Caithfidh go bhfuil rud éigin speisialta san uisce nó san aer i gCois Fharraige a ghlanann an cloigeann is a spreagann an éirim is an dea-mhachnamh. Breathnaigh go bhfuil duine as an bpaiste beag bóthair a shíneann ó Indreabhán go Bearna i gConamara ceaptha ag uachtaráin ar thrí Chomhairle Stáit as a chéile.
D’fhógair an tUachtarán Catherine Connolly an seachtar atá ceaptha aic ar an gComhairle Stáit an tseachtain seo. Ina measc, tá Fionnuala Ní Aoláin, a rugadh i mBaile Átha Cliath, ach a tógadh le Gaeilge i gCois Fharraige.
Saineolaí ar an dlí idirnáisiúnta agus cearta daonna í Ní Aoláin atá ina hOllamh le Dlí in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste agus ina Regents Professor agus Robina Professor of Law, Public Policy and Society i Scoil an Dlí in Ollscoil Mhinnesota.
Ceapadh í anuraidh le hoibriú le fiosrúchán de chuid na Náisiún Aontaithe i sáruithe ar chearta an duine a rinneadh sa tSiria.
Ní fada ó tháinig deireadh le tréimhse a thug ionadaí eile as Cois Fharraige ar an gComhairle, an t-iriseoir agus iarChoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. Bhí Ó Cuirreáin, Conallach ó dhúchas atá blianta fada ina chónaí ar an gCoill Rua Thiar in Indreabhán i measc na gceapachán ag an Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn sa dara tréimhse Uachtaránachta aige.
Go tobar Chois Fharraige a chuaigh Ó hUigínn ina chéad tréimhse mar Uachtarán freisin agus an tOllamh Emeritus in Ollscoil na Gaillimhe, Gearóid Ó Tuathaigh i measc na gceapachán aige ar an gComhairle Stáit.
Go bhfios don Dialann níl aon riachtanas ann go gcaithfidh duine as Cois Fharraige a bheith ar an gComhairle Stáit. Ach d’éinne a mbeadh spéis acu sa ról nuair a thiocfaidh sé thart arís, b’fhéidir nach ndéanfadh sé aon dochar duit bogadh siar.
Tá rud éigin san aer.
An Ghaeilge is an fothoghchán
Níl an fothoghchán a bheidh ar siúl i nGaillimh Thiar fógartha go hoifigiúil go fóilleach, ach tá an feachtas lena aghaidh faoi lán seoil cheana féin, shílfeá. Tá iarrthóirí roghnaithe ag na páirtithe móra ar fad, tá póstaeir NACH póstaeir toghcháin iad in airde ag cuid acu, agus tá muid bodhraithe ag an aos polaitíochta ar aerthonnta Raidió na Gaeltachta agus Galway Bay FM.
Is cainteoirí Gaeilge iad ceathrar den 12 duine atá tar éis a n-ainm a chur chun cinn le suíochán an Uachtaráin Catherine Connolly i dTeach Laighean a thógáil. Díol suntais é, mar sin, gur duine de na cainteoirí Béarla, an Ceanadach Sheila Garrity, is mó atá ag baint úsáid as an nGaeilge ina feachtas scríofa.
De réir mar a fheiceann muide, is í Garrity an t-aon iarrthóir go dtí seo a bhfuil leagan Gaeilge aici dá suíomh idirlín (GarrityforGalway.ie) in ainneoin nach bhfuil an teanga ar a toil aici agus nach bhfuil cónaí uirthi sa Ghaeltacht Oifigiúil.
Chuala muid go raibh bileoga dátheangacha á scaipeadh ag an Seanadóir Seán Kyne, a bhíodh ina aire stáit don Ghaeltacht, ar thithe sa nGaeltacht an lá cheana agus bíonn an fear céanna le cloisteáil ar RnaG go minic freisin.
Ba mhór an íoróin a bhain leis an ríomhphost a fuair muid ó phreasoifig na nDaonlathaithe Sóisialta an lá cheana. Ráiteas a bhí ann ón iarrthóir Gaeltachta Míde Nic Fhionnlaoich ag olagón faoi na ‘existential problems facing the Gaeltacht’ i mBéarla breá líofa.
Is dóigh nach féidir an milleán ar fad a leagan ar Mhíde Nic Fhionnlaoich féin, a bhíonn le cloisteáil go minic ar Raidió na Gaeltachta agus atá tar éis póstaeir i nGaeilge a chrochadh i gConamara. Ach Béarla uilig a bhíonn sna preasráitis óna páirtí agus is i mBéarla den chuid is mó a bhíonn a cuid postálacha ar na meáin shóisialta freisin. Bhain an ráiteas leis an scéal go mb’fhéidir nach mbeadh díospóireachtaí toghcháin i nGaeilge ag na hiarrthóirí ar an raidió ná ar an teilifís.
“Muintir na Gaeltachta are so often left out of the narrative in this country when it comes to the important issues of the day, and sometimes even conversations about the Irish language itself,” a dúradh.
Sea is uafásach an rud é nuair a fhágtar muintir na Gaeltachta as an áireamh.
Bhí ceist mhaith sa ráiteas chomh maith.
“If Irish-speaking communities can’t fully engage in this by-election, how can we even begin to address the existential problems faced by the Gaeltacht?” a dúradh sa phreasráiteas.
How, indeed?
Maitiú Ó Coimín
Mícheál Ó Flaithearta
Comhartha beag na Gaeltachta is dóichí.