AN POD GAEILGE: Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Daráine Mulvihill: ‘Bhí a fhios acu ansin go mbeinn ceart go leor ach go gcaithfí mo chosa a bhaint…’

I dteannta Helen Ní Shé ar eagrán spreagúil de Paiste Cainte, tá Daráine Mulvihill, an craoltóir, láithreoir agus gníomhaí ar son an imdhíonta agus cearta daoine atá faoi mhíchumas

AN POD GAEILGE: Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Daráine Mulvihill: ‘Bhí a fhios acu ansin go mbeinn ceart go leor ach go gcaithfí mo chosa a bhaint…’

Bhuail ráig den ghalar meiningíteas oirdheisceart Shasana le déanaí agus sciob sí chun siúil beirt mhac léinn agus d’fhág a thuilleadh an-bhreoite.

Chuir an scéal i gcuimhne do Helen cás Dharáine Mulvihill an craoltóir agus gníomhaí de bhunadh Chorca Dhuibhne ar bhuail an meiningíteas í is í ina déagóir 20 bliain ó shin. B’ábhar misnigh do Helen bualadh le Daráine le déanaí chun paiste cainte a dhéanamh léi ag baile i gcontae na Mí faoin lorg a d’fhág an galar sin uirthi.

Bhí Daráine chomh tinn an uair sin 20 bliain ó shin go ndúradh lena tuismitheoirí a bheith ag fáil faoi réir chun slán a fhágáil léi mar nach mairfeadh sí an oíche. Cuireadh an ola dhéanach ar Dharáine ach tháinig sí slán.

Tar éis sé seachtaine san ospidéal dúradh léi go gcaithfí an dá chos a bhaint di. Cuimhníonn Daráine, a bhí ina lúthchleasaí óg, siar ar na laethanta sin nuair a d’athraigh a saol go deo agus ar na blianta ina dhiaidh. Bhí sé deacair nuair a bhí sí ina déagóir agus bíonn sé deacair go fóill, ach caithfidh meon dearfach a bheith agat, a deir sí.

Sa phaiste cainte spreagúil seo labhraíonn Daráine chomh maith faoi thábhacht a muintire, a cairde agus lucht a scoile.

Tráchtann sí ar a saol mar chraoltóir, faoin seacht mbliana dhéag a chaith sí ag obair do RTÉ agus faoina cinneadh le déanaí an craoltóir seirbhíse poiblí a fhágáil. Labhraíonn sí chomh maith faoina suim sa spórt agus faoi na Cluichí Paralimpeacha a chur i láthair ar an teilifís. Tráchtann Daráine chomh maith ar a cuid oibre mar ghníomhaí, faoi chomhairle a chur ar dhaoine eile atá faoi mhíchumas agus faoina saol mar mháthair.

Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Daráine Mulvihill: ‘Bhí a fhios acu ansin go mbeinn ceart go leor ach go gcaithfí mo chosa a bhaint…’'