Bhí cuma an-ghruama ar an tiománaí bus taobh amuigh den óstán i gConamara. Bhí sé ag cur na málaí isteach in íochtar an bhus agus é ag réiteach don turas deireanach lena chuid turasóirí Meiriceánacha. Bhí ‘an-time’ acu le seachtain anuas, a dúirt sé linn.
Chaitheadar tamall in Áth Dara, Co Luimnigh, bhíodar trí lá i gConamara agus ina lár chaitheadar lá in Árainn. Anois bhí sé len iad a thabhairt go hoirthear na tíre, le cuairt a thabhairt ar Ghraí Náisiúnta na hÉireann agus an lá ina dhiaidh bheidís ag filleadh ar Mheiriceá.
‘Agus cén chaoi a bhfuil cúrsaí – is léir go bhfuil na busanna ar ais ar an mbóthar – an bhfuil rudaí ag dul go maith le turasóirí Meiriceánacha?’ a d’fhiafraigh muid féin.
‘Go dona ar fad,’ arsa seisean agus gan fiacail curtha aige ann. Bhí slua maith aige an mhaidin sin ach d’inis sé dúinn go bhfuil sé ag cloisteáil ó thiománaithe eile go bhfuil titim thubaisteach ar líon na dturasóirí atá ag taisteal leo i mbliana.
‘Cloisim scéalta faoi bhusanna nach bhfuil iontu ach 20 san áit a mbíodh 40 anuraidh,’ a dúirt sé go díomách.
‘Céard atá orthu go díreach?’ a d’fhiafraigh muid.
‘Is é an chaoi go bhfuil faitíos orthu nach mbeidh siad in ann filleadh má théann siad thar lear – agus tá go leor acu ag cur turais ar ceal,’ arsa seisean.
Bhí cara liom in óstán mór galánta i mBaile Átha Cliath le gairid agus ní raibh ach dhá bhord lán i bhforhalla an óstáin agus gan duine ar bith sa seomra bia.
Ní fheicim mórán tuairiscí faoi – b’fhéidir go n-athróidh cúrsaí má thagann athrú scéil faoin gcogadh.
Idir an dá linn, agus mé ag coinneáil súil amach do thuairiscí nuachtán faoi chúrsaí breosla feicim scéalta anois faoi eitiltí curtha ar ceal. Ach athraíonn sé sin chuile lá freisin.
Lá amháin léigh mé nach raibh baol ar bith ar Aer Lingus ach an lá ina dhiaidh nach raibh tuairisc ann ag rá go raibh go leor eitiltí curtha ar ceal acu.
Bhí duine de mo mhuintir féin ag filleadh ar Mheiriceá an lá cheana tar éis saoire a chaitheamh san Eoraip agus gan choinne, cuireadh an chéad chos den eitilt ar ceal agus athraíodh a n-aerlíne freisin – rud a d’fhág go raibh sé anois ag dul trí Pháras in ionad Frankfurt na Gearmáine.
Beidh mé féin ag cur cúpla balcais sa mhála go gairid. Is fada ó leag mé cos i Meiriceá agus tá mé ag súil go mór leis.
Is cuimhin liom a bheith ag pacáil na málaí sa mbaile i mBealach a’ Doirín blianta fada ó shin agus mé ag tabhairt aghaidh ar Mheiriceá den chéad uair.
Bhí mé ag súil a bheith ag taisteal in éindí le cara liom san ollscoil ach ar an drochuair tharraing sí amach as an bplean agus bhí mé anois ag dul anonn i m’aonar.
Is cuimhin liom go raibh mé ag déanamh ar bhaile beag i lár na Sléibhte Catskill i stát Nua-Eabhrac ach thairis sin ní raibh aon eolas agam faoi. Ní raibh an mapa páipéir féin agam ag an am.
Caithfidh sé gur dúradh liom go bhféadfainn bus a fháil as an stáisiún mór bus i Port Authority. Shiúil mé síos ann agus is cuimhin liom a bheith ag siúl thar líne busanna agus nár tháinig mé ar bhus a raibh ‘Loch Sheldrake’ scríofa in airde air.
Agus mé ag smaoineamh ar dhul anonn arís, tá cuimhní eile ag teacht chugam a mheabhraíonn dom go bhfuil cosúlachtaí áirithe ann idir lár na seachtóidí agus an uair seo.
Bhí sé ina chogadh géar idir Meiriceá agus Vítneam ag an am agus go leor cainte sna nuachtáin faoi chainteanna síochána. Níor thuigeamar ag an am nach mbeadh sa ‘socrú síochána’ ach géilleadh agus tarraingt siar as an tír.
Nuair a d’éirigh liom an t-óstán a aimsiú – stop an bus díreach os a chomhair amach – thuig mé nach mbeadh mórán achair agam le teacht isteach ar na modhanna oibre. Bhí seacht lá na seachtaine le n-oibriú againn agus ní raibh nóiméad le spáráil.
Níor thóg sé i bhfad orainn a thuiscint go raibh aicmí éagsúla ar an bhfoireann oibre, gan trácht ar na daoine a bhí ar saoire ann. Mic léinn a bhí ionainn ar fad – agus b’as cathair Nua-Eabhrac cuid mhaith de na Meiriceánaigh. Bhí go leor acu i mbun staidéir dlí san ollscoil.
Agus cé go raibh cogadh Vítneam faoi lán seoil fós, ba léir go raibh an dream sin ag seachaint ‘glaoch míleata’ toisc gur mic léinn a bhí iontu. Ach bhí roinnt daoine ar an bhfoireann oibre a raibh seal caite acu san arm i Vítneam – ba léir gur bhain siadsan le haicme an lucht oibre.
Ag deireadh an tsamhraidh sin chaith mé tamall ag fanacht le cara pinn mo mháthar a raibh cónaí uirthi i Pennsylvania. Is cuimhin liom go raibh tagairt do ‘76’ ar cláruimhir a cairr. B’éigean di a mhíniú dom go mbeadh comóradh mór an dá chéad ag Meiriceá nuair a bheadh 1976 ann.
Shíl mé go raibh sé sin i bhfad uainn fós – dhá bhliain ar a laghad. Níor thuig mé ag an am go mbeinn ag tabhairt cuairt ar Mheiriceá arís sa todhchaí agus daoine ag caint ar an 250 bliain a bheadh caite ó bhain siad amach a neamhspleáchas i 1776.
Beidh le feiceáil cén chaoi a n-éireoidh leo an ócáid a chomóradh i mbliana. Beidh mé ag coinneáil súil ar an ullmhúchán ar aon nós. Is stát deisceartach é Carolina Thuaidh – a mbealaí féin acu agus a leagan amach féin ar chúrsaí polaitíochta agus cúrsaí staire.
Nuair a thit cathair Saigon ag deireadh chogadh Vítneam sa Bhealtaine 1975, fágadh na sluaite a thug tacaíocht do Mheiriceá agus do Vítneam Theas gan chosaint ar arm Vítneam Thuaidh a bhí ag déanamh orthu gan stró. B’fhacthas cuid acu ag an deireadh ag iarraidh léim ar bord na héileacaptar Meiriceánach, i ngreim sna doirse oscailte lena gcuid ingní.
Cheapamar nach bhféadfadh sé tarlú arís. Ach níl sé an fhad sin ó rinne an Taliban athghabháil ar chathair Kabul na hAfganastáine agus chonaic muid na híomhánna céanna.
B’fhéidir go seachnóidh mé na scéalta nuachta ar an teilifís agus mé thall. Is fearr a bheith ag léamh faoi nuair a thiocfas mé abhaile. Má sheasann an breosla go dtí an lá sin.
Seán
Súil agam go bhfuil na fataí agus chuile shórt glasraí curtha agat?
Ganntanas bia ar na bacáin mar nach mbeidh fáil ag feilméaraí ar aon leasú talún.