Tá cúig bheatha nuascríofa curtha leis an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, www.ainm.ie, an ceoltóir Séamus Ó Beaglaoich, an craoltóir is amhránaí ar an sean-nós, Meaití Joe Shéamuis agus an fealsamh Deasún Fennell ina measc.
Tá breis agus 1,800 beathaisnéis ar an suíomh a bhaineann leis an tréimhse ó 1560 go dtí an lá atá inniu ann.
Is iad an cúigear is deireanaí a cuireadh leis an mbunachar: an ceoltóir agus gníomhaí pobail Feargal Mac Amhlaoibh a bhásaigh in 2023; an t-aisteoir agus stiúrthóir Maelíosa Stafford a bhásaigh in 2023; an t-amhránaí agus ceoltóir Séamus Ó Beaglaoich a bhásaigh in 2023; an t-intleachtóir poiblí, fealsamh agus smaointeoir ildánach, Deasún Fennell, a bhásaigh in 2021; agus an ceoltóir is craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus amhránaí ar an sean-nós Meaití Joe Shéamuis, a bhásaigh in 2025.

I gcroílár chultúr Chonamara a tháinig Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta ar an saol. Le bunú Raidió na Gaeltachta bhí sé ar dhuine den seachtar a ceapadh mar chlár-reachtairí ar an stáisiún nua. Tá Ó Fátharta le háireamh ar dhuine de mhóramhránaithe sean-nóis a linne. Bhuaigh sé Comórtas na bhFear faoi dhó ag an Oireachtas agus bronnadh Corn Uí Riada air in 2001.
Rugadh Feargal Mac Amhlaoibh i nDumhach Thrá, Baile Átha Cliath i 1943. Chuaigh sé chun cónaithe go buan i mBaile na Rátha, Dún Chaoin, lena bhean Áine agus a gclann i 1987. Bhunaigh sé a ghnó clóchuradóireachta agus foilsitheoireachta ansin, Inné Teo., agus chaith sé tamall ag obair d’Fhondúireacht an Bhlascaoid. Bhí sé ina chathaoirleach ar an bhFeachtas Náisiúnta Teilifíse agus ceapadh é ar Choiste Bunaithe TnaG.
Thug Maelíosa Stafford an aisteoireacht agus an Ghaeilge leis ón mbroinn. Chaith a thuismitheoirí blianta fada ag cur na Gaeilge agus na drámaíochta chun cinn i gcathair na Gaillimhe. Mhair ceangal Mhaelíosa leis an Taibhdhearc agus leis an gcompántas Druid ar feadh blianta fada.

Áirítear Séamus Ó Beaglaoich ar dhuine d’amhránaithe móra na nGael. Rugadh é i 1949 i mBaile na bPoc i gCorca Dhuibhne, agus bhí dúchas an cheoil agus na teanga fréamhaithe go domhain i muintir Bheaglaoich ar an dá thaobh. Eisíodh ceirnín le Séamus agus a dheirfiúr Máire i 1973, An Ciarraíoch Mallaithe. Chuir an ceirnín sin roinnt de na hamhráin Ghaeilge a bhí imithe i ndearmad i gcúrsaíocht arís.
Eisíodh ceirnín aonair amhrán in 2015, The Bold Kerryman, agus is teist é an ceirnín ar chruinneas ceoil, ar bhinneas gutha agus ar réimse leathan a chuid amhrán.
Rugadh Deasún Fennell i 1929 ar Bhóthar Aontroma i mBéal Feirste. Bhí spéis faoi leith aige i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus tuairimí láidre aige ina dtaobh. I 1968 d’aistrigh Fennell, a bhean agus a gclann chuig Maínis i gConamara. Bhí tionchar mór ag Deasún ar shaol na Gaeltachta agus chuaigh go leor dá chuid fealsúnachta i bhfeidhm ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.
Tá an tionscadal beathaisnéisí Gaeilge, Ainm.ie, á fhorbairt ó 2009 i leith ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, agus le Diarmuid Breathnach (nach maireann) agus Máire Ní Mhurchú, údair na naoi n-imleabhar a d’fhoilsigh An Clóchomhar idir 1986 agus 2007 faoin teideal, Beathaisnéis.
Bunaíodh painéal comheagarthóirí in 2013 faoi stiúir Chló Iar-Chonnacht le cuid de na seanbheathaisnéisí a nuashonrú agus le cinn úra a scríobh. Is iad Mícheál de Mórdha, Mártan Ó Ciardha, Lillis Ó Laoire agus Micheál Ó Conghaile a sholáthair na cuntais ar bheathaí na ndaoine thuasluaite.
Fág freagra ar 'Scéal beatha cúigear Gael eile curtha le Ainm.ie'