Mar a bhí agaibh ar fad seans, ba é an rud ba thúisce a tháinig i mo chloigeann Satharn na seachtaine seo caite a dhul ar thóir an méid a bhain le mo mhuintir féin i nDaonáireamh 1926 a bhí díreach foilsithe.
Nuair a thug mé faoi deara go mba ar an Domhnach a déanadh sin, ba é an chéad mhaith eile a rinne mé ná dul ag tochailt i nuachtáin na linne féachaint an raibh mórán imeachtaí spórt ar siúl a thabharfadh beagán den chaitheamh aimsire ar fáil don phobal sula bhfillfidís ar an mbaile le dhul ag líonadh foirmeacha – an obair is measa ar domhan liom.
Féach ach go raibh, cé go mba ghann go leor a bhíodar. Níorbh iontas sin is dócha nuair a chuimhneoidh tú ar a raibh tarlaithe sa tír le blianta beaga roimhe. Ba é an Satharn an lá mór spóirt ag an Sasanach agus ar bhealaí is ea i gcónaí. Nó go dtáinig Cumann Lúthchleas Gael ar an bhfód is beag imeacht dá leithéid a bhíodh ar siúl anseo ar an tSabóid.
Dá mbeadh féin ní bhíodh páipéir nuachta baol ar chomh téagartha an uair sin agus atá sa lá atá inniu ann – cuid acu taobh le hocht leathanach agus na cinn ba thoirtiúla acu lena dhá oiread sin. Ba bheag ceannacht a bhí ar nuachtáin náisiúnta faoin tuath rud a d’fhág go mba le spórt na gcathracha agus na mbailte móra a bhain an beagán a raibh fáil orthu i mo chuardach. Leathanaigh de chásanna cúirte ba mhó a bhí sna cinn áitiúla, alt nó dhó sáite ina lár faoi imeachtaí spóirt.
Níorbh shin le rá nár dhúisigh mé scéalta a mba dhíol suime iad sa treabhadh a rinne mé faoinar thit amach Dé Domhnaigh 18 Aibreán 1926. Bheadh ceann acu ar bharr an chéad leathanaigh in aon pháipéar nuachta de chuid na linne seo, ní áirím go mbeadh na leathanaigh spóirt daite le tuairiscí, pictiúir agus anailís ina thaobh.
Bua Chiarraí ar chontae an Chláir i gcluiche ceathrú ceannais de Chraobh Iomána Chúige Mumhan a bhí i gceist. Tuigim duit má bhí ort súil a chaitheamh ar an abairt sin faoi dhó.
I dTrá Lí a déanadh an imirt agus bhuaigh Ciarraí 4-6 in aghaidh 2-4. Bhí ceathrar iománaithe páirteach sa mbua sin a d’ imir do Chiarraí ar Pháirc an Chrócaigh níos deireanaí sa mbliain, bhuaigh siad Craobh Shinsir Peile 1926 – John Joe Sheedy as Cumann an Mhistéalaigh a chroch Corn Mhig Uidhir in airde (mar a rinne sé freisin i 1930) agus triúr as Cumann Aibhistín de Staic, Joe Barrett (a chroch Corn Mhig Uidhir faoi dhó é féin), Jackie Ryan agus Jerry ‘Pluggy’ Moriarty.
Níor imríodh an babhta leathcheannais i gCraobh Iomána na Mumhan an bhliain sin go dtáinig an fómhar. Sa gcluiche sin thug Corcaigh liúradh do Chiarraí (7-7, 1-4), ach go sona sásta a chuir iománaithe na Ríochta peann le páipéar ar fhoirm an Daonáirimh ar an 18 Aibreán 1926.
Ba i séasúr 1925/26 a facthas an chéad imirt ariamh ar Shraithchomórtais Náisiúnta Chumann Lúthchleas. Ba ar bhonn cúige a imríodh an pheil go dtáinig na babhtaí ceannais agus faoin am a dtáinig an 18 Aibreán bhí formhór na himeartha déanta, cé is moite de na cluichí leathcheannais agus ceannais a imríodh sa bhfómhar.
Dhá roinn a bhí sa tSraith Iomána. Corcaigh, Áth Cliath, Luimneach, Tiobraid Árann, Gaillimh, Cill Chainnigh, agus Laois i Roinn 1.
Ciarraí, Cill Mhantáin, an Clár, Uíbh Fhailí, Ciarraí, Loch Garman agus Port Láirge i Roinn 2.
Lá an Daonáirimh freisin a déanadh an imirt sa dara babhta deireanach acu siúd.
Ba ar Pháirc na Lúthchleas i gCorcaigh (Páirc Uí Chaoimh sa lá atá inniu ann) a facthas an cluiche ba shuntasaí. Ansiúd bhuaigh Corcaigh ar Chill Chainnigh, 8-6 in aghaidh 1-3. Níorbh aon ábhar iontais a bhí ansin. Ba iad Áth Cliath ba láidre ó thaobh na hiomána i gCúige Laighean ag an am agus idir 1913 agus 1926 níor thug Cill Chainnigh Corn Mhic Cárthaigh leo ach aon uair amháin (1922).
Bhí sé i ndán dóibh Cluiche Ceannais na Craoibhe 1926 a bhaint amach freisin, ach ní cheapfá sin ar an 18 Aibreán, nuair nach raibh an scór amháin féin faighte acu nuair a séideadh feadóg leathama ar bhruacha na Laoi. D’éirigh leo cúl agus trí chúilín a scóráil sa dara leath ach faoin am ar chríochnaigh an choimhlint bhí 8-6 ag Corcaigh.
Bhí foireann na linne sin ar cheann de na cinn ab fhearr ariamh a bhí ag Corcaigh – bhain siad babhta ceannais na hÉireann amach ceithre bliana as a chéile agus bhuaigh trí cinn acu. Go dtí an lá atá inniu ann féin luaitear gaiscí Dinny Barry Murphy, Eddie Coughlan, Mick ‘Gah’ Aherne agus a dheartháir (Paddy) ‘Balty’.
Sna cluichí eile a imríodh i Roinn 1 na Sraithe Náisiúnta Iomána ar an 18 Aibreán 1926 bhuaigh Átha Cliath ar Laois, 4-2 in aghaidh 3-3, agus i mBéal Átha na Sluaighe bhuaigh Tiobraid Árann ar Ghaillimh, 4-5 in aghaidh 1-7.
Tearc go maith a bhí an imirt idir clubanna sna contaetha éagsúla an lá a ndearnadh áireamh ar dhaonra na hÉireann 1926, ach tá ceangal fós idir scéal a tháinig as Dún na nGall an tráthnóna sin agus imeachtaí Chumann Lúthchleas Gael sa gcontae sin sa lá atá inniu ann.
An tráthnóna sin tháinig oifigigh ó Choiste an Chontae sin mar aon le ionadaithe ó na clubanna le chéile in Óstán an Mall i mBéal Átha Sheanaidh áit ar thug Cathaoirleach an Choiste, Seán Ó Casaide (Ard a’ Rátha) le fios go raibh an nuachtán an Donegal Democrat le corn a bhronnadh a mbeadh foirne as cumainn Dhún na nGall sa gcoimhlint faoina chomhair.
100 bliain dár gcionn tá iomaíocht ar ‘Corn an Democrat’ i gcónaí.
Saighdiúirí champa an airm ar an bhFionnúir ba thúisce a thug leo é i bhfómhar na bliana 1926 nuair a bhuaigh siad ar Chaisleán na Finne sa mbabhta ceannais. Sa lá atá inniu ann is iad foirne Roinn 1 na Sraithe a bhíonn sa tóir air, is i seilbh an Tearmainn atá sé faoi láthair. Beidh stair nach beag ag baint leis an gcorn a ardóidh buaiteoirí na bliana seo.
Bhí an cluiche inar bhuaigh Dún Garbhán ar Bhaile Uí Dhuibh i Léim Uí Bhriain sa gcéad bhabhta de Chraobh Shinsir Iomána Phort Láirge ar an 18 Aibreán 1926 ar cheann de na cluichí eadar-chlubanna ba thábhachtaí a imríodh an lá sin. Dún Garbhán a bhuaigh 5-6 in aghaidh 1-1. Ar dhuine díobh siúd a scóráil do na buaiteoirí bhí Pádraig ‘Pax’ Ó Faoláin, poblachtánach agus fear a bhí pósta ag iníon le Dan Fraher (1852-1929) a bhfuil ‘Páirc Uí Fhearchair’ ainmnithe ina ómós.
Bhí an Pháirc i seilbh an teaghlaigh gur díoladh le Coiste Contae Phort Láirge é sna luath-1970idí.
Fág freagra ar 'An cheist is tábhachtaí faoi Dhaonáireamh 1926 – cé a bhí ag imirt an lá sin?'