Is cainteoirí Gaeilge iad ceathrar den 12 iarrthóir a bheidh ag seasamh san fhothoghchán a bheidh ar siúl i nGaillimh Thiar, an Dáilcheantar a bhfuil an chuid is mó de Ghaeltacht na Gaillimhe ann, i mí na Bealtaine.
Roghnaíodh an comhairleoir contae óg Cillian Keane as Meáraí in Órán Mór i bhfíoroirthear an Dáilcheantair ag coinbhinsiún Fhianna Fáil sa chathair an tseachtain seo.
Tá Keane ar dhuine den cheathrar cainteoirí Gaeilge a bheidh ag iarraidh vótaí a mhealladh ó mhuintir Ghaillimh Thiar sa toghchán a chaithfidh tarlú i mí na Bealtaine. Is iad an triúr eile an Seanadóir Seán Kyne (Fine Gael), as an mbaile Gaeltachta Maigh Cuilinn; Míde Nic Fhionnlaoich (Daonlathaithe Sóisialta), as Ceantar na nOileán; agus an múinteoir bunscoile Orla Nugent (Aontú) as Fear Manach ó dhúchas atá ina cónaí i dTír Oileáin, atá i nGaeltacht chathair na Gaillimhe.
Níl Gaeilge ag an iarrthóir is mó atá á lua faoi láthair leis an suíochán i nGaillimh Thiar, an comhairleoir contae Noel Thomas ó Independent Ireland, ná ag iarrthóir Shinn Féin Mark Lohan. Ba í an t-iarrthóir a bhí ag Sinn Féin, an Teachta Mairéad Farrell, a bhí ag barr an chomhairimh in Olltoghchán na bliana 2024. Tá Gaeilge líofa ag Farrell.
Is iad na hiarrthóirí eile a bheidh ag seasamh san fhothoghchán a bheidh á reáchtáil le suíochán an Uachtaráin Catherine Connolly a líonadh ná Méara na Gaillimhe, Mike Cubbard; Sheila Garrity, léachtóir in Ollscoil na Gaillimhe agus duine a d’oibrigh ar fheachtais Catherine Connolly; an t-innealtóir bogearraí Niall Murphy don Chomhaontas Glas; Helen Ogbu do Pháirtí an Lucht Oibre; Denman Rooke do Phobal Seachas Brabús; agus an t-iarrthóir neamhspleách Thomas Welby.
Bhí Seán Kyne (FG) ina aire stáit don Ghaeltacht in 2016-2017 agus 2018-2020. Tá Míde Nic Fhionnlaoich, a tógadh ar an Trá Bháin, ina cúntóir ag an Teachta Dála Sinéad Gibney agus is iníon í le Mairéad Ní Oistín, iarbhuaiteoir Chorn Uí Riada. Tógadh ar fheirm i bhFear Manach Orla Nugent atá anois ina múinteoir i gcathair na Gaillimhe.
Beidh fothoghchán eile ar siúl i mBaile Átha Cliath Láir leis an suíochán a thréig Paschal Donohoe anuraidh a líonadh.
Tá fógartha ag naonúr go mbeidh siad ag sesamh sa Dáilcheantar sin agus gan ach aon chainteoir líofa Gaeilge amháin ina measc, an t-amhránaí agus ceoltóir de bhunadh Iorras Aithneach Eoghan Ó Ceannabháin, a bheidh ag seasamh do Phobal Seachas Brabús.
Mícheál Ó Flaithearta
Sin lear mór iarrthóirí (33 faoin gcéad) a bhfuil an mhionteanga acu!
An Sléibhteoir
A Mhichíl, n’fheadar an bhfuil sé chomh maith sin nuair a chlúdaíonn an toghcheantar san an Ghaeltacht is mó sa tír…