Fuair na scairshealbhóirí a bhí sa gcomhlacht Fuinneamh Sceirde Teoranta €12.5 milliún as díolachán na sócmhainní a bhí acu le dream Bhanc McQuarrie as an Astráil.
Bhain an díolachán seo leis an bplean go lonnófaí feilm ghaoithe sa limistéar farraige in aice le carraigeacha na Sceirdí, naoi míle siar ó chósta Charna i gConamara.
Ach tá a fhios anois go mbeadh an bhuachtáil a bheadh ag na scairshealbhóirí as plean na Sceirdí na milliúin níos airde dá mbeadh bailchríoch curtha ar an iarracht.
Idir an dá linn, tuigtear anois gur chaill Ciste Scéim Pinsin Mhúinteoirí Scoile Ontario i gCeanada thart ar chúpla scór milliún euro de bharr an cheangail a bhí acusan le Scéim Ghaoithe na Sceirde. Is cosúil gur airgead é seo atá imithe le sruth, ach níl deireadh cloiste fós faoi chás stiúrthóirí Fuinneamh Sceirde Teo.
Bunaíodh an comhlacht Fuinneamh Sceirde Teo. in 2002.
Bhí triúr dearthár de mhuintir Laoi as Leitir Mealláin i nGaeltacht Chonamara ar an gcúigear a bhí i bhfeighil an chomhlachta in imeacht na mblianta. B’in iad Beartla Noel Ó Laoi, Seosamh Ó Laoi agus Pádraig Ó Laoi.
Bhí Grattan Healy, saineolaí timpeallachta as Gaillimh istigh leo, agus sé an cuntasóir, Pól Mac Suibhne an cúigiú stiúrthóir.
Fuair na scairshealbhóirí €5 milliún ar an gcéad iarraidh nuair a rinneadh an socrú díolacháin le fochomhlacht de Bhanc McQuarrie san Astráil. Fuair na scairshealbhóirí €7.5 milliún eile nuair a thug an Stát anseo aitheantas do phlean na Sceirdí, faoi théarmaí na scéime tacaíochta do fheilmeacha gaoithe a bheadh lonnaithe amach ó chóstaí na hÉireann.
Ach meastar, dá dtabharfaí plean na Sceirdí go ceann scríbe, go bhfaigheadh scairshealbhóirí an chomhlachta Fuinneamh Sceirde os cionn €10 milliún eile.
Cuireadh iarratas ar chead forbartha le haghaidh feilm ghaoithe na Sceirdí faoi bhráid an Bhoird Pleanála i mí Eanáir 2025 ach tarraingíodh an t-iarratas sin siar mí an Aibreáin an bhliain chéanna. Dúirt lucht na chomhlachta Corio Generation, a bhí ag feidhmiú faoi scáth Bhanc McQuarrie, go raibh eolas tagtha chun cinn go raibh an ghaoth rófhiáin, agus na maidhmeanna ró-ard sa limistéar sin farraige.
Bhain an fógra sin léim as an Rialtas. D’fhág sé go mbeadh sé i bhfad níos deacra spriocanna a bhaint amach maidir le fuinneamh glan in Éirinn faoin mbliain 2030.
Níos gaire de láthair, bhí na scairshealbhóirí a bhí i bhfeighil Fuinneamh Sceirde Teoranta ar feadh na mblianta, an-mhíshásta faoin gcinneadh maidir le tarraingt siar an iarratais phleanála. B’fhacthas dóibh gur chóir don lucht forbartha a dhul go ceann scríbe leis an iarratas.
Chuaigh scairshealbhóirí chun cúirte le gairid agus iad ag éileamh go dtabharfaí cúiteamh dóibh mar nár choinnigh an comhlacht forbartha, ar a dtugtar Corio Generation agus a bpáirtithe, leis an iarratas pleanála.
Socraíodh go bhféachfaí le réiteach a fháil ar an gceist sin taobh amuigh den chúirt, agus tá an iarracht sin ar bun. Ceist mhór í; bhí ag breith suas ar €20 milliún ag dul do scairshealbhóirí Fuinneamh Sceirde Teo dá bhféadfaí cosa a chur faoin tionscadal.
Ar an taobh eile den Atlantach, tá, is cosúil, lucht scéim pinsin mhúinteoirí Ontario ar an trá fholamh sa gcás seo. Bhíodar gaibhte 50/50 sa gcostas le Corio Generation i scéim na Sceirdí. Meastar go bhfuil caillteanas thart ar €40 milliún orthu. Scéim ollmhór pinsin é an Ontario Teachers Pension Fund i gCeanada agus €180 billiún mar shócmhainní acu. Mar sin féin, ní suim fhánach atá imithe le sruth uathusan freisin.
De réir mar a bhí scéal na Sceirdí ag dul ar aghaidh tháinig sé sa déanamh freisin gur chaill an comhlacht stiúrtha €35 milliún a bhí tugtha acu don Rialtas mar bhannaí go ndéanfaí an fhorbairt agus go gcríochnófaí an beart.
Ach, faoin tráth seo, is ar an deireadh a bheidh le cás na stiúrthóirí a bhí i bhfeighil ar Fhuinneamh Sceirde Teo ar feadh na mblianta is mó a bheidh aird.
Fág freagra ar '€12.5 milliún faighte ag scairshealbhóirí Fuinneamh Sceirde Teoranta'