An chontúirt sheasta go dtitfeadh Stormont a chur ar ceal. Ba é deireadh a chur leis an veto atá ag an dá mhórpháirtí an príomh-mholadh ag Sinn Féin i gcáipéis a foilsíodh le gairid. Cé gurb iad an páirtí náisiúnach agus an páirtí aontachtach is mó a bheidh i dteideal na Céad agus LeasChéad-Aireachta tá Sinn Féin ag moladh nach dtitfeadh Stormont dá ndiúltódh ceann acu a bheith rannpháirteach sa bhFeidhmeannas.
Athrú mór ar sheasamh an pháirtí is ea é sin, an chumhacht a bhronn an veto orthu a thabhairt suas. Ní raibh siad toilteanach é a chealú nuair a bhí siad níos lú ná an DUP agus tá leas bainte as ag an dá pháirtí. Thit Stormont in 2017 nuair a shiúil SF amach agus in 2022 nuair a rinne an DUP an cleas céanna. Nuair a d’fhill siad dhá bhliain ó shin i ndiaidh bhaghcat an DUP ní raibh na Céad-Airí Michelle O’Neill Shinn Féin agus Emma Little-Pengelly an DUP sásta barántas a thabhairt san Tionól nach leagfadh a bpáirtithe Stormont arís.
Bhí na héilimh ar leasuithe ag treisiú san tréimhse ó shin i bhfianaise na mífheidhme. Ba iad Alliance agus SDLP ba ghlóraí ag iarraidh athruithe ach chuir míshástacht an phobail agus díomá lucht leanúna Shinn Féin leis an mbrú. Sé seachtaine ó shin gheall Michelle O’Neill ag Ard-Fheis a páirtí i mBéal Feirste go bhfoilseofaí moltaí leasuithe go luath. Ní léir arb é fearg a lucht tacaíochta faoi theip ar thosaíochtaí Shinn Féin atá taobh thiar den seasamh nua nó an bhfuil cúis éicint eile leis.
Dé Luain seo caite d’eisigh sí an cháipéis ‘Ag Tógáil Polaitíochta Feabhsaithe’. Aitheantas is ea é gur gá don bhFeidhmeannas díláraithe seirbhís i bhfad níos éifeachtaí a sholáthar don bpobal agus nach mór a dhul i ngleic le leochaileacht na hinstitiúide.
Chothófaí seasmhacht mura mbeadh baol ann go dtitfeadh Stormont dá ndiúltódh mórpháirtí a ról a ghlacadh sa bhFeidhmeannas nó dá siúlfadh sé amach. Moltar sa gcás sin go mbeadh an chéad pháirtí eile i dteideal áit an mhórpháirtí a thógáil. Níl sé lánsoiléir cé mar a d’oibreodh sé sin ach d’fháiltigh formhór na bpáirtithe eile roimhe.
Bhí siad sin a d’éiligh leasuithe roimhe seo sásta gur chosúil go raibh príomhpháirtí an Tionóil ag druidim níos gaire dóibh, toilteanach a bheith páirteach sa bplé.
Níorbh amhlaidh an scéal ag an DUP. Bhí caint ar leasuithe cáinte ag Emma Little-Pengelly sular foilsíodh an cháipéis. Dúirt ceannaire an DUP, Gavin Robinson, go léifeadh sé na moltaí go cúramach ach bheadh patuar ábhairín ródhearfach mar chur síos ar a fhreagra. Dúirt an UUP go dteastaíonn leasuithe uathusan freisin cé gur deacair a dhéanamh amach céard a shásódh a gceannaire Jon Burrows.
Teastaíonn ó Shinn Fein deireadh a chur leis an veto ar thoghadh an Cheann Comhairle freisin. Is trí dhiúltú vótáil do spéicéir a choinnigh an DUP a mbaghcat ag imeacht ar feadh dhá bhliain; d’athródh cealú ar an riachtanas le vóta trasphobail an scéal. Molann siad freisin go mbeadh níos mó trédhearcachta faoi chinntí a dhéanann an Ceann Comhairle.
Tá trí mholadh eile sa cháipéis. Siad sin:
- aitheantas do vótaí na dTeachtaí a dtugtar ‘Eile’ orthu, na daoine nach nglacann le lipéad náisiúnach ná aontachtach (Alliance, Pobal Seachas Brabús & Comhaontas Glas nuair is ann dóibh)
- roghnú an Aire Cirt a chur ar bhonn D’Hondt fearacht gach aireachta eile
- cumhacht fhioscach a dhílarú.
Má bhí súil le dianphlé ar mholtaí leasuithe i ndiaidh chasadh SF bhí thiar ar dhaoine. Cheistigh go leor cén fáth a mbeadh cumhacht fhioscach uathu ós beag a dhéantar leis an mbeagán atá acu cheana féin. Bheadh go leor le cíoradh faoi conas a roinnfí cumhacht dá n-athrófaí cé a bheadh i dteideal a bheith sa chomh-chéad-aireacht. Sé an scéal céanna é maidir le cothromaíocht do na páirtithe ‘Eile’ fad is a choinneofar córas atá bunaithe ar roinnt idir aontachtaithe agus náisiúnaithe.
Bíodh sin mar atá, tá a fhios ag cait an bhaile go bhfuil gá le hathruithe. D’éiligh Claire Hanna, ceannaire SDLP, agus Eoin Tennyson, leas-cheannaire Alliance, go n-eagródh an dá rialtas próiseas athbhreithnithe gan mhoill. Deir siad nach mór leasuithe a aontú go haibéil ionas go bhféadfadh Westminster iad a chur ar bhonn reachtúil in am do thoghchán Tionóil na Bealtaine seo chugainn.
N’fheadar cén seans go mbeadh na rialtais dírithe ar na cúrsaí seo luath go leor chun an clár ama sin a shásamh. Thairis sin tá doicheall an DUP roimh leasuithe follasach, a mámh á chosaint acu. D’uireasa a dtacaíochta siúd, an cáipéis eile í an ceann seo don charn ar an tseilf?
Fág freagra ar 'Port Shinn Féin athraithe faoi leasuithe ar Stormont'