Tá Volodymyr Zelenskyy tar éis a iarraidh ar na Stáit Aontaithe diúracáin Patriot a thabhairt don Úcráin tar éis don Rúis ionsaí tubaisteach a dhéanamh ar chathracha inar maraíodh ocht nduine dhéag agus a d’fhág na scórtha eile gortaithe.
Scaoil an Rúis 73 diúracán agus 656 drón le cathracha móra san Úcráin i rith na hoíche, ina measc Cív, Dnipro agus Kharkiv.
Maraíodh dháréag i mbloc árasán i Dnipro, agus deir na húdaráis sa réigiún sin go bhfuarthas bean agus leanbh i measc na marbh sa smionagar.
Maíonn aerfhórsa na hÚcráine gur éirigh leosan 602 drón agus dhá scór diúracán Rúiseach a thabhairt chun talaimh.
Dúirt an tUachtarán Volodymyr Zelensky gur léirigh an t-ionsaí is deireanaí seo go gcaithfidh an Eoraip córas aerchosanta dá cuid féin a fhorbairt agus go bhfuil tacaíocht na Stát Aontaithe thar a bheith tábhachtach i gcónaí.
“Teastaíonn a córas cosanta féin in aghaidh diúracáin bhalaistíocha ón Eoraip ionas gur féidir deireadh a chur leis an gcogadh seo faoi dheireadh. Agus tá cúnamh na Stát Aontaithe lena gcórais Patriot a chur ar fáil dúinn fíor-riachtanach,” a dúirt Zelensky.
Dúirt Aireacht Cosanta na Rúise go ndearna siad ionsaí ar thionscal cosanta mar gheall ar “ionsaithe sceimhlitheoireachta”.
D’ainneoin an rath is measa le fada a bheith ar fhórsaí míleata na Rúise ar an líne thosaigh ó thaobh críocha a ghabháil, níl aon stad in aon chor ar a gcuid ionsaithe aeir.
Ó d’fhill Donald Trump ar an Teach Bán anuraidh, chuir sé stop leis na soláthairtí díreacha don Úcráin agus mar gheall air sin is amhlaidh a cheannaíonn comhghuaillithe na hÚcráine san Eoraip an soláthar ó na Stáit Aontaithe agus seolann siadsan ar aghaidh go dtí an Úcráin iad.
Ó tháinig deireadh le sos comhraic gairid sa mBealtaine, tá roinnt ráigeanna ionsaithe diúracán agus drón déanta ag an Rúis ar Chív, i gceann acu ar bhloc árasán maraíodh 24 duine, triúr leanaí ina measc.
Cúpla lá dár gcionn d’ionsaigh an Úcráin réigiún Mhoscó agus deir oifigigh de chuid na Rúise gur maraíodh triúr san ionsaí sin, ionsaí a d’áitigh Zelensky a bhí “go hiomlán bailí”.
Fág freagra ar 'Ocht nduine dhéag maraithe in ionsaí aeir ar chathracha na hÚcráine'