Más é bunús do cháis nach raibh sárú Pat Hartigan ann mar lánchúlaí iomána, is mór é mo bharúil gur maith an píosa siúil a bheas déanta agat sula bhfaighfeá duine a thógfas cás i do choinne.
Má tharlaíonn sin, socróidh ceist amháin an scéal. Ná déan ach cúpla soicind ciúnais a ghlacadh mar a dhéanfadh abhcóide maith ar bith, ansin sáigh amach do bhrollach agus abair: ‘Ainmnigh iománaí amháin eile mar sin a bhuaigh cúig ghradam All Star as a chéile san ionad sin.’
Ní bheidh do thóin leagtha ar an suíochán nuair a bhuailfidh an breitheamh rap dá chasúr ar an mbinse agus déarfaidh… ‘Caitear amach an chúis seo.’
Beagán ó dheas de chathair Luimnigh, in áit a dtugann siad an Drom Bán air, a rugadh Hartigan i 1950. Líbeartaí Theas (Saor Theas) an t-ainm atá ar chumann CLG an cheantair, ceann atá chomh fada ar bóthar leis an gCumann Lúthchleas féin.
Tabhair cead seachráin dom ar feadh tamaillín anois le do thoil.
Is fada ag déanamh iontais mé faoi na háiteacha ar fud na tíre seo a bhfuil an focal Líbeartaí le fáil ina n-ainmneacha.
Níor fhiosraigh mé a mbunús go dtáinig an lá inniu féin agus tá mé in ann a rá anois leat go dtéann sin siar chomh fada le haimsir na Lochlannach.
Iadsan a thosaigh ag tógáil ballaí cosanta timpeall na bport ar nós Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí. Nuair a tháinig na hAngla-Normannaigh, agus muintir Chromail na céadta bliain dár gcionn, bhí an tír fré chéile curtha faoina smacht acu agus chuireadar ballaí cosanta timpeall ar chathracha agus ar bhailte go leor, mór agus beag.
Luath go maith sa dara céad déag tosaíodh ag tabhairt aitheantais dá gcuid féin do dhlínsí a bhí beagán taobh amuigh de na ballaí sin – ba ghnách go mba tailte iad a bhí faoi úinéireacht na nUasal nó na hEaglaise Caitlicí.
Go minic ba le clocha a cuireadh in iúl teorainneacha na gceantar sin – ba ea go cinnte i gcás Luimnigh a raibh na Líbeartaí Thuaidh (tuairim 3,600 acra) ar an taobh sin den chathair agus na Líbeartaí Theas sa gceantar ar as Pat Hartigan.
Go minic ba le clocha a tugadh teorannacha na Líbeartaí le fios ach cóngarach go maith san áit a bhfuil cónaí orm féin tá ‘Sruthán na Líbeartaí’ a bhí mar theorainn idir Maigh Cuilinn agus Rathún.
Ach má mhaitheann sibh dom an t-imeartas focal, tá sé in am filleadh ar an ábhar atá idir chamáin.
Ní raibh Pat Hartigan ach 15 bliain d’aois nuair a bhí sé ar fhoireann Scoil na mBráthar, Sráid Sexton, a bhuaigh Craobh Iomána na gColáistí i 1966. Choinnigh siad greim ar Chorn an Artaigh an bhliain dár gcionn, rud a d’fhág ceithre cinn as a chéile acu.
Le linn na tréimhse cúig bliana scoile a rinne sé ansiúd bhuaigh Sráid Sexton Craobh na hÉireann faoi dhó agus Corn cáiliúil an Artaigh ceithre huaire as a chéile (1964 – 1967).
Bhí Eamonn Cregan, Éamonn Grimes agus Pat Hartigan ar na foirne sin agus bhí siad le chéile arís nuair a bhuaigh Luimneach Corn Mhic Cárthaigh i 1973, rud nach raibh déanta cheana acu ó 1940.
Sa rang ar scoil le Pat Hartigan bhí comharsa dá chuid a thuill a chlú i spórt eile – an billiúnaí JP McManus. Ariamh ó shin tá dlúthchairdeas eatarthu. Go deimhin, chaith McManus traidhfil ama mar chathaoirleach ar chumann na Líbeartaí Theas agus gan ann ach an scoil fágtha aige.
Anois agus a shaibhreas déanta ag JP, is scéal le haithris é an bealach a bhfuil sé sásta cuid dá mhaoin a roinnt chun leas an phobail. Tá Cumann Lúthchleas Gael i gcoitinne agus go háirithe a chontae féin ar bharr an liosta.
Ceann de na rudaí ba luaithe a rinne McManus capaill a ainmniú i ndiaidh iománaithe na Líbeartaí a bhí ar fhoireann chaithréimeach Luimnigh i 1973.
Tá sé os cionn 25 bliain ó shin anois ach bhuaigh an capall Grimes seacht gcinn de rásaí agus trí huaire a chríochnaigh sé sa dara háit ag Féile Cheltenham. Joe Mac a bhí ar chapall eile in ómós don lántosach Joe McKenna. Faoi dhó a bhuaigh sé siúd agus bhí sa dara háit sa Bumper in Cheltenham i 1998. Aon uair déag a rith an capall Pat Hartigan a bhuaigh aon cheann amháin.
Pé brí céard faoin gcapall níorbh aon ábhar marcaigh é an t-iománaí Pat Hartigan – bhí sé os cionn sé troithe ar airde (1.9m) agus déanta dá réir. In aois a 18 bliain bhí sé ar ocht gcinn d’fhoirne a chontae sna grádanna seo a leanas – iománaíocht shinsir, faoi-21, mionúir agus idirmheánach; peil shinsir, faoi-21, mionúir agus sóisir.
Lúthchleasaí den scoth ab ea é freisin, chomh maith sin gur thairg ollscoil sna Stáit Aontaithe scoláireacht spórt dó agus é ag déanamh na hArdteistiméireachta i 1968. Bhí boinn óir i gcaitheamh an mheáchain agus na teisce i rannóg na sinsear ag Craobhacha Lúthchleasaíochta na Meánscol tugtha leis aige an bhliain sin.
A ghrá don chamán is dócha ba chúis lena dhiúltú, ach lean air leis na spórtanna sin ina raibh a dheartháir Bernie mar sheaimpín ar Éirinn ag caitheamh an oird trí huaire. Bhí Bernie freisin ar fhoireann Luimnigh i 1973.
Ba é Pat a bhí ina chaptaen ar Chlub Lúthchleasaíochta Luimnigh nuair a bhuaigh siad Sraith Lúthchleas na hÉireann i 1983.
Faoin tráth sin bhí an t-amharc caillte aige i leathshúil – timpiste a bhain dó le linn traenála le hiománaithe an chontae i 1979 nuair a bhuail sliotar sa tsúil é ba chúis leis.
Dhéileáil Pat Hartigan leis sin mar a rinne sé leis na tosaithe gasta cliste a chas dó agus camán ina ghlaic aige – go fearúil stuama teanntásach. Dúshlán eile a sháraigh sé, agus glac leis go mbeidh sé i bPáirc na nGael inniu nuair a imreoidh a chontae agus Corcaigh a chéile i mbabhta ceannais Roinn 1 den tSraith Náisiúnta.
Ocht mbliana déag a bhí Pat nuair a rinne siad amhlaidh i Páirc an Chrócaigh i 1969. Ba é an cluiche sin a d’fhógair tús na coimhlinte idir é agus lántosach na gCorcaíoch – fear mór eile, Ray Cummins.
A fhoireann siúd a thug an bua leo an lá sin, ach an bhliain dár gcionn bhailigh Hartigan bonn dá chuid féin. Babs Keating a bhí i mbun comhraic leis an lá údaí.
Go deimhin, d’imir fear na Líbeartaí sna Cluichí Ceannais Sraithe ar fad a imríodh idir 1971-1974. Nuair ab iad Loch Garman a bhí ina gcoinne i gceann acu sin, ba é Tony Doran a chéile comhraic.
Anois sin ceann don bhreitheamh le socrú – Cummins, Keating nó Doran?
Má chastar Pat Hartigan i do bhealach aon uair, cuir an cheist air.
Micheál O’Braonain
Alt iontach