Bagairt déanta ag an Iaráin go bhfaighidh siad a ndíoltas tar éis do na Stáit Aontaithe long lastais dá cuid a ionsaí

De réir mar a socraíodh tiocfaidh deireadh leis an sos comhraic coicíse a socraíodh idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin Dé Céadaoin.

Bagairt déanta ag an Iaráin go bhfaighidh siad a ndíoltas tar éis do na Stáit Aontaithe long lastais dá cuid a ionsaí

Tá bagairt déanta ag an Iaráin go bhfaighidh siad a ndíoltas tar éis do na Stáit Aontaithe long lastais dá cuid a ionsaí agus a ghabháil in aice le Caolas Hormuz.

Tá sé ráite ag urlabhraí de chuid Roinn Gnóthaí Eachtracha na hIaráine nach bhfuil cinneadh déanta go fóill ag an rialtas ansin an bhfreastalóidh siad ar an dara babhta idirbheartaíochta leis na Stáit Aontaithe.

“Ag an tráth seo níl aon phleananna déanta againn don chéad bhabhta eile cainteanna agus níl aon chinneadh déanta againn ina leith,” a dúirt an t-urlabhraí.

Chuir urlabhraí na haireachta gnóthaí eachtracha, Esmail Baghaei, i leith na Stát Aontaithe go raibh bearta ar siúl acu “nach léiríonn in aon chor go bhfuil próiseas taidhleoireachta ar bun acu”.

De réir mar a socraíodh tiocfaidh deireadh leis an sos comhraic coicíse a socraíodh idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin Dé Céadaoin.

Chuir ceanncheathrú mhíleata na hIaráine i leith na Stát Aontaithe gur sháraigh siad an sos comhraic sin nuair a scaoil cabhlach Mheiriceá le long lastais faoi bhratach na hIaráine i Murascaill Óman sular ghabhadar í.

Inné a scaoil scriostóir le cabhlach na Stát Aontaithe leis an long lastais Iaránach agus imshuí ar bun ag Meiriceá ar chalafoirt na hIaráine le seachtain.

Sa Mhuir Arabach ó dheas de Chaolas Hormuz a rinneadh an t-ionsaí, caolas a úsáideann an cúigiú cuid de thancaeir ola an domhain de ghnáth.

Cé go bhfuil caint ar bhabhta eile cainteanna a bheith ar na bacáin inniu sa Phacastáin, ní fios fós an dtarlóidh siad.

An Leas-Uachtarán JD Vance a bhí le ceannas a ghlacadh ar thoscairí na Stát Aontaithe ansin ach tá ráite ag an Iaráin nach bhfuil “aon phleananna” déanta acusan fós le bheith i láthair.

Go dtí seo seisiún amháin idirbheartaíochta a tharla, an ceann in Islamabad ar an 11 Aibreán.

Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe inné, “Táimid ag tairiscint margadh an-chothrom agus an-réasúnta dóibh agus tá súil agam go nglacfaidh siad leis.” Mura ndéanfaí margadh, rinne sé arís an bhagairt a rinne sé cheana faoi infreastruchtúir na hIaráine a scrios.

Fág freagra ar 'Bagairt déanta ag an Iaráin go bhfaighidh siad a ndíoltas tar éis do na Stáit Aontaithe long lastais dá cuid a ionsaí'