Deir Comhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil an talamh ann chun beagnach 3,000 teach eile a thógáil i gceantair Ghaeltachta an chontae ach go bhfuil deiseanna tógála “an-teoranta” i gConamara mar gheall ar easpa seirbhísí.
De réir figiúirí a cuireadh ar fáil do Choiste Tithíochta an Oireachtais, d’fhéadfaí 2,824 aonad cónaithe a thógáil ar thalamh i nGaeltacht na Gaillimhe atá criosaithe chun cónaithe agus a bhfuil seirbhísí ar fáil air
Is i mBearna, ina bhféadfaí 1,071 aonad breise a chur ar fáil, agus i mBaile Chláir (949) atá formhór na talún atá i gceist. Tá spás ann chun 285 aonad breise a thógáil i Maigh Cuilinn, 250 atá i gceist ar an gCeathrú Rua agus 159 atá i gceist ar an Spidéal.
Rinne Comhairle Chontae na Gaillimhe athzónáil ar thalamh an mhí seo caite chun tuilleadh a chur ar fáil d’fhorbairt tithíochta.
Dúirt ionadaithe ón gcomhairle leis an gcoiste Oireachtais go raibh easpa seirbhísí ag cur teorainn leis an bhforbairt a d’fhéadfaí a dhéanamh ó thaobh na tithíochta de sa nGaeltacht. Dúradh go raibh suíomhanna ag an gcomhairle i ndeisceart Chonamara agus i gCill Rónáin, mar shampla, ach nach raibh seirbhísí ar fáil.
Dúradh nach raibh ach trí bhaile i nGaeltacht Chonamara a bhí ceangailte le hionad cóireála fuíolluisce – Bearna, an Spidéal agus Maigh Cuilinn. Dúradh go raibh an t-ionad cóireála fuíolluisce a osclaíodh ar an Spidéal cúpla bliain ó shin tar éis cur go mór leis an talamh atá ar fáil ansin do thithíocht.
Tá pleananna ann le fada chun ionad cóireála fuíolluisce a thógáil ar an gCeathrú Rua agus cé go bhfuil cead pleanála faighte ag Uisce Éireann chun ceann a thógáil, tá suíomh don ionad fós le roghnú.
Dúirt na hionadaithe ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe go raibh treoirlínte nua le teacht ó Uisce Éireann maidir le cúrsaí fuíolluisce agus go raibh súil ann go bhféadfaí grúpaí beag tithe a thógáil ar an suíomh céanna faoi na treoirlínte sin gan iad a bheith ceangailte le hionad cóireála.
Deimhníodh ag an gcruinniú go raibh Comhairle Chontae na Gaillimhe agus an Roinn Tithíochta ag obair le chéile chun forbairt tithíochta i Ros an Mhíl a cheannach agus athchóiriú.
Rinne Comhairle Chontae na Gaillimhe measúnú le gairid ar thithe a bhí á ndíol ag an gComhlacht Ceadaithe Tithíochta, Tearmann Éanna ar shuíomhanna i Ros an Mhíl agus in Eanach Mheáin. Beartaíodh gur chóir don Roinn Tithíochta na sé theach i Ros an Mhíl a cheannach, a athchóiriú agus a chur ar fáil mar thithe sóisialta. Dúirt ionadaí ón gComhairle Contae go raibh súil ann go mbeadh na tithe réidh le soláthar roimh dheireadh na bliana seo nó an bhliain seo chugainn.
Dúradh gur cinneadh nach raibh na 13 teach in Eanach Mheáin feiliúnach mar gur tógadh iad mar thithe saoire agus bheadh an iomarca oibre i gceist chun iad a athchóiriú agus a chur ar fáil mar thithe sóisialta.
Dúradh gur tháinig fadhbanna struchtúracha chun cinn le linn an mheasúnaithe chomh maith.
Dúirt an chomhairle nár tógadh aon teach inacmhainne i nGaeltacht Chonamara le blianta beaga anuas agus go raibh 351 teach sóisialta nua curtha ar fáil ó 2020.
Donncha O hEallaithe
Mar a deireann an ceannteideal, tá dóthain talamh zónáilte anois ag Comhairle Chontae na Gaillimhe le ‘beagnach 3,000 teach a thógáil i nGaeltacht na Gaillimhe’. Go teicniúil tá sin fíor. Ach nuair a scrúdaítear na háiteacha in bhfuil na tithe seo le dul, is beag talamh tithíochta atá ar fáil sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge in usáid iontu mar theanga phobail.
Tabhair faoi deara na háiteacha ina bhfuil an talamh ar fáil leis an 2,824 aonad tithíochta a chur ar fáil i so-called ‘Gaeltacht na Gaillimhe’, do réir an Chomhairle Chontae: Bearna tá talamh ann do 1,071 aonad breise, i mBaile Chláir d’fhéadfaí 949 aonad a thógáil agus i Maigh Cuilinn 250. Níor cheart go mbeadh Baile Chláir á áireamh mar Ghaeltacht, do réir critéar ar bith atá ag Roinn na Gaeltachta agus is beag Gaeilge atá á usáid i mBearna agus níl bunscoilíocht fiú amháin le fáil trí Ghaeilge i Maigh Chuilinn. Deirtear go bhféadfaí 250 teach a chur ar fáil ar an gCeathrú Rua agus 159 ar an Spidéal, deirtear linn. Nuair a thógtar na ceantair ina bhfuil Gaeltacht teangeolaíoch, ní bheadh ar fáil ach 409 áit le freastal ar riachtanas tithíochta sa gceantar óna Forbacha siar to Cárna, ceantar in bhfuil daonra de thart ar 15,000, do réir an Daonáirimh is deireannaí.
Más mian linn cainteoirí Gaeilge a choinneáil sna háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge in usáid go forleathan i measc an phobail, ní mhór na tithe a chur ar fáil sna ceantair sin agus ní in áiteacha atá go teicniúil sa nGaeltacht ach nach Gaeltachtaí iad sa gciall teangeolaíoch le fada an lá, mar nach bhfuil an Ghaeilge in usáid iontu a thuilleadh i measc an phobail, do réir fianaise na nDaonáireamh.
Tá an baol ann go bhféiceann an maorlathas i Roinn na Gaeltachta gurb é an réiteach ar an ngéarchéim tithíochta i nGaeltacht na Gaillimhe ná go leor tithe a thógáil i mBaile an Chláir, i mBearna agus i Maigh Chuilinn, ar thalamh atá zónáilte, in áit tithe a chur ar fáil sna pobail éagsúla i gConamara ina bhfuil an Ghaeilge in uachtar: Indreabhán; An Tulaigh; Ros a’ Mhíl; Casla; Camus; Ros Muc; Cill Chiaráin; Cárna; Leitir Móir agus Leitir Mealláin. Dá gcuirfí roinnt beag tithe ar fáil sna pobail sin dhéanfadh sé leas don Ghaeilge agus dona pobail. Ach má mealltar daoine as na pobail sin le cur futhu in eastáit i mBaile an Chláir; Maigh Chuilinn; Bearna ní bheidh ar bun ach na ceantair ina bhfuil an Ghaeilge in usáid a bhánú.
Roy Ó Gliasáin
Tuairimí maithe ag Donncha Ó hÉallaithe ansin thuas!
Maire Ni Mhurchadha
Tá an ceart ar fad ag Donncha. Teastaíonn tithe do mhuintir na Gaeltachta sa Ghaeltacht bheo agus ní in áiteanna sna Breac-Ghaeltachtaí.
Tá na tithe seo ag teastáil a luaithe agus is féidir chun an Ghaeltacht a choinneáil beo.
Mícheál Ó Flaithearta
Cacamas amach is amach. Cuirigí na seirbhísí ar fáil. Ní leithscéal ar bith easpa seirbhísí!