Tá leithscéal gafa arís eile an tseachtain seo ag Leo Varadkar as a bheith béalscaoilte. Ach an oiread le go leor dá raibh le rá ag an iarThaoiseach le linn dó a bheith gníomhach sa pholaitíocht bhí ciall le cuid dá raibh le rá aige ach chaithfí an cheist a chur – cén aidhm go díreach a bhí leis an gcaint a rinne sé? An fogha faoin gcóras airgeadais sa tír a bhí ann dáiríre? Nó faoi na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar earnálacha cosúil leis an talmhaíocht a bhfuil an iomarca cumhachta acu, dar leis?
Nuair a bhí Leo Varadkar in Theachta Dála ag Fine Gael agus ina aire Rialtais, chomh maith le bheith ina Thaoiseach, tharraing sé clampar cúpla uair. Cé againn a dhéanfaidh dearmad ar an gcaint a rinne sé le linn a fheachtais do cheannaireacht Fhine Gael fúthu siúd a éiríonn moch ar maidin. Thug sé le fios go bhfuil muintir na cathrach níos réamhghníomhaí agus níos rannpháirtí sa tsochaí.
Agus le linn dó a bheith ina aire iompair chuir sé a ladar i gcás na sceithirí faoi nGarda Síochána, Maurice McCabe agus John Wilson. Tharraing an chaint áirithe sin go leor achrainn air agus chothaigh sé naimhdeas ina leith. Cén fáth, mar sin, a leanann sé ar aghaidh ag caint in áiteanna nach bhfuil oiriúnach faoi ábhair a tharraingeoidh caint agus conspóid air?
Níl amhras ar bith ach go bhfuil aird níos mó ar an deighilt idir cathair agus chontae sa tír le tamall de bhlianta. Díol conspóide le tamall de bhlianta an claonadh i bpolasaí an Stáit cur in aghaidh tithe aonair fán dtuath agus ugach a thabhairt do dhaoine an tuath a fhágáil. Tá gluaiseacht pholaitiúil – Éire Neamhspleách – ag cur in aghaidh an pholasaí. Cén fáth, a mbeadh iarThaoiseach de chuid Fhine Gael, a bhíonn a maíomh as an luí atá acu leis na ceantair thuaithe, ag caitheamh anuas ar na pobail sin?
Ní haon rud nua go mbeadh cathracha ag tabhairt isteach an oiread airgid agus go mbeadh ceantair thuaithe ag brath orthu le maireachtáil. Is cuid lárnach de pholaitíocht na Breataine le fada an lá an clamhsán go n-íocann Londain billí Thuaisceart Shasana. Luíonn sé le réasún go mbeadh a leithéid amhlaidh nuair atá an dlús daonra ag cathair. Agus an chathair chéanna ag iarraidh bainne, cáis agus feoil ó na ceantair thuaithe chéanna.
Tá a bhrón curtha in iúl ag Leo agus é ráite aige go ndeachaigh sé i bhfad scéil ina chuid cainte faoin deighilt. Ach tá an cat scaoilte as an mála aige.
Níl a fhios agam an mbeidh an Seanadóir Seán Kyne, iarrthóir an pháirtí sa bhfothoghchán i nGaillimh Thiar agus fear a thacaigh go dílis le Varadkar i gcónaí, róbhuíoch as é a bheith ag tabhairt le fios go bhfuil níos mó ómóis ag Fine Gael do phobal na cathrach ná do phobal na tuaithe. Ceist eile ar fad an éireoidh le ceannaire Fhine Gael a chur ina luí ar Varadkar gan a bheith ag caint go poiblí faoi cheisteanna polasaí nuair nach bhfuil sé ina ionadaí tofa níos mó.
Carraig
Niúidí neáidí cabanta eile!