh an ceolchoirm ar an gCéadaoin, an 7ú Deireadh Fómhair 2026. Beidh an ócáid seo mar chuid de chomóradh céad bliain RTÉ ar an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn, agus ceann de na himeachtaí atá luaite le hUachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Craoladh eagrán speisialta den Chóisir Cheoil le Ceolfhoireann Coirme RTÉ beo ó Stiúideo a hAon i nDomhnach Broc i rith na seachtaine, áit ar fhógair Dónall Mac Ruairí an cheolchoirm agus an liosta ó 10 – 1 de na 40 amhrán is ansa leis na Gaeil.
Chun blaiseadh a thabhairt don mhéid a bheidh le cloisteáil ag an gceolchoirm mhór i mí Dheireadh Fómhair, chan cuid de na ceoltóirí óga is cumasaí sa tír trí amhrán ón liosta beo ar an gclár, in éineacht leis an gCeolfhoireann. Chas Méabh Ní Bheaglaoich, leagan de Bruach na Carraige Báine, in ómós dá hathair, Séamus Ó Beaglaoich. Chan deirfiúracha ceolmhara Ráth Chairn, Máire agus Étáin Ní Churraoin leagan álainn d’Óró Sé do Bheatha ‘Bhaile, agus chan Piaras Ó Lorcáin as Ard Mhacha an seanamhrán cáiliúil as Oirialla, Seán Gabha.
An tAmhrán is Ansa Linn (1-10)
Amhrán Mhaínse – Nan Tom Teaimín de Búrca
Bruach na Carraige Báine – Begley & Cooney
Pócaí Folamh is Cloigeann Tinn – John Beag
Óró Sé Do Bheatha Abhhaile – Darach Ó Catháin
Samhradh Samhradh – The Gloaming
An Cailín Álainn – Tomás Mac Eoin
Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair – Altan
An Dreoilín – Seán Monaghan
An Phalaistín – Róisín Elsafty
Casadh an tSúgáin – The Bothy Band
Pobal
32 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta fógartha ar Ghearrliosta Ardán 2026
Tá áit ar Ghearrliosta Ardán 2026 bainte amach ag 32 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta.
Fógraíodh an gearrliosta ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo. Chuir breis agus 60 grúpa isteach ar Ardán 2026, comórtas nua a thagann i gcomharbacht ar chomórtas stairiúil Ghlór na nGael. Seo é an rannpháirtíocht is airde riamh i gComórtas Náisiúnta Ghlór na nGael.
Bronnfar duaiseanna ar gach grúpa a bhfuil áit bainte amach acu ar an ngearrliosta. €83,000 an duaischiste iomlán atá ann do Ardán 2026, lena n-áirítear €20,000 don chéad áit agus €10,000 don dara háit, chomh maith le duaiseanna sna hocht gcatagóir agus deich nduais aitheantais speisialta.
Is iad na hocht gcatagóir atá sa chomórtas: An Óige; An Teaghlach; An Ghaeltacht; Oideachas; Tacaíochtaí Pobail & Folláine; Gnó & Fiontraíocht; Labhairt na Gaeilge; agus Caomhnú Comhshaoil agus Caomhnú Oidhreachta.
Beidh Ardán 2026 ar siúl in Óstán Chonnacht, Gaillimh, ar an 19 Meán Fómhair 2026.
Tuilleadh eolais anseo.
Fág freagra ar 'CULTÚR: ‘Inis Mara 3’, Ardán 2026, RnaG agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ i nGort a’ Choirce'