Tá grúpa feachtais nua bunaithe chun brú a chur ar an rialtas reachtaíocht a thabhairt isteach chun oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil do gach páiste sa tír ar mhian leo é.
Tá tuismitheoirí a bhí páirteach i bhfeachtais áirithe timpeall na tíre chun scoileanna lán-Ghaeilge a éileamh anois tagtha le chéile chun grúpa náisiúnta, IMEASC, a bhunú.
Deir bunaitheoirí an ghrúpa go bhfuil súil acu aird a tharraingt ar na bacanna “córasacha institiúideacha” atá “ag cur cosc” ar pháistí teacht ar oideachas trí mheán na Gaeilge. Deir an grúpa go bhfuil tuismitheoirí suas le 20% de pháistí scoile an stáit ag iarraidh oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí ach nach bhfuil na scoileanna ar fáil dóibh.
Deir IMEASC go bhfuil gá le reachtaíocht chun a chinntiú go bhfuil sé de cheart ag gach páiste oideachas lán-Ghaeilge a fháil.
Tá feachtas nua le seoladh ag an ngrúpa an tseachtain seo chun an t-éileamh atá ann agus an obair atá le déanamh a chur ina luí ar pholaiteoirí.
Tá baill de choiste Oireachtais na Gaeilge, an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú ó Fhianna Fáil agus an t-iarAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív ina measc siúd a bhfuil tacaíocht léirithe acu don ghrúpa cheana féin agus a bheidh i láthair ag seoladh an fheachtais i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin. Deir IMEASC go bhfuil tacaíocht tugtha ag polaiteoirí ó gach páirtí don bhfeachtas.
Dúirt urlabhraí de chuid IMEASC, Rachel de Bhailís, nach dtuigeann go leor den phobal nach bhfuil an ceart ag gach páiste oideachas a fháil trí Ghaeilge.
Múinteoir Gaelcholáiste agus tuismitheoir í de Bhailís agus bhí sí i mbun feachtais chun Gaelcholáiste nua a thógáil i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.
Dúirt sí gurb iad na tuismitheoirí féin a bhunaigh an-chuid de na scoileanna lán-Ghaeilge atá ann timpeall na tíre agus nach bhfuil aon chóras ceart ag an Roinn Oideachais go fóill chun scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú breis is 100 bliain ar aghaidh ó bhunú an stáit.
Tá sé luaite sa chlár rialtais go mbunóidh an rialtas Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí nuair in áiteanna a bhfuil éileamh orthu ach tá imní léirithe ag lucht feachtais nach bhfuil sé i gceist an gealltanas sin a chomhlíonadh.
Rinne an Taoiseach Micheál Martin cosaint an tseachtain seo caite ar chur chuige an rialtais maidir le bunú scoileanna lán-Ghaeilge.
Léirigh torthaí pobalbhreitheanna le gairid go roghnódh 49% de dhaoine an t-oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí dá mbeadh a leithéid ar fáil ina gceantar.
Tá céatadán na ndaltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge – 5.9% – níos ísle ná mar a bhí ag aon am le breis is deich mbliana anuas.
Tá 11 contae ó dheas nach bhfuil aon Ghaelcholáiste iontu – Liatroim, an Iarmhí, Tiobraid Árann, contae an Chláir, Laois, Uíbh Fhailí, Sligeach, contae Lú, an Longfort, an Cabhán agus Ros Comáin. Tá beagnach 90,000 dalta iarbhunscoile sna contaetha sin i láthair na huaire.
Níl aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht i Maigh Eo ná i gcontae na Mí ach an oiread.
Deir IMEASC go léiríonn an fás a tháinig ar líon na scoileanna Breatnaise agus ar líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Bhreatnaise sa mBreatain Bheag le breis is leathchéad bliain anuas an dul chun cinn is féidir a dhéanamh nuair atá toil pholaitiúil ann.
Fág freagra ar 'Grúpa feachtais nua bunaithe chun éileamh a dhéanamh ar an gceart ar oideachas lán-Ghaeilge'