Dáileog dopaimín as an gcófra – caith díot na balcaisí dubha dorcha gruama

Nuair a chaithimid dathanna a thaitníonn linn ardaíonn sé sin ár leibhéal dopaimín. Mar sin más maith leat buí…caith é!

Dáileog dopaimín as an gcófra – caith díot na balcaisí dubha dorcha gruama

Anois teacht an Earraigh agus é in am go maith ag an lá dul chun síneadh tar éis geimhreadh fada fuar fliuch.

An bhfuil duine sa dúthaigh, nó in aon áit idir chathair is tuath, nach bhfuil ag mallachtaíl is ag eascainí ar an tsíorbháisteach atá againn ó thús na bliana seo anuas?

Ach anois go bhfuil sámhnas beag againn agus sin ag breith chugainn féin, agus ár gcoisreacan fhéin ar eagla go gciorróimis í, nó go gcuirfimis an gomh ar dhéithe na haimsire, cad is féidir linn a dhéanamh sinn féin chun an duairceas a scaipeadh agus éirí croí a chur ionainn féin ar shlí bheag éigin?

Dopamine Dressing, a dhuine cad eile!

Sin í an chomhairle a chuir óig bhean ar m’aithne orm le fíordhéanaí.

Ach cad é sin, arsa tusa?

Caith díot na balcaisí dubha dorcha gruama. Caith uait brat an dobróin.

Cuir ort éide ghlé gheal, bán is buí agus ar ndóigh bándearg.

Sin iad na dathanna a ardóidh do chroí.

Tá staidéar déanta ag síceolaithe agus saineolaithe ar an ábhar seo, ní nach ionadh.

De réir dealraimh cruthaíonn ár gcorp dopaimín, sórt néar-tharchuradóir é, a sheolann teachtaireachtaí go dti néarchealla an choirp.

Agus is mó feidhm atá ag an dopaimín céanna.

Nuair a bhraitheann duine go maith, is de bharr steall breá dopaimín a bheith gafa tríd na cealla, gríosaíonn san sinn chun leanúint leis an iompar céanna chun a thuilleadh de a chruthú.

Nuair a théimid ag siopadóireacht, mar shampla. agus nuair a cheannaímid earra nó balcais a thaitníonn linn, seolann sruth breá dopaimín trínár gcealla agus braithimid go hiontach. Cuireann sé fonn orainn leanúint ar aghaidh leis an gceannach, rud nach bhfuil róshláintiúil dár sparán faraor.

Nuair a chaithimid dathanna a thaitníonn linn ardaíonn sé sin ár leibhéal dopaimín de réir dealraimh.

Más maith leat buí…caith é!

Gheobhaidh instealladh dopaimín tríot is beidh éirí croí ort, láithreach.

Caith uait an seanrá a deir, más peaca a bheith buí, tá na mílte damanta!

Más maith leatsa buí, ardóidh sé do chroí.

Más maith leat dearg, cuir umat é! Líonfaidh sé do chroí is do chuisle le sruth suaimhnis is ardú meanman.

Ní mór na nathanna cainte ar m’eolas a luann dathanna ar leith ach tá siad iomadúil sa Bhéarla de réir mo thuisceana.

Nuair a bhíonn lucht an Bhéarla in ísle brí is minic go ndeireann siad go mbíonn siad ‘feeling blue’.

Éinne acu a chuireann racht feirge astu, deir siad go mbíonn siad ‘seeing red’ agus má bhíonn siad formadach bíonn siad ’green with envy’. Aon duine acu atá sásta leis an saol bíonn siad ‘in the pink’.

N’fheadar an bhfuil teacht ag lucht an Bhéarla ar níos mó dopaimín ná an chuid eile againn? Ach tá’s againn anois conas an ghruaim a ghlanadh ar feadh tamaillín pé scéal…caith dathanna gléineacha go dtí go dtagann an chéad scrabhadh eile aniar aduaidh orainn.

Ach ná tagadh an conach dearg orainn mura n-oibríonn an teoiric seo.

Fág freagra ar 'Dáileog dopaimín as an gcófra – caith díot na balcaisí dubha dorcha gruama'

  • Pádraig

    Cad déarfá le
    “…dhubhaigh is ghormaigh orm ?”
    An bhfuil col againn sa tír seo le dathanna geala mar nach maith linn ‘ceann’ a dhéanamh dínn féin?
    Más fíor sin ní raibh sé amhlaidh i gcónaí, go háirithe i measc na bantrachta.
    Bhí lé thar meon ag na mná anallód le cuilteanna, ceannbhearta, éadaí, ‘tea cosies’ dathgheala, ildaite.
    Bhíodh seitil/fuinneoga/doirse ag glioscarnaigh le péint dhearg agus aol geal glé curtha fés na fallaí ar fad ach a ngealfadh an aimsir.
    Táimíd fachta fíor-choimeádach ó thaobh dathannachta de anois.
    Féach an Spáinnéarach spleodrach, spiagaí i gcónaird le libhré dubhach dorcha an ghnáth-Éireannaigh, mar shampla.
    Agus na tithe liatha leamha nó na foirgnimh nua úrghránna aondathacha phoiblí sin go léir
    (“f— off architecture!”) atá ar fuaid na tíre.
    Sanntaímid, mar dhaoine, an ‘gealas i lár na léithe’ (PÓ Cíobháin) chun árdú meanman a thabhairt dúinn féin agus cuidíonn dathanna geala go mór linn san aidhm sin.
    Ceiliúradh ar ghile is ar áilleacht an tsaoil is ea an dathannacht
    agus, dá bhrí sin, déanaimís ceiliúradh….ach ní gá dhúinn imeacht bán ar fad!