Tá contae na Mí ar cheann des na foirne is spéisiúla dá bhfuil i gcraobh chaide na bliana seo. Ní haon nuaíocht é seo. Táid amhlaidh le breis is bliain anois. Thógamar go léir ceann dóibh tar éis a mbua ar Chiarraí sa Tulach Mhór anuraidh ach, i ndáiríre, b’fhéidir go raibh sé ceart againn a bheith ag éisteacht níos géire le Colm O’Rourke nuair a bhí sé féin ag fágaint slán le post an bhainisteora ar fhoireann sinsir na Mí beagán fé bhun dhá bhliain ó shin.
Dúirt O’Rourke ag an am go raibh na bunchlocha leagtha agus go mbeadh scata de na himreoirí go dtug sé féin a ndeis dóibh i ngeansaí na Mí ag fágaint a rian ar chanbhás na caide sa chontae sa tréimhse amach rompu. ‘Sea,’ arsa sinne, ‘sin fear ná fuil fonn air a ghreim a scaoileadh.’ ach, le fírinne, seachas Corn Tailteann a bheith buaite in 2023, ní fhacamar aon réamhéachtaint ar aiséirí na Mí ag teacht. Bhíodar leamh a ndóthain, dar liom, agus iad san iomaíocht i gcraobh na bliana 2024.
Níorbh aon chabhair dóibh an stánáil deich bpointe a thug a gcomharsan, an Lú dóibh i mbabhta tosaigh na craoibhe agus ba mheasa ná san arís an t-athbhreithniú a deineadh ag leibhéal Bord Contae i ndeireadh an tsamhraidh ar thaispeántais na Mí i rith na craoibhe trí chéile. D’fhág O’Rourke, laoch na gcéadta cath le seana-bhlas agus d’éirigh ar an gcogarnaíl fé dhán na Mí, ceann de chontaetha traidisiúnta na caide agus iad, ba dhóigh le duine, in umar na haimléise.
Thóg Robbie Brennan srathair na hainnise air féin go gairid ina dhiaidh sin agus seachas a raibh bainte amach aige le Cill Mochuda na Crócaigh aige, n’fheadar an raibh aon mhuinín ach an oiread againn as Brennan ná aon slat tomhais ceart ar a mhianach.
Ba gheall le hoscailt súl dúinn, dá réir é, an dtaca seo anuraidh nuair a nocht contae na Mí a mianach craoibhe don gcéad uair. Ba i bPort Laoise i ndeireadh an Aibreáin 2025 a facthas ar dtúis go raibh Áth Cliath leochaileach. Nuair a d’éirigh le contae na Mí iad a chloí an lá úd, áfach, bhí i bhfad an iomarca béime á leagadh ar threascairt na gcuradh le ceithre bliana déag anuas agus gan ach fíorbheagán cainte fé dhánaíocht agus fé dhásacht na Mí.
Thuigfeá san, is dócha, agus léiriú ar an iontas ná raibh ach beagán le cois deich míle duine i láthair i bPort Laoise chun an taispeántas a fheiscint – an slua ba lú le blianta fada ag faire ar an gcoimhlint idir an dá chontae.
Nuair a d’éirigh le contae Lú breith amuigh aríst ar an Mhí i gcluiche ceannais Laighean, cuireadh síol an amhrais athuair. An raibh athbheochan na Mí chomh tréan is a taibhsíodh? An fás aon oíche a mbua ar Áth Cliath? An céim ar gcúl a bheadh i ndán d’fhoireann óg Robbie Brennan agus an éireodh le hÁth Cliath a bhforlámhas a dhaingniú aríst beag beann ar dhul chun cinn na Mí agus an Lú in 2025?
Cuimhnigh go raibh foireann seo na Mí cloíte ag Áth Cliath agus iad i mbarr a maitheasa le sé phointe dhéag in 2019, le pointe is fiche in 2021 agus trí cinn déag in 2022. Beag beann ar ghaisce na Mí agus Lú, bhí an lorg a bhí fágtha ag Áth Cliath ar chraobh Laighean – 14 craobh agus 41 cluiche as a chéile buaite – ag déanamh oiread díobhála don gcraobh féin. Ainneoin feabhas na nDubs sa tréimhse sin, ba bheag comórtas i gCumann Lúthchleas Gael a bhí chomh leamh agus ba bheag comhrá timpeall ar aon chomórtas a bhí chomh heasnamhach i mbrí, in anam agus i sprid.
Malairt poirt atá anois againn bliain níos faide anonn agus nach ait mar a chasann an roth? Bhíos tógtha an tseachtain seo agus mé ag éisteacht leis an méid a bhí le rá ag tosaí spleodrach na Mí, Jordan Morris, leis an dtagairt a dhein sé do thionchar Robbie Brennan ar a n-aistear caide go nuige seo. Ba léir óna chuid cainte gur fear físe é Brennan agus, níos tábhachtaí, b’fhéidir, gur fear é a raibh ar a chumas a fhís agus a mhian don gcluiche a chur trasna go dtís na himreoirí.
De réir dealraimh, dúirt Brennan leis an mbuíon imreoirí a thóg sé ar láimh ó Cholm O’Rourke, ná raibh aon teora leis an méid a bhainfidís amach le chéile. Leag sé spriocanna amach dóibh, líon sé a gcroíthe is a mboilg le féinmhuinín, thug múnla imeartha dóibh agus scaoil leo iad féin a chur in iúl. Tá dhá cheann des na spriocanna san bainte amach cheana i mbliana, tá ag éirí ar a bhféinmhuinín, tá an múnla imeartha ag éirí níos solúbtha agus tá imreoirí ag bláthú seachtain ar sheachtain. Foireann spéisiúil, mar a dúirt cheana.
Cé go bhfuil foirne níos fearr ná iad ag tús na craoibhe, Dún na nGall, Ciarraí, Ard Mhacha agus Gaillimh mar shampla, is beag foirne go bhfuil an scóip iontu chun oiread díobhála a dhéanamh le linn paistí forlámhais is atá i gcontae na Mí. Sa chluiche ceannais sraithe in aghaidh Chorcaí trí seachtaine ó shin, bhíodar trí phointe chun deiridh agus deich nóimeat den dara leath caite. Sa cúig nóimeat déag a lean, d’aimsíodar ocht bpointe gan freagra as a chéile, na haon cheann acu níos fearr ná a chéile. Níl sé furaist teacht i dtír ar fhoinsí na scóranna ach an oiread.
Muna ndéanfaidh Eoghan Frayne nó Ruairí Kinsella an scóráil lá áirithe, iompróidh Jack O’Connor nó Jordan Morris nó an t-ionadaí James Conlan an t-ualach. Tá roghanna eile, leis, acu, agus ní ceist a thuilleadh é ‘má’ thagann an lá go dtugann siad taispeántas 70 nóimeat uathu ach ‘cathain’ a thiocfaidh. Ní bheidh gá leis an sórt san taispeántais in aghaidh na hIarmhí sa Tulach Mhór amárach uathu ach tiocfaidh an lá fós agus beidh ceann des na foirne móra thíos leis.
Cé go bhfuil teipthe orthu, ábhar, caithfear Áth Cliath a áireamh mar cheann des na foirne móra i gCúige Laighean i gcónaí. Tá an méid sin urraime tuillte acu fiú má tá contae na Mí féin gafa tharstu agus iad ar a slí go Roinn 2 na sraithe. Sin scéal don mbliain seo chughainn, áfach. Le teann teaspaigh agus mioscaise, tá fonn ar scata na Dubs a rangú i measc na bhfoirne beaga ach tabhairse fé ndeara go mbeidh speach mhór amháin iontu sara mbeidh an bhliain istigh. Táid leochaileach fé láthair ach nílid chomh leochaileach sin go mbainfeadh turas go hEachroim barrthuisle astu.
Dála na Mí, tá contae Lú ag dul i dtaithí ar ualach an ionchais i mbliana agus is dóigh liom go bhfuilid rómhór istigh leo féin le go mbéarfaí amuigh in aghaidh Loch Garman amárach orthu agus deinim amach gurb iad a bheidh le hÁth Cliath sa chluiche leathcheannais ar an ndeireadh seachtaine saoire bainc.
Beidh Loch Garman ag beannú do Chill Dara ar a slí aníos as Roinn 3 na sraithe tar éis obair an earraigh agus chaithfeadh go bhfuil Cill Dara ana dhíomách leis an tslí go bhfuil gaoth Chorn Tailteann bainte as a seolta. Má tá féin, tugann an corn céanna sciath chosanta dóibh agus iad ag tabhairt fé chraobh Laighean. Níl an brú céanna orthu an cluiche ceannais a bhaint amach agus d’fhéadfadh san fuascailt a thabhairt amárach dóibh i gcoinne Laoise. Muna bhfuilid aireach agus aibí áfach, tá Laois inniúil ar theacht i dtír ar aon easnamh agus má tá iontas i ndán i gcraobh Laighean, b’fhéidir gur sa Droichead Nua a chífear é.
Fág freagra ar 'Imreoirí na Mí ag bláthú seachtain ar sheachtain'