Cúis ghairdeachais ag Gaeilgeoirí sa chúirt i mBéal Feirste, ach ní breac ar an bport é polasaí teanga go fóill

Maíodh san Ard-Chúirt i mBéal Feirste an tseachtain seo go raibh comhairle na cathrach ag brú na Gaeilge ar aontachtaithe agus ag déanamh dochar dóibh

Cúis ghairdeachais ag Gaeilgeoirí sa chúirt i mBéal Feirste, ach ní breac ar an bport é polasaí teanga go fóill

Cuireadh fáilte mhór roimh rialú na hArd-Chúirte i mBéal Feirste a chaith amach dúshlán aontachtach do pholasaí Gaeilge na Comhairle. Ní breac ar an bport é an polasaí go fóill ach tugann an breithiúnas aitheantas poiblí agus feiceálacht na teanga sa chathair céim níos cóngaraí.

Faoin dréachtpholasaí Gaeilge a d’fhógair Comhairle na Cathrach anuraidh bheadh an Ghaeilge á cur chun cinn agus bheadh sí le feiceáil ar lógó na Comhairle, ar fheithiclí, ar pháipéarachas, ar éide agus ar fhoirgnimh.

Dhiúltaigh aontachtaithe don dréachtpholasaí agus rinne siad ‘glaoch isteach’ air – modh chun an cinneadh a athscrúdú. Is féidir le 15% de chomhairleoirí glao isteach a dhéanamh faoi chinneadh a ndeir siad go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh do chuid den phobal. Má dhéantar aighneacht, ní mór comhairle dlí a fháil faoin gceist; sa gcás go ndeirtear go bhfuil bunús leis an agóid is féidir an scéal a chur faoi bhráid na gcomhairleoirí in athuair.

Thóg ball den TUV, Ann McClure, cás cúirte i gcoinne an chinnidh agus an chleachtais, agus mhaígh sí gur sháraigh comhairleoirí a gcuid buanorduithe féin agus an dlí.

Dé Máirt seo caite, rialaigh an Breitheamh Paul McLaughlin nár bhris an Chomhairle an dlí agus nár chuir siad a gcuid buanorduithe as a riocht. Níor sháraigh siad an tAcht Rialtais Áitiúil ná rialacha imeachta na Comhairle, ar sé. Mhaígh Ann McLure agus a lucht tacaíochta go raibh neamhaird á déanamh ag an gComhairle ar chearta an mhionlaigh aontachtaigh agus go ndéanfadh brú na Gaeilge orthu dochar dóibh.

Bhí dhá aidhm fite fuaite lena chéile ag na gearánaithe. Bhí siad sa tóir ar chúngú ar rialacha agus buanorduithe na Comhairle a bhí ina dúnáras ag aontachtaithe tráth ach ar a bhfuil siad sa mhionlach anois. Agus i mullach gach ní bhí siad ag iarraidh bac a chur ar neartú na Gaeilge abhus.

Bhí iarracht déanta ag na gearánaithe na rialacha imeachta maidir le ‘glao isteach’ faoin Acht Rialtais Áitiúil a athmhúnlú. Ceist theicniúil ab ea í sin. Mhaígh roinnt gur iarracht a bhí ann chun cearta do mhionlaigh a iompú bunoscionn chun leas a bhaint astu mar veto polaitiúil.

Dá mbeadh an lá leo bheadh ciallachais ag an gcinneadh do gach údarás áitiúil sa Tuaisceart, toradh a cheaptar a mbeadh iarmhairtí gan choinne air faoi ábhair nach mbaineann leis na cathanna cultúir. Seans nár chaithréim d’aontachtaithe a bheadh ann i ngach cás.

Níor chuir Ann McClure achomharc as an áireamh, áfach. Ionsaí ar a féiniúlacht is ea cur chun cinn na teanga dar léi. Dúirt sí go raibh aontachtaithe á bplúchadh le Gaeilge. Chuir an dúshlán cúirte moill leathbhliana ar fheidhmiú pholasaí na Comhairle agus chuirfeadh achomharc síneadh fada eile leis. Cé go bhfuil borradh faoi shuim sa teanga i roinnt ceantar aontachtach ní raibh aon mhaolú ar choimhthíos an TUV agus eite den DUP le haitheantas don Ghaeilge, gan trácht ar stádas oifigiúil.

D’éiligh Conradh na Gaeilge go gcuirfeadh Comhairle na Cathrach an polasaí Gaeilge i bhfeidhm gan a thuilleadh moille. Beidh le feiceáil cé na constaicí a chuirfear sa mbealach ar an gcéad chéim eile. Cás sa Chúirt Achomhairc? B’fhéidir, cé nach léir cén bonn a bheadh leis.

Tá líon áirithe cearta buanaithe san Acht cultúir agus féiniúlachta agus tá údarás ag an gCoimisinéir Gaeilge chun scothchleachtais a leagan amach. Dul chun cinn suntasach is ea an méid sin. Ach ní ghearrtar pionós ar bith as tarraingt na gcos. Is beag nach mbíonn ar lucht feachtais a dhul i muinín na gcúirteanna chun na céimeanna forbartha is lú don Ghaeilge a bhaint amach.

Is iomaí breithiúnas i bhfabhar cearta teanga atá tugtha sna cúirteanna le scór bliain, liosta acu ag rialú gurbh fhaillí i ndualgas an Fheidhmeannais é gan straitéis na Gaeilge a bheith foilsithe agus curtha i bhfeidhm. Táthar fós ag fanacht. Cá bhfios cathain a gheobhaidh capall na Gaeilge féar.

Fág freagra ar 'Cúis ghairdeachais ag Gaeilgeoirí sa chúirt i mBéal Feirste, ach ní breac ar an bport é polasaí teanga go fóill'