Le deireadh an Chogaidh Fhuair agus díscaoileadh an Aontais Shóivéadaigh, d’fhéadfaí maithiúnas a thabhairt dóibh sin a chreid go soineanta i scéalaíocht NATO (Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh) roimhe dá mbeadh siad ag glacadh leis go raibh Eoraip shíochánta amach rompu.
Faraor, níor díscaoileadh NATO féin, fiú in éagmais ‘bhagairt na Sóivéadach’. Cuireadh bagairtí nua i dtoll a chéile: Jiohádachas Ioslamach, impiriúlachas Rúiseach athbheoite, ollionsaí eacnamaíoch na Síne. Bhí an Chéad Chogadh Fuar thart, ach tá an Dara Cogadh Fuar tagtha ina áit anois.
Is le hionsaí SAM/Iosrael ar an Iaráin agus i dtrinsí na hÚcráine, áit ina bhfuil pleananna NATO leathnú go dtí teorainn na hÚcráine á scriosadh, atá an Cogadh Fuar seo éirithe te.
Ar an leibhéal domhanda, is streachailt é an Dara Cogadh Fuar idir an ollchumhacht atá i réim, na Stáit Aontaithe, agus an t-iomaitheoir atá ag teacht chun cinn, an tSín. Agus d’fhéadfadh SAM an Dara Cogadh Fuar seo a chailliúint.
An chúis shimplí: tá cuspóir straitéiseach Mheiriceá – ceannas míleata buan SAM in Oirthear na hÁise, san Eoraip, agus sa Mheánoirthear – i bhfad róchostasach le baint amach, agus tá fiachas SAM chomh mór sin nach féidir é a chothú.
I gcodarsnacht leis sin, maidir le is an gcuspóir atá ag an tSín agus ag an Rúis – domhan ilpholach le réimsí tionchair ag mórchumhachtaí – ní hamháin gur féidir é ach is dócha go bhfuil sé dosheachanta. Is féidir le dragan na Síne agus béar na Rúise fanacht go foighneach go dtí go n-ídíonn Uncail Sam é féin de bharr na ró-uaillmhéine, díreach mar a rinne sé nuair a thréig sé Vítneam, an Iaráic agus an Afganastáin.
Tuigeann na daoine is géarchúisí i bhfithis Trump é seo. Ach ní féidir leis an réimeas ina iomláine cur in aghaidh bhotúin straitéise an uabhair agus na neamhrialtachta, a bhí ina saintréith ag go leor rialtas Meiriceánach i ndiaidh an Chogaidh Fhuair – go deimhin, le cogadh nua na hIaráine, léirigh lucht Trump an claonadh agus é faoi lán seoil i gceart.
Ní hé an réimse míleata an t-aon réimse ina bhfuil SAM ag cailleadh an Dara Cogadh Fuar. Cibé acu cogadh te nó fuar atá i gceist, i ndeireadh na dála fágann coimhlintí nua-aimseartha na mórchumhachtaí lorg mór ar chúrsaí eacnamaíochta.
Mar a tharla sa dá Chogadh Domhanda agus sa Chéad Chogadh Fuar, is iondúil go mbíonn an bua ag an taobh a bhfuil acmhainní tionsclaíochta níos fearr aige.
Sa bhliain 2025, rinne an tSín níos mó earraí ná mar a rinne na hocht dtír is mó monaraíochta le chéile. Chomh maith le bheith ina ‘ceardlann’ ag an domhan mór, tá an Ríocht Láir i gceannas ar an trádáil dhomhanda. Sa lá atá inniu ann, ní bhíonn ach 30% de thíortha an domhain i mbun níos mó trádála le Stáit Aontaithe Mheiriceá is a bhíonn siad leis an tSín, laghdú ó 80% ag tús na mílaoise.
Céard é, mar sin, an buntáiste comparáideach atá ag Meiriceá thar an tSín mar ollchumhacht? Tá an tSín imithe chun cinn ar SAM ó thaobh déantúsaíochta de, ach tá SAM chun tosaigh ar fud an domhain sa mhíleatachas. Ó cuireadh tús le dara téarma Trump i mí Eanáir 2025, tá na Stáit Aontaithe tar éis rialtais nó gníomhaithe neamhstáit a bhuamáil i seacht dtír – an Iaráin, Veiniséala, an Nigéir, an Iaráic, an tSiria, Éimin, agus an tSomáil.
Cén fáth nach mbeadh dearcadh níos fabhraí ag daoine i náisiúin ar fud an domhain ar an tSín, a dhéanann earraí tomhaltóra den scoth agus a thairgeann deiseanna trádála agus infheistíochta, ná mar a bheadh acu ar na Stáit Aontaithe, a mbíonn claonadh iontu, is cuma cén t-uachtarán nó páirtí atá i bhfeighil, a bheith ag marú daoine i dtíortha iasachta agus iad ag maíomh gurb iad an tír is mó riamh iad?
I ndeireadh na dála, tá ord nua domhanda ilpholach dosheachanta, toisc nach raibh vótálaithe Mheiriceá riamh sásta ó thit Múr Bheirlín an praghas a íoc, in airgead nó i bhfuil, le go mbeadh na Stáit Aontaithe ina ‘n-ollchumhacht aonair’ i ngach réigiún ar domhan ar feadh na nglún nó na gcéadta bliain.
Shíl vótálaithe Mheiriceá gur níos lú den idirghabháil mhíleata gan ghá a bhí á fháil acu nuair a toghadh Barack Obama in 2008 agus nuair a toghadh Trump in 2016 agus in 2024. Ach sheol Obama cogaí nua ar mhaithe le hathrú réimis sa Libia agus sa tSiria, agus, tá Trump anois tar éis tús a chur leis an tríú Cogadh Murascaille, cogadh tubaisteach nach raibh gá leis.
Ach luath nó mall, cuirfidh tuirse an chogaidh atá le brath anois i measc mhuintir Mheiriceá deireadh le fantaisíocht an Pax Americana, atá tógtha ar dhróin agus ar bhuamaí.
Fág freagra ar 'Tiocfaidh deireadh leis an Pax Americana atá tógtha ar dhróin agus ar bhuamaí'