AN POD SPÓRT: Caithréim na gConallach, tertius gaudens agus cé a bhuafaidh an tAll-Ireland?

Tá ‘An Pod Spórt’ ar ais do shéasúr nua agus Dara Ó Cinnéide inár dteannta an tseachtain seo chun súil a chaitheamh chun cinn ar chraobh peile na bliana seo

AN POD SPÓRT: Caithréim na gConallach, tertius gaudens agus cé a bhuafaidh an tAll-Ireland?

An deireadh seachtaine seo a chuirfear tús le craobh peile idirchontae na bliana seo agus cluichí againn ó na ceithre chúige. Tá iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide in éineacht le Darren agus Pádraic chun súil a chaitheamh chun cinn ar an samhradh atá romhainn agus, roimhe sin, chun súil siar a chaitheamh ar na ceachtanna a bhí le foghlaim ón tsraith agus ó bhua cuimsitheach Dhún na nGall sa gcluiche ceannais.

Meastar go mbeidh na craobhacha sna ceithre chúige, Ulaidh, Connachta, Laighin agus Mumhain, níos iomaíche ná mar a bhí le blianta fada anuas agus Ciarraí ar an t-aon dream amháin a bheadh go láidir mar rogha na coitiantachta chun greim a fháil ar Chorn.

Is i gcúige Uladh atá an cluiche mór an deireadh seachtaine seo agus Tír Eoghain agus Ard Mhacha ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Cé go bhfuil go leor den tuairim go mbeidh Dún na nGall agus Ciarraí ar ais le chéile i gcluiche ceannais na hÉireann i mbliana, tugann Dara ceacht beag Laidine dúinn agus é ag míniú go bhféadfadh fir Kieran McGeeney sleamhnú isteach agus an aird ar na foirne eile.

Fág freagra ar 'AN POD SPÓRT: Caithréim na gConallach, tertius gaudens agus cé a bhuafaidh an tAll-Ireland?'