Éirí amch na mBan Rialta – cuirimse mo chuid airgid ar na siúracha Bernadette, Regina agus Ríta

D’éalaigh triúr acu, an tSiúr Bernadette, an tSiúr Regina agus an tSiúr Rita as áras seandaoine, agus bhris isteach ar ais arís sa Chlochar i Schloss Goldenstein, an áit ina raibh a saol ‘beannaithe’ ar fad caite acu

Éirí amch na mBan Rialta – cuirimse mo chuid airgid ar na siúracha Bernadette, Regina agus Ríta

Ní minic a chloisfeá scéal fé ‘mhná rialta’ a chuirfeadh gliondar croí ort.

Na créatúirí bochta ní fhéadfá a rá go mbeadh cuimhní geala orthu ag formhór againne a bhí faoina smacht agus sinn ar an meánscoil fadó.

Chomhairfeá ar aon mhéar amháin an bhean rialta a bhíodh suáilceach leat. Sheasfadh a leithéid amach go deimhin.

Ach ana-sheans gur i gcoinne a dtola a bhí cuid mhaith acu i gclochair.

Nach beag rogha a bhí ag daoine, ní fada ó shin in aon chor é, ach déanamh mar a d’ordaigh a muintir dóibh?

Ach ní chuige sin atá an scéilín gleoite a dtána trasna air sna meáin chlóite le déanaí. Cur síos a bhí ann, ar ‘Éirí Amach’ seanmhná rialta!

Thall san Ostair a tharla sé.

D’éalaigh triúr acu, an tSiúr Bernadette, an tSiúr Regina agus an tSiúr Rita as áras seandaoine, agus bhris isteach ar ais arís sa Chlochar i Schloss Goldenstein, an áit ina raibh a saol ‘beannaithe’ ar fad caite acu.

Fuaireadar cabhair chuige sin ó iarscoláirí agus lucht tacaíochta.

Athraíodh na glais a bhí ar na doirse, agus cuireadh ar ais an t-ardaitheoir speisialta do sheandaoine a bhí bainte amach.

Is amhlaidh ná rabhadar pioc sásta in áras na seandaoine agus theastaigh uatha bheith thar n-ais san áit a raibh na blianta curtha isteach acu, chun an chuid eile dá saol a chaitheamh ann agus bás a fháil ann i ndeireadh a saoil thiar.

Ní róshásta, ní nach ionadh, atá na húdaráis Eaglasta áitiúla leis an ‘easumhlaíocht’ seo.

Cuireann an Saoiste, an Provost Markus Grasí ó mhainistir Reichersberg ina leith go bhfuil droim láimhe á tabhairt acu dá ‘móid umhlaíochta’ toisc nach bhfuil siad sásta fanacht san áit inar aistríodh iad siar in 2023.

Anuas air sin maíonn sé nach bhfuil an clochar oiriúnach d’éinne atá cnagaosta.

An iomarca staighrí arda do sheana-chrocks mar iad.

Ach ní haon dóithín iad na mná rialta seo, bail orthu.

Dearbhaíonn siad go bhfuil an ceart acu de réir dlí na hEaglaise Caitlicí, an ‘stabilitas loci’, cead a bheith acu fanacht san áit agus gur cheart go seasfadh an Eaglais leosan, nuair a thug siad a saol suas dóibhsean.

Tá a gcás curtha faoi bhráid an Phápa Leo XIV acu.

Is den ord Agaistíneach iad araon.

Le tacaíocht airgid ó dhreamanna éagsúla, tá na siúracha chun turas a thabhairt ar an Róimh go luath chun labhairt díreach amach leis an bPápa féna gcás.

Ní raibh éinne de na mná rialta seo sa Róimh riamh roimhe seo agus tuairiscítear sceitimíní a bheith orthu a bheith ábalta an turas a dhéanamh.

De réir dealraimh tá lucht tacaíochta láidir acu ar na meáin shóisialta, Instagram is eile.

Tá comhlacht caidreamh poiblí fostaithe ag an eaglais go háitiúil chun déileáil leo, agus iad ag cur brú orthu éirí as an bpoiblíocht seo ar fad ar feadh tamaill má tá súil acu le héisteacht a fháil ón bPápa.

Cuirimse mo chuid airgid ar na siúracha Bernadette, Regina agus Ríta agus na meáin shóisialta sa chath beag seo idir a gceart agus an córas ‘smachta’ gan tuiscint gan trócaire.

Fág freagra ar 'Éirí amch na mBan Rialta – cuirimse mo chuid airgid ar na siúracha Bernadette, Regina agus Ríta'

  • Jacko

    Fé mar adeireadh Blascaodach liomsa anallód agus meangadh gáire ar a aghaidh;
    “Tá mná rialta agus mírialta ann!”

  • Paula

    Nach mairg don té a dhéanfadh beag is fiu des na mná rialta. Ceacht ansin daoibh.