Bhí airí rialtais in Éirinn fadó a raibh nós acu iarracht a dhéanamh go minic bob a bhualadh ar an bpobal.
Thugaidís le fios roimh lá an bhuiséid nach raibh mórán airgid sa chiste. Nó go raibh an léargas eacnamaíochta go dona, nó go gcaithfí caiteachas a shrianadh agus mar sin de.
Ní bheadh aon dul as acu mar sin, a deiridís, ach a bheith faichilleach in áit a bheith flaithiúil agus an buiséad á ullmhú acu.
Déanta na fírinne, níor éirigh leo ach dallamullóg a chur ar an dream ba shoineanta sa tír. De ghnáth, nocht an buiséad an lánfhírinne. Bhí ‘fuílleach’ aimsithe acu a chuir ar a gcumas dea-scéal nó dhó á fhógairt.
Ainneoin na rabhaidh a thug airí airgeadais roimh ré, thug go leor buiséad cúis mhaíte d’airí eile agus sciath chosanta do chúlbhinseoirí an rialtais.
D’imigh sin agus tháinig seo. Is léir do chách faoi láthair síorfhorbairt an gheilleagair agus an síormhéadú ar theacht isteach an rialtais.
Mar a léiríodh arís Déardaoin agus figiúirí á bhfoilsiú ag an Roinn Airgeadais a thug le fios go raibh an teacht isteach go deireadh mhí Iúil €3.4 billiún níos mó, nó a sé faoin gcéad níos mó, ná an méid a bailíodh sa tréimhse chéanna anuraidh.
Ar an taobh eile den chuntas, tá caiteachas an rialtais méadaithe faoi dhó beagnach ó 2019 agus róchaiteachas €700m (is é sin le rá, caiteachas níos mó ná mar a socraíodh) á thuar ag an rialtas i mbliana.
Caithfear an méadú ar chaiteachas a shrianadh, a dúirt Jack Chambers arís. Mar a dúirt Simon Harris chomh maith.
Ar ndóigh níor tharraing an Tánaiste siar a bhfuil ráite go minic aige cheana agus beartais chostasacha á ngealladh aige. Ina measc ísliú ar rátaí cáin ioncaim chomh maith le laghdú ar an gcostas maireachtála i gcoitinne agus ar chostas cúram leanaí go háirithe.
Sprionlaitheacht agus flaithiúlacht in éineacht mar sin atá á gcraobhscaoileadh ag na hairí a fhógróidh an dá thaobh den bhuiséad ar an 6 Deireadh Fómhair. Ní beag an dúshlán é an dá riachtanas a mhíniú ag an am céanna.
Is léir freisin an chontúirt pholaitiúil atá ag bagairt ar an mbeirt agus an t-airgead á roinnt acu. Rachaidh sé dian orthu dóthain a chur i leataobh chun rátaí cáin ioncaim a athrú ar scála a bheidh chomh mór go dtabharfaidh ár mbunáite an tairbhe faoi deara.
Gan dabht déanfaidh airí rialtais mór is fiú a dhéanamh d’athrú a thugann €10-20 sa tseachtain d’oibrí singil nó €40-50 do lánúin dhá ioncam ach ní ligfidh mórán liú áthais dá bharr.
Is déine an dúshlán a bhaineann le laghdú ar chostas cúram leanaí ar chúis amháin thar aon chúis eile – na geallúintí a thug Fine Gael agus Fianna Fáil roimh an olltoghchán go laghdóidís táillí go dtí €200 sa mhí.
Bhí ráiteas i gclár an chomhrialtais go laghdófaí costas cúram leanaí go dtí €200 sa mhí a chuir séala ar ghealltanais an dá pháirtí ach cuireadh iad ar mhéar fhada an rialtais. Cé gur thug Simon Harris le fios roimh an olltoghchán go mbeadh laghdú ar tháillí sa chéad bhuiséad eile ní raibh focal ina thaobh ann.
Níor thosaigh an laghdú “de réir a chéile” mar sin fós, fiche mí tar éis an olltoghcháin.
Is mó an chúis míshásaimh an mhoill i bhfianaise an tsuirbhé a d’fhoilsigh an foras rialtais Pobal anuraidh a thug le fios gur €200 sa tseachtain ar an meán a bhí á íoc ag tuismitheoirí anuraidh.
Léirigh an suirbhé raon costais ó €160 sa tseachtain i gcontaetha Thiobraid Árann agus Mhuineacháin go dtí na táillí is airde: €265 ar an meán i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath agus sna contaetha máguaird.
Is dóichí ná a mhalairt gur ardaigh na táillí a iarrtar i mórán ionad ó shin. Rud a fhágann go dteastódh méadú mór ar chaiteachas an rialtais chun tús dáiríre a chur le comhlíonadh na ngealltanas a tugadh roimh an olltoghchán agus arís ina dhiaidh. Más maith is mithid, agus mall.
Cibé toradh a bheidh ar an gcur is cúiteamh a bheidh ar bun idir seo agus lá an Bhuiséid, is féidir talamh slán a dhéanamh de thuairim amháin. Ní bheidh sé ar chumas Simon Harris agus Jack Chambers cáiníocóirí agus tuismitheoirí a shásamh. Is é sin mura gcaitheann an bheirt i leataobh an uasteorainn (méadú sé faoin gcéad ar chaiteachas in 2027) atá fógartha go minic acu.
Gan dabht d’éascódh fiú leathshíocháin idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin a cheadódh saorthrácht farraige trí Chaolas Hormuz saothar na beirte. Go háirithe agus cinneadh le déanamh roimh an mBuiséad faoi na beartais éigeandála atá i bhfeidhm ó mhí Aibreáin chun praghsanna breosla a theorannú (costas iomlán: €500 milliún).
Dúirt aire i rialtas eile leis an scríbhneoir seo agus buiséad á phlé againn roimh ré nach gcuireann na meáin an brú a chuireann roghanna buiséid ar rialtas san áireamh i gceart.
“Baineann sibh sásamh as a bheith ag caitheamh anuas orainn toisc nár chuireamar airgead ar bith ar fáil do scéimeanna fiúntacha, nó nár dáileadh dóthain orthu, nó gur chun dream callánach éigin a shásamh a tairgeadh faoiseamh dóibh.
“Ceart go leor, tuilltear lochtú uaireanta. Ach ní bhíonn ar iriseoirí riamh méid áirithe airgid a roinnt, ná roghanna crua a dhéanamh, ná iad a chosaint sa Dáil agus lasmuigh.”
Rogha nach sásóidh mórán a fhógrófar sa chuid is mó den bhuiséad atá á dhréachtú ag Simon Harris agus ag Jack Chambers. Ní dhéanfar dearmad ar chaint Harris faoin bhfaoiseamh a deir sé a chaithfear a thabhairt “do dhaoine a éiríonn go moch” agus do thuismitheoirí a íocann táillí arda ar chúram leanaí.
Is é an rogha is déine atá le déanamh ag an mbeirt, áfach, rogha idir beartais a thairgfidh beagán do mhórán nó a mhalairt. Ní gan stró ná teannas idir airí a dhéanfar an rogha dheireanach.
Fág freagra ar 'Ní beag an míshásamh a spreagfaidh an Buiséad má leanann an rialtas lena róghealladh'