Rabhadh buí stoirmeacha toirní i bhfeidhm i roinnt ceantar sa tír

Bhí údaráis sláinte ar fud na hEorpa ar a ndícheall ar an Aoine ag cur comhairle sláinte ar dhaoine agus an brothall ag scaipeadh trasna na mór-roinne

Rabhadh buí stoirmeacha toirní i bhfeidhm i roinnt ceantar sa tír

Tá rabhadh buí stoirmeacha toirní i bhfeidhm i roinnt ceantar sa tír seo agus an teocht ard fós linn.

Ag a sé a chlog tráthnóna inniu a thiocfaidh an rabhadh sin as feidhm i gConnachta agus in aon chontae dhéag eile – Cabhán, an Clár, Tiobraid Árann, An Iarmhí, Uíbh Fhailí, Laois, Cill Dara, Muineachán, Longfort, an Mhí agus Dún na nGall.

Tá fainic á cur ag Met Éireann go bhféadfadh fuarlaigh a bheith in áiteanna de bharr na stoirmeach toirní, go bhféadfadh trioblóid a bheith leis an taisteal agus damáiste déanta do na seirbhísí cumhachta, uisce, gáis agus teileachumarsáide.

Seasfaidh an foláireamh ardteochta don tír ar fad go dtí a 9.00am amárach.

I ráiteas ón mBord Soláthair Leictreachais, dúradh go raibh suas le 8,000 teach fós gan aon aibhléis nuair a bhuail an tintreach an córas agus dúradh go raibh na hoibrithe i mbun deisithe faoi láthair.

D’fhéadfadh custaiméirí eile a bheith buailte tráthnóna agus cuirtear comhairle ar dhaoine fanacht amach ó cháblaí contúirteacha a bhíonn tite agus scéala a chur ag an BSL ar an bpointe.

Is é tuar Met Éireann go mbeidh an la amárach níos ‘fionnuaire’ ná na cúpla lá seo caite agus an tonn teasa a loisc an tír ag séalú léi.

‘Scamallach agus múraíl bháistí’ atá á ghealladh don Satharn i ngach ceantar leis an maidin ach amach sa lá beidh sé ina dhíle thoirní i lár tíre agus san oirthear. Meastar nach ngabhfaidh an teocht thar 23C.

Bhí údaráis sláinte ar fud na hEorpa ar a ndícheall ar an Aoine ag cur comhairle sláinte ar dhaoine agus an brothall ag scaipeadh trasna na mór-roinne.

Sáraíodh uasteocht an Mheithimh sa mBreatain agus sa bhFrainc. Táthar ag tuar gur in olcas a ghabhfas an teas san Iodáil ag an deireadh seachtaine agus 40 céim Celsius cláraithe ansin den chéad uair an samhradh seo.

Chuir oifig aimsire ana Breataine an lá inniu leis an bhfoláireamh dearg teasa i gcuid mhór de dheisceart Shasana, an chéad uair gur mhair rabhadh dearg ardteochta trí lá as a chéile.

Tá foláireamh ‘cód dearg’ i bhfeidhm i bhformhór na hÍsiltíre.

Fág freagra ar 'Rabhadh buí stoirmeacha toirní i bhfeidhm i roinnt ceantar sa tír'