Scríofa agus maisithe ag Philip Elliott
Clúdach crua, €11.95
Foilsithe ag Futa Fata
Tá na blianta caite ag Philip Elliott ag plé le cúrsaí ealaíne agus maisithe idir feachtais fógraíochta, leabhair do pháistí agus ar a shraith priontaí féin. Tá neart taithí aige freisin a bheith ag plé le litríocht na n-óg agus é mar oibrí deonach le Fighting Words. Anois, tá sé ag tógáil ar an taithí sin ina chéad leabhar Cá dTosaíonn an Spéir?,atá foilsithe ag Futa Fata.
Sa scéal fíorspeisialta seo téann an léitheoir ar thuras le beirt chairde; an buachaill óg fiosrach Cian, agus a chara Eilifint, atá eolach agus foighneach. Cosúil le go leor páistí óga, tá iliomad ceisteanna ag Cian faoin domhan mórthimpeall air agus tá an t-ádh leis mar go bhfuil freagraí na gceisteanna sin ag Eilfint – nó, mura bhfuil, tá sé spreagtha chun freagra na ceiste a fháil amach.
Tosaíonn an scéal leis an gceist mhór ‘cé chomh hard is atá an spéir?’ a spreagann ceist eile ‘cá dtosaíonn sí?’. Cuireann na ceisteanna sin tús le haistear spleodrach na beirte seo.
Le linn an aistir, foghlaimímid faoin spéir agus faoi chúrsaí aimsire atá mínithe ar bhealach atá an-oiriúnach do pháistí óga. Tá go leor fíricí ag Eilifint faoi scamaill, báisteach, stoirmeacha agus baineann sé úsáid an-éifeachtach as an bpearsanú chun cúrsaí eolaíochta a mhíniú go simplí dá chara óg. Deir sé ‘Titeann an bháisteach go trom, trom, ar nós go bhfuil an spéir AR BUILE!’ agus ‘Nuair a thagann an ghrian amach, cuireann sí an ruaig ar an gceo.’
Is mór an spórt iad na léaráidí sa leabhar agus tá stíl álainn ag Philip Elliott. Tá leanúnachas deas ann ó leathanach go leathanach, síneann an chuid is mó de na pictiúir thar dhá leathanach agus cuireann sé seo go mór le beocht agus luas an aistir agus Cian agus Eilifint ag dul síos cnoc agus trasna na farraige.
Níl an iomarca téacs ann agus léirítear an scéal go príomha trí chomhrá idir an bheirt. Tá clisteacht ag baint leis an gcló freisin: úsáidtear cló níos tibhe agus níos mó chun athruithe sna scamaill a léiriú. Rud eile a thaitin liom ná go dtosaíonn an scéal sa lá agus críochnaíonn sé san oíche, rud a chuireann críoch dheas leis an scéal agus chintíonn go bhfeicimid iliomad dathanna na spéire.
Is iomaí nasc atá ag an scéal le téamaí a bpléitear ar scoil freisin. Spreagann sé caint faoin nádúr, na séasúir, cúrsaí ama agus an domhan nádúrtha mórthimpeall orainn. B’fhéidir go spreagfaidh sé intinní fiosracha eile, cosúil le Cian, chun dul amach ag féachaint ar na scamaill agus ag fiosrú cá dtosaíonn an spéir.
Ach ag croí an scéil tá an cairdeas. Léirítear cairdeas álainn agus speisialta idir an bheirt – is cara maith é an eilifint chorcra le stríocaí bándearga ar a thrunc, míníonn sé rudaí go foighneach, cosnaíonn sé Cian le linn na stoirme, iompraíonn sé Cian ar nós gur bád é le dul síos an abhainn, tá samhlaíocht agus fiosracht ag Cian a aithneoidh an-chuid léitheoirí iontu féin.
Le clúdach crua, léaráidí agus scéal speisialta, is cinnte go mbeidh an-tóir go deo ar an leabhar snasta agus dea-dhéanta seo. Mar sin, cá dtosaíonn an spéir? Beidh ort an leabhar seo a fháil le fáil amach!
Feileann an leabhar don aoisghrúpa 2 – 5 bliana don léamh os ard agus don aoisghrúpa 6 – 8 don léitheoireacht neamhspleách.
Fág freagra ar 'Cairdeas álainn speisialta i gcroílár ‘Cá dTosaíonn an Spéir?’'