Seachtain oidhreachta, Féile Dhoire, Ceardlann do chumadóirí amhrán, Slam Filíochta, Ceol i nGairdíní an Dísirt

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

Seachtain oidhreachta, Féile Dhoire, Ceardlann do chumadóirí amhrán, Slam Filíochta, Ceol i nGairdíní an Dísirt

FÉILE

An Coimisinéir Gaeilge, Pól Deeds.

Os cionn 150 imeacht ag Féile Dhoire

Cuireadh tús an tseachtain seo le Féile Doire a bheidh ar bun go dtí 15 Lúnasa a fud na cathrach. I measc na n-imeachtaí a bheidh ar bun, tabharfaidh Pól Deeds, Coimisinéir Gaeilge Thuaisceart Éireann, Léacht Chuimhneacháin Dhonncha Mhic Niallais i gCultúrlann Uí Chanáin agus é ag caint ar sheirbhísí poiblí do Ghaeilgeoirí agus áit na Gaeilge sa saol poiblí.

Beidh imeachtaí eile ar bun idir chainteanna, cheolchoirmeacha, imeachtaí teaghlaigh agus spóirt ar fud chathair Dhoire i gcaitheamh na féile.

Tuilleadh eolais agus clár na féile anseo.

OIDHREACHT

Imeachtaí Gaeilge i rith na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta

Beidh Seachtain Oidhreachta Náisiúnta ar bun ón 15 go dtí an 23 Lúnasa agus lear mór imeachtaí Gaeilge beartaithe ar fud na tíre.

Cuirfear ‘Am Scéalaíochta agus Ealaíne’ ar bun i Leabharlann na Ceathrún Rua ar an Satharn an 15 Lúnasa ag meán lae. Tá an t-imeacht seo feiliúnach do ghasúir idir 5 -8 mbliana d’aois agus níl aon táille i gceist leis.

Cuirfear seisiún Amhránaíocht ar an Sean-Nós ar bun i Leabharlann Ráth Chairn ar an Déardaoin, an 19 Lúnasa, ag 11am le hÉire Ní Fhaoláin. Beidh deis ag páistí amhráin bheoga a fhoghlaim agus cur lena scileanna scéalaíochta agus Gaeilge. Tá an ócáid sin feiliúnach do pháistí os cionn 7 mbliana d’aois. Tuilleadh eolais anseo.

Tuilleadh eolais agus clár na n-imeachtaí Gaeilge ar fáil ag anseo.

FILÍOCHT

Slam filíochta Liú Lúnasa sprioclá

Inniu, an 7 Lúnasa, an sprioclá do shlam filíochta Liú Lúnasa. Seo í an deichiú bliain ag an ócáid seo a dhéanann ceiliúradh ar an bhfilíocht ó bhéal. Tá Nós agus Raidió Fáilte ag déanamh urraíochta ar an Slam Filíochta i mbliana agus duaischiste £800 ag dul leis.

Cuirfear an t-imeacht ar bun ar an 14 Lúnasa agus is í Caoimhe Ní Chathail a bheidh á chur i láthair. Tá táille £5 le cur isteach ar an gcomórtas agus tá foirm iarratais anseo.

Beidh Féile Liú Lúnasa á seoladh go hoifigiúil i dTí Mhadáin Déardaoin an 13 Lúnasa ag 7pm.

CEARDAÍOCHT

Mí na ceardaíochta i gCorcaigh

Tá Mí Ceardaíochta Chorcaí ar bun i rith mhí Lúnasa agus os cionn 90 ceardlann, taispeántas, agus margaí éagsúla ar fáil ina mbeidh ceardaíocht thraidisiúnta agus chomhaimseartha á cur i láthair. I measc na n-imeachtaí beidh déantús poircealláin, caoladóireacht, criadóireacht, teicstílí agus clódóireacht. I mbliana, den chéad uair, beidh Margadh na nDéantóirí amuigh faoin aer ag Ionad Siopadóireachta Douglas Court, ag tosú inniu, an 7 Lúnasa óna 10am go dtí a 4pm agus beidh preabshiopa ar oscailt i nGailearaí Glucksman in Ollscoil Chorcaí go dtí an 31 Lúnasa.

Tuilleadh eolais agus an clár ag corkcraftdesign.ie

CEOL

Ceol i nGairdíní an Dísirt

Tá sraith ceolchoirmeacha ar bun i nGairdíní an Dísirt sa Daingean i gcaitheamh an tsamhraidh. Ionad cultúir, ealaíne agus spioradáltachta é An Díseart ina mbíonn réimse imeachtaí cultúir, spioradáltachta agus oidhreachta ar bun. Is láthair chomhluadair iad na gairdíní ina ndéanann teaghlaigh picnic nó ina gcaitheann daoine tamall i mbun machnaimh nó paidreoireacht chiúin agus ina gcuirtear ócáidí pobail agus cultúir ar siúl ann go minic.

Tá an tsraith ceolchoirmeacha á gcur ar bun gach Déardaoin ag am lóin ó 1-2pm. Dhá cheolchoirm atá fágtha sa tsraith seo. Beidh Méabh Ní Bheaglaoich agus Niamh Varian-Barry ag seinm ar an Déardaoin seo chugainn, 13 Lúnasa ar an mbosca ceoil agus veidhlín.

An Déardaoin dár gcionn, an 20 Lúnasa, beidh Seosaimhín Ní Bheaglaoich ag amhránaíocht agus beirt eile ina teannta, Cormac de Barra ar an gcláirseach agus Aogán Ó Loingsigh ar an gconsairtín.

Tuilleadh eolais anseo.

 

Cúpla lá fágtha ag Fleadh Cheoil na hÉireann

Tá neart imeachtaí fágtha fós ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus Féile Imill na Fleidhe a bheidh ag bun i gcaitheamh an deireadh seachtaine go dtí Dé Domhnaigh an 9 Lúnasa.

I measc na n-imeachtaí beidh seó teaghlaigh Páidí agus Fionn agus Comórtas na nAoirí ar stáitse ag meán lae inniu, Ticéid anseo:

Beidh Ceolfhoireann Náisiúnta Cheol Tíre Chomhaltais ag seinm i Halla Uladh tráthnóna inniu ag a 8:00 i.n. Ticéid anseo.

Ensemble í an cheolfhoireann ina bhfuil 60 ball idir cheoltóirí óga, amhránaithe agus damhsóirí. Cuireann siad ceolchoirmeacha  i láthair ina mbíonn meascán den cheol traidisiúnta agus cóiriú comhaimseartha déanta air.

Gach eolas agus clár le fáil anseo.

CEARDLANN

Ceardlann do chumadóirí amhrán Gaeilge

Beidh ceardlann do chumadóirí amhrán Gaeilge á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnacht i gcuimhne ar Phádraig Ó hAoláin ar an Satharn, 22 Lúnasa in oifig Chló Iar-Chonnacht sa Spidéal. Is iad Micheál Ó Conghaile, scríbhneoir, agus Ciarán Ó Fátharta, cumadóir amhrán, stiúrthóirí na ceardlainne.

Tá an cheardlann seo á heagrú i gcuimhne ar an gcumadóir amhrán Pádraig Ó hAoláin (1944–2021) a thacaigh go mór le cur chun cinn na n-amhrán is an cheoil thraidisiúnta agus na n-ealaíon dúchais fré chéile. Beidh an cheardlann dírithe ar chumadóirí amhrán (den uile chineál), agallaimh bheirte agus lúibíní. Beidh fáilte roimh ábhar ó chumadóirí aitheanta agus ó chumadóirí nua.

Tugtar cuireadh do chumadóirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann sampla dá saothar: amhrán nuachumtha, agallamh beirte nó lúibín a sheoladh chuig CIC, ag moccic22@outlook.com roimh an 15 Lúnasa 2026.

Tuilleadh eolais le fáil anseo.

Fág freagra ar 'Seachtain oidhreachta, Féile Dhoire, Ceardlann do chumadóirí amhrán, Slam Filíochta, Ceol i nGairdíní an Dísirt'