Tonn teasa na hEorpa ag fágáil scoileanna dúnta agus ag cur sláinte daoine i mbaol

Deir Met Éireann go mbeidh an teocht chomh hard le 31 céim amárach agus go bhféadfadh sé a bheith níos teo ná sin

Tonn teasa na hEorpa ag fágáil scoileanna dúnta agus ag cur sláinte daoine i mbaol

Tá fógra déanta ag Ceannasaí na hEagraíochta Domhanda Sláinte, Tedros Adhanom Ghebreyesus, go bhfuil an tonn teasa atá i réim san Eoraip “ag cur sláinte daoine i mbaol”.

“Tá an tonn teasa seo san Eoraip ag fágáil scoileanna dúnta agus ag cur sláinte daoine i mbaol. Tá na sonraí soiléir: tá an teocht ag ardú ar fud na hEorpa ag ráta atá thart ar dhá uair níos tapa ná an meánráta domhanda, agus an seans ag méadú go mbeidh teas mór againn sa todhchaí agus go mbeidh sé contúirteach.”

Áirítear go mbeidh an teocht os cionn 35 céim Celsius inniu in áiteanna san Eoraip ina bhfuil os cionn 94 milliún duine ina gcónaí, a bhformhór sin sa bhFrainc agus sa Spáinn.

Tá 350 milliún duine nó dhá thrian de phobal na hEorpa in áiteanna inniu ina bhfuil an teocht os cionn 30 céim Celsius.

Tá rabhadh buí teasa eisithe ag Met Éireann dúinne sa tír seo atá i bhfeidhm ó mheán lae Dé Máirt go dtí maidin Dé hAoine. Tugann lucht na haimsire rabhadh dúinn go mbeidh “teas as an ngnáth” ann agus go bhféadfadh sin a bheith ina shiocair le deacrachtaí maidir le sábháilteacht uisce, codladh go compordach agus strus teasa.

I bPáirc an Fhionnuisce sa bpríomhchathair a cláraíodh an teocht ab airde inné, bhí sé 28.5C ansin ach táthar á thuar go bhféadfadh an lá amárach an teocht ab airde a cláraíodh anseo riamh, 33.3C. a shárú. Beidh an lá amárach meirbh agus te ar fud na tíre ar fad agus teocht idir 25C agus 31 céim Celsius á tuar ach d’fhéadfadh sé a bheith níos teo i mbólaí áirithe, lár tíre agus san iarthar is teo a bheidh.

Tá pobal na Ríochta Aontaithe ar tinneall agus an teocht is measa riamh á thuar ansin. Tá caint ar theocht chomh hard le 40 céim Celsius inniu agus amárach i gcodanna de Shasana agus den Bhreatain Bheag, tá scoileanna á ndúnadh agus iarrtar ar dhaoine gan aon taisteal a dhéanamh má fhéadann siad chor ar bith.

Fógraíodh gurbh é inné an lá ba theo sa bhFrainc ó tosaíodh ag taifeadadh dálaí aimsire ansin i 1947, taifeadadh teocht 44.3C i Pissos in aice le cathair Bordeaux san iardheisceart inné. Deimhníodh sa bhFrainc freisin gur san uisce a bhí fód a mbáis ag dhá scór duine le cúpla lá anuas. Tá breis is 90% de phobal na Fraince bruite scólta ag an teas diamhair seo agus an cliseadh cumhachta ag cur leis an trioblóid.

Tá an foláireamh dearg, an foláireamh is déine, i bhfeidhm i 16 cathair san Iodáil, an Róimh, Milano, Florence, Turin, agus an Veinéis ina measc. Sin rabhadh go bhfuil contúirt ag baint leis an teas mór seo don duine.

Tá cód oráiste teaspaigh i bhfeidhm i gcuid den Ísiltír go dtí an Aoine ar a thúisce, tráth a meastar go mbaileoidh an tonn teasa léi soir go dtí oirthear na hEorpa.

Tá foláireamh ardleibhéil eisithe ag rialtas na Polainne chomh maith don chuid thiar den tír ón lá amárach go dtí an Satharn agus tá foláireamh dearg i bhfeidhm do chósta na Cróite don Aoine agus an Satharn beag seo.

Rabhadh den dara leibhéal déine atá eisithe ag an Ungáir agus beifear á ardú sin go dtí an leibhéal rabhaidh is airde ón Satharn go dtí an Mháirt seo chugainn.

Fág freagra ar 'Tonn teasa na hEorpa ag fágáil scoileanna dúnta agus ag cur sláinte daoine i mbaol'