Gaiscígh óga na Gaeltachta, Iománaíocht Hollywood agus dearbaí Dhún Éireann

Sa cholún seo, tugtar léargas ar scéalta beaga, móra, aisteacha agus iontacha ó shaol an spóirt

Gaiscígh óga na Gaeltachta, Iománaíocht Hollywood agus dearbaí Dhún Éireann

Maidhc Ó Sé

Gaiscígh óga na Gaeltachta

Tugadh Páidí Ó Sé agus ceann den iliomad scéilíní greannmhara atá luaite leis chun cuimhne nuair a fógraíodh painéal mionúir peile Chiarraí an tseachtain seo.

De réir an scéil, bhí foireann Chiarraí as baile agus ag fanacht in óstán éigin roimh chluiche sraithe ag tús na mílaoise, tráth a raibh Cumann Caide na Gaeltachta i mbarr réime agus Páidí Ó Sé ina bhainisteoir ar fhoireann an chontae. Bhí seisear ón gcumann – triúr de mhuintir Shé, Dara Ó Cinnéide agus Aodhán agus Rob Mac Gearailt – ar an bpainéal agus daoine áirithe ag clamhsán go raibh an bainisteoir róchlaonta i dtreo a chumainn féin, fiú agus an-rath ar an nGaeltacht.

Agus imreoirí Chiarraí scaipthe timpeall fhorhalla an óstáin maidin an chluiche, bhí leaids na Gaeltachta – triúr de chlann Uí Shé, Dara Ó Cinnéide agus Aodhán agus Rob Mac Gearailt – uile in éineacht ag comhrá nuair a tháinig Páidí anonn chun iad a ruaigeadh agus dúirt “Scaipigí amach, a leaideanna, in ainm Dé. Tá mo dhóthain brú orm mar atá!”

Tá duine a bhí sa gcomhluadar an lá sin, Marc Ó Sé, anois ina bhainisteoir ar fhoireann mionúir Chiarraí agus mac duine eile díobh ainmnithe ar an bpainéal chomh maith. Ceathrar ar fad ón nGaeltacht atá ar phainéal mionúir Chiarraí i mbliana – Maidhc Ó Sé (a bhí ar an bhfoireann anuraidh), Cathal Corduff, Lúc Mac Gearailt agus Cuán Ó Fiannachta.

Éacht é sin do chumann beag agus níl aon chumann eile sa gcontae a bhfuil níos mó ná ceathrar imreoirí acu ar an bpainéal (tá ceathrar ó Lios Treighe, cumann beag tuaithe eile, roghnaithe chomh maith, an captaen Danny Murphy ina measc). Tá Fionn O’Dowd ó Dhaingean Uí Chúis ar an bpainéal freisin.

Tá gaisce na Gaeltachta sáraithe ag cumann eile ón nGaeltacht i mbliana, áfach. Ní ceathrar, ní cúigear ach seisear ó chumann Mhicheál Breathnach atá ar fhoireann mhionúir peile na Gaillimhe, captaen na foirne Eoin Ó Gionnáin, Oisín Ó Neachtain, Jamie Ó Diollúin, Rónán Ó Neachtain, Oliver Ó Súilleabháin agus Oisín Mahon. Má bhí líon níos mó imreoirí ó chumann Gaeltachta amháin ar fhoireann mionúir idirchontae cheana, abair linn!

Iománaíocht Hollywood

Tá féasta iomána eile romhainn an deireadh seachtaine seo agus cluichí tábhachtacha á n-imirt i gcraobhacha na Mumhan agus Laighean. Sibhse nach mbeidh bhur ndúil san iomáint sásaithe ag craoladh na gcluichí idir Corcaigh agus Luimneach, Port Láirge agus Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh agus Loch Garman, b’fhiú daoibh súil a chaitheamh ar ‘Iománaíocht Hollywood’, sraith faisnéise a craoladh an fómhar seo caite agus atá ar fáil ar Sheinnteoir TG4.

Tugtar léargas sa dá chlár ar an gcaoi ar cuireadh Éire, muintir na hÉireann agus na cluichí Gaelacha os comhair an domhain mhóir sna scannáin. Tá na hollúna Gearóid Ó Tuathaigh agus Paul Rouse ina measc siúd a roinneann a saineolas sa tsraith atá bunaithe ar leabhar de chuid an Ollaimh Seán Crosson.

Fógraíodh an tseachtain seo go bhfuil ainmniúchán faighte ag Iománaíocht Hollywood, a léirigh Mac Dara Ó Curraidhín, do Ghradaim Idirnáisiúnta Focal 2026, gradaim a dhéanann ceiliúradh ar ábhar cartlainne.

Cluiche an deireadh seachtaine – Hibernian v Hearts (Dé Domhnaigh, 16:30 – Beo ar Sky Sports)

Bhí farasbarr naoi bpointe ag Hearts ag tráth amháin i bPríomhroinn Alban níos luaithe sa séasúr agus iad ag iarraidh a bheith ar an gcéad dream lasmuigh de Celtic agus Rangers chun an tsraith a bhuachan ó bhuaigh Aberdeen í breis is dhá scór bliain ó shin. Tá fathaigh Ghlaschú théis an bhearna a laghdú ó shin, áfach, agus gan ach cúig chluiche fágtha, níl Hearts ach pointe amháin chun tosaigh ar Rangers agus trí phointe chun cinn ar Celtic.

Fágann sin nach féidir le Hearts mórán botún eile a dhéanamh idir seo agus deireadh an tséasúir, rud a chuireann brú ollmhór ar chluiche an Domhnaigh agus iad ag dul soir an bóthair chun aghaidh a thabhairt ar a gcomharsana, Hibernian, in Easter Road.

Níl dearbaí Dhún Éideann chomh cáiliúil ná chomh nimhneach b’fhéidir leis an Old Firm ach tá sé admhaithe ag bainisteoir Hibs, David Gray, buntáiste sa mbreis a bheadh ann dá n-éireodh lena fhoireann féin tuisle a bhaint as a gcomharsana. D’fhéadfadh Rangers a bheith sa gcéad áit sa tábla faoin am a dtéann Hearts chun páirce, má bhuann siad ar Motherwell níos luaithe sa lá. Dé Sathairn atá Celtic ag imirt in aghaidh Falkirk.

Fág freagra ar 'Gaiscígh óga na Gaeltachta, Iománaíocht Hollywood agus dearbaí Dhún Éireann'