Sinn Féin leochaileach roimh Ard-Fheis i mBéal Feirste

Cé go bhfuil an páirtí chun tosaigh ar gach dream eile thuaidh agus theas is údar imní dóibh tuirse agus mífhoighid a lucht tacaíochta lena laige in Stormont

Sinn Féin leochaileach roimh Ard-Fheis i mBéal Feirste

Tá an líon is lú daoine ag tacú le Sinn Féin sa Tuaisceart le cúig bliana anuas. Seachtain roimh a dteacht le chéile ag Ard-Fheis i mBéal Feirste níorbh é sin an toradh ar phobalbhreith a theastaigh uathu.

Cé go bhfuil an páirtí chun tosaigh ar gach dream eile thuaidh agus theas is údar imní dóibh tuirse agus mífhoighid a lucht tacaíochta lena laige in Stormont. Bhí níos mó tacaíochta ag Sinn Féin i dTuaisceart Éireann ná sa bPoblacht le fada ach iad ag 24% ar dhá thaobh na teorann le déanaí. Do pháirtí nach raibh i rialtas ariamh agus a chothaíonn míshuaimhneas lena chomóradh ar dhaoine a bhain leas as foréigean, ba dhúshlán ar leith é cumas a léiriú sa bhFeidhmeannas in Stormont, a chruthú go mbeadh Sinn Féin i ról ceannais in ann athruithe a bhaint amach.

Nuair a ghlac Michelle O’Neill seilbh ar an gcéad-aireacht dhá bhliain ó shin b’ócáid chaithréimeach dá lucht leanúna é agus ionchas acu go dtabharfaí chun críche tograí a raibh náisiúnaithe á n-éileamh le blianta – nó cuid acu ar aon nós.

Ag an am sin, in 2024 bhí an ráta sástachta le Sinn Féin ag 31% de réir phobalbhreith Lucid Talk don Belfast Telegraph. B’in méadú 2 phointe céatadáin ar an 29% a fuair Sinn Féin i dtoghchán an Tionóil in 2022, an vóta a cháiligh Michelle O’Neill le bheith ar an gcéad náisiúnach ariamh ina Céad-Aire abhus. Níos deireanaí in 2024 in olltoghchán Westminster fuair Sinn Féin 27% den vóta, cor a d’fhág gurb é an páirtí ba mhó é ag gach leibhéal – sna húdaráis áitiúla, san Tionól agus sa Pharlaimint nach dtógann siad a suíocháin inti.

An deireadh seachtaine seo thart thaispeáin an phobalbhreith is deireanaí ó Lucid Talk don Belfast Telegraph titim pointe ar thacaíocht Shinn Féin ó mhí Eanáir. Ina theannta sin thit an tacaíocht do Mhichelle O’Neill 6 phointe go 38%. D’fhág sin sa cheathrú háit í, taobh thiar de Claire Hanna an SDLP a bhí ar 50%, Jon Burrows an UUP a bhí ar 46% agus Emma Little-Pengelly an DUP ar 44%.

Cé go bhfuil an treocht ag dul ina n-aghaidh údar uchtaigh a bheidh ann dóibh ag an Ard-Fheis san Halla Cois Cuain Dé hAoine agus Dé Sathairn gur léirigh an phobalbhreith bail i bhfad níos measa ar an bpáirtí is gaire dóibh, an DUP, a thit pointe freisin go 18%. Tharla an laghdú sin in ainneoin gothaí feachtasaíochta do thoghchán na bliana seo chugainn a bheith ar an DUP le naoi mí. Bhí an UUP ag 13% agus SDLP, Alliance agus TUV ar 11% agus bhí borradh beag faoin gComhaontas Glas, Aontú agus Pobal Seachas Brabús.

Ní hé neart aon pháirtí eile a bhéas ag dó na geirbe ag Sinn Féin seans ach imní faoi phatuaire a lucht leanúna. Nuair a luaitear Stormont le vótóirí de chuid Shinn Féin is é an rud is dearfaí a chloistear go hiondúil ‘ní thugaim aon aird air’ nó ‘is cuma ann nó as é’.

Dóibh sin a bhíonn oscailte lena gcáineadh dó croí agus domlas is ea tost nó géilliúlacht Shinn Féin i bhfianaise an doichill agus drochmheas atá léirithe ag an DUP ón samhradh seo caite. Nuair nach bhfuil dul chun cinn ar Bhóthar an A5 ná le Páirc Mhic Easmuinn le feiceáil ní mór ag daoine fadfhulangacht theachtaí Shinn Féin.

Nuair atá cuma páirtí agóidíochta ar Shinn Féin i leith léirsithe breosla ó dheas, an mbeidh an Ard-Fheis ag iarraidh ar ionadaithe abhus a bheith níos spreacúla in Stormont? Gan dabht beidh said ag díriú ar na fothoghcháin i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath sa chéad áit ach iontas a bheadh ann mura gcuirfeadh an Ard-Fheis ceann leis an réamhfheachtasaíocht le haghaidh vótáil don Tionól i mí Bealtaine 2027; níl a sárú le fáil ó thaobh oibrithe a chur ar na sráideanna agus fágann an laghdú ar a dtacaíocht gur gá iad a ghríosú chun oibre.

Beidh a fhios acu, áfach, nach mór a bheith níos fuinniúla in Stormont agus – slán an tsamhail- ceann a chur leis an obair ar thosaíocht amháin ar a laghad.

Cé gur beag seans nach mbeidh siad sa chéad-aireacht nó sa leaschéad-aireacht tar éis vótáil 2027 níor mhór dóibh a chruthú gur fiú iad a bheith i gcumhacht. Cor é sin i scéal an pháirtí a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar uaillmhian Mary Lou McDonald agus Sinn Féin a bheith i rialtas ó dheas.

Fág freagra ar 'Sinn Féin leochaileach roimh Ard-Fheis i mBéal Feirste'