D’ionsaigh an Iaráin trí long lastais i gCaolas Hormuz inniu.
Tá sé deimhnithe ag Gardaí Réabhlóideacha na hIaráine gur ionsaíodar agus gur ghabhadar dhá long lastais in aice le Caolas Hormuz agus go raibh siad á dtionlacan acu go dtí cósta na hIaráine.
Ionsaíodh an tríú long lastais agus í ag iarraidh seoladh trí Chaolas Hormuz.
Tá na Stáit Aontaithe agus an Iaráin ar a mbionda ag iarraidh smacht a fháil ar an gcaolas farraige sin d’ainneoin gur fhógair an tUachtarán Trump go raibh síneadh á chur leis an sos comhraic eatarthu.
Agus an síneadh sin á fhógairt aige aréir, dúirt Trump go gcoinneodh Na Stáit Aontaithe orthu ag cur cosc ar longa a bheadh ag déanamh ar chalafoirt san Iaráin nó ag teacht uathu. ‘Gníomh cogaidh’ a bhí ansin, a deir aire gnóthaí eachtracha na hIaráine.
Ní fios fós go baileach cén stádas atá ag na cainteanna síochána a bhí le bheith sa Phacástáin.
Ó thaobh cúrsaí na hÚcráine, tá an tAontas Eorpach tar éis íoc an iasacht €90 billiún a bhí geallta don tír sin a fhaomhadh chomh maith le smachtbhannaí nua i gcoinne na Rúise.
Anuraidh a cheadaigh an tAontas Eorpach an iasacht sin le cuidiú leis an Úcráin ach vótáil Uachtarán na hUngáire, Viktor Orbán, in aghaidh na hiasachta, mar gur mhór aige an Rúis. Chaill Orbán an toghchán ina thír féin le déanaí agus glanadh an cros sin agus síltear go mbeidh an 27 stát san Aontas sásta a n-ainm a chur leis an margadh sin amárach.
Tá an Coimisiún Eorpach tar éis roinnt beart a sheoladh le déileáil leis an tionchar gearrthéarmach agus meántéarmach atá ag géarchéim an bhreosla, a spreag cogadh Iosrael agus na Stát Aontaithe ar an Iaráin, ar gheilleagar na mballstát.
Faoi na moltaí nua seo, tá sé i gceist go mbeidh sé níos éasca ag ballstáit cánacha fuinnimh a ghearradh ar fad agus guaim a choinneáil ar bhillí fuinnimh sa ngearrthéarma.
Tá sé i gceist freisin go spreagfadh na bearta seo tomhaltóirí agus comhlachtaí chun athrú ó chórais a oibríonn ar ghás agus caidéil teasa a chur ina n-áit agus trealamh tionsclaíochta a úsáideann leictreachas.
Faoi na hathruithe atá molta, bheadh cead ag ballstáit 70% den chostas ar bhillí fuinnimh mórdhíola a íoc as seo go dtí mí na Nollag agus suas le 50% den chostas breise ar bhreosla in earnálacha ar leith, ardú arb í an ghéarchéim is déanaí seo is siocair leis. Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na tíortha chun ciorruithe cánach a bheidh dírithe ar chásanna ar leith a fhorbairt le cuidiú leis na billí fuinnimh a laghdú.
Fág freagra ar 'Ionsaí déanta ag an Iaráin ar thrí long lastais i gCaolas Hormuz'