‘Seans deiridh’ an Lucht Oibre – coimhlint réitithe ag Burnham le Keir Starmer

Andy Burnham a bhuaigh fothoghchán tábhachtach Makerfield agus 55% de na vótaí aige

‘Seans deiridh’ an Lucht Oibre – coimhlint réitithe ag Burnham le Keir Starmer

D’éirigh le Andy Burnham an suíochán i Makerfield a ghnóthachtáil go slachtmhar agus d’fhéadfadh go mbeidh sé ina choimhlint anois idir é féin agus an Príomh-Aire Keir Starmer.

Tugann bua seo Mhéara Manchain deis dó anois dúshlán Starmer a thabhairt do cheannaireacht pháirtí an Lucht Oibre.

Bhí 55% de na vótaí ag Burnham inné agus an tromlach a bhí aige beagnach dhá uair níos mó ná mar a bhí ag a réamhtheachtaí. D’fhéadfadh go mbeadh Keir Starmer curtha dá bhoinn aige sula mbeidh an samhradh thart agus é féin in Uimhir 10 Sráid Downing.

Tá an Príomh-Aire ag áitiú nach loicfidh sé in aon dúshlán dá phost agus ‘go seasfaidh’ sé féin in aon chomórtas ceannaireachta ar a bpáirtí sa gcás go spreagfadh filleadh Burnham ar Westminster a leithéid.

“Ní shiúlfaidh mise liom uaidh sin,” a deir Starmer.

In óráid an bhua, dúirt Burnham “go bhféadfadh gur cor cinniúnach” a bheadh sa toradh agus gur vótáil daoine “ar son athraithe, ar son tuilleadh cumhachta don tuaisceart agus do gach áit eile atá dearmadta ag Westminster”.

Dúirt sé gurb é seo “seans deiridh an Lucht Oibre”

“Ní thabharfar seans eile dúinn, ach tá an deis tugtha ag toradh na hoíche anocht dúinn le polaitíocht as an nua a chruthú a bheidh bunaithe ar dhóchas agus aontas, agus ár gcúl a thabhairt don bhóthar a thugann i dtreo pholaitíocht na deighilte den sórt a fheicimid sna Stáit Aontaithe.”

Dúirt Burnham inniu go dteastaíonn uaidh ” bóthar nua a leagan amach don Bhreatain” agus go gcaithfidh an Lucht Oibre “an saol a chur in acmhainn do dhaoine” arís.

Bhí 9,231 vóta sa bhreis ag Andy Burnham ar Robert Kenyon, iarrthóir Pháirtí Reform UK..

Bhí 55% den vóta iomlán ag an Lucht Oibre agus gan ach 35% ag Reform, agus ní raibh ach 7% ag Restore Britain, atá i bhfad ar dheis. Caitheadh 45,510 vóta ar fad, 59% de na daoine a bhí i dteideal vótáil, sin 6% níos mó ná mar a vótáil san olltoghchán deiridh.

Más faoin bhfeisire nuathofa Burnham dúshlán cheannaire a pháirtí a thabhairt, caithfidh sé tacaíocht a fháil ó 81 feisire ina pháirtí, 20% díobh. Theastódh uaidh 50% de na vótaí a fháil i gcomórtas ceannaireachta le go dtoghfaí é.

Fág freagra ar '‘Seans deiridh’ an Lucht Oibre – coimhlint réitithe ag Burnham le Keir Starmer'