Tugann an sacar le chéile sinn ar fad, ach cead a fháil ó Trump ar dtús

Nuair a bronnadh Corn an Domhain 2026 ar Cheanada, Meicsiceo agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, bhí súil ann go bhféadfaí bogadh ar aghaidh ó mhíchlú na gcomórtas sa Rúis agus i gCatar ach fágann scáth an Trumpaigh nár tharla sin

Tugann an sacar le chéile sinn ar fad, ach cead a fháil ó Trump ar dtús

“Beidh fáilte roimh chách ag Corn an Domhain,” a dúirt uachtarán FIFA, Gianni Infantino, anuraidh.

Faraor, is léir nach bhfuair uachtarán eile an scéala.

Agus Corn an Domhain 2026 ar tí tosú, tá Omar Artan sa mbaile sa tSomáil agus deireadh tagtha lena chomórtas, fiú sular thosaigh sé

Tháinig an scéal ag tús na seachtaine go raibh Artan, ar a bronnadh an gradam don réiteoir is fearr san Afraic anuraidh agus a roghnaigh FIFA ar phainéal réiteoirí do Chorn an Domhain, curtha ó dhoras ag oifigigh inimirce Mheiriceá tar éis dó leaindeáil in Miami, in ainneoin go raibh víosa agus pas taidhleoireachta aige.

Bhí Artan le bheith ar an gcéad fhear riamh ón tSomáil chun réiteoireacht a dhéanamh ar chluiche ag Corn an Domhain, dea-scéal i dtír atá scriosta ag scéalta uafáis, ach deir sé anois go bhfuil an aisling sin loite.

Nuair a bronnadh Corn an Domhain 2026 ar Cheanada, Meicsiceo agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, bhí go leor daoine ann ag súil go bhféadfaí bogadh ar aghaidh ó mhíchlú comórtas 2018 sa Rúis agus 2022 sa Chatar.

Glacadh leis go mbeadh an lucht freastail bánaithe ach ar a laghad nach mbeadh aon chonspóid mhór ann. Ní hin mar atá, áfach, agus comórtas na bliana seo faoi scáth an Trumpaigh ó d’fhill sé ar an Teach Bán anuraidh.

Ábhar mór buartha a bhí in iompar na n-oifigeach inimirce, ICE, anuraidh agus imní ann faoin bhfáilte a chuirfí roimh lucht leanta ó thíortha éagsúla ach tháinig conspóid i bhfad níos mó chun cinn ag deireadh mhí Feabhra nuair a chinn Donald Trump, fear a fuair Duais Síochána FIFA ó Infantino cúpla mí roimhe sin, ionsaí a dhéanamh ar an Iaráin le cabhair Iosrael.

Ba mhinic roimhe seo gur reáchtáladh Corn an Domhain i dtír a bhí faoi chumhacht deachtóra nó giunta éigin ach níor tharla sé riamh go ndearna tír óstach ionsaí ar thír eile a bhí le bheith ag imirt sa gcomórtas. Mar sin féin, níor smaoinigh FIFA ná Infantino riamh an comórtas a bhaint ó Mheiriceá.

Gheall Infantino go mbeadh an Iaráin in ann teacht go Meiriceá chun páirt a ghlacadh sa gcomórtas in ainneoin go bhfuil cogadh ar bun idir an dá thír. Rinneadh neamhaird d’fhocail Infantino arís, áfach. Cé go mbeidh cead ag an bhfoireann na cluichí atá acu i Meiriceá a imirt, bhí orthu an campa traenála a athrú go Meicsiceo agus diúltaíodh víosaí a thabhairt do roinnt d’oifigigh na hIaráine.

Tá an tSeineagáil, an Úisbéiceastáin agus an Iaráic i measc na bhfoirne eile atá tar éis gearáin a dhéanamh faoi chúrsaí inimirce agus slándála, rud a fhágann nach mbeifear in ann an pholaitíocht a fhágáil go leataobh fiú nuair a thosaíonn na cluichí.

Rud amháin atá cinnte ná go mbeidh neart de na cluichí sin againn. Is é seo an comórtas is mó riamh i stair Chorn an Domhain agus 48 foireann le páirt a ghlacadh ann agus 104 cluiche le himirt. Tá na foirne roinnte idir 12 grúpa agus ceithre fhoireann i ngach grúpa, rud a fhágann go gcaithfear 72 cluiche a imirt sula bhfágfar slán le haon dream, sin níos mó ná an 64 cluiche ar fad a imríodh ag Corn an Domhain in 2022. Agus formhór na bhfoirne a chríochnaíonn sa tríú háit sna grúpaí ag dul tríd go dtí an chéad bhabhta díbeartha, beidh sé beagnach chomh deacair céanna imeacht ón gcomórtas is atá sé fáil isteach ann.

Beidh roinnt seachtainí romhainn mar sin sula mbeidh a fhios againn conas mar atá ag éirí le Lionel Messi agus foireann na hAirgintíne agus iad ag iarraidh greim a choinneáil ar an gcorn. Meastar gur ag an bhFrainc agus ag an Spáinn atá na scuaid is láidre sa gcomórtas ach ní chuirfear mórán dua orthu go dtí amach sa gcomórtas. Seans go bhféadfaí an rud céanna a rá faoi pé plean atá ag Thomas Tuchel do Shasana.

Is dóibh siúd nach bhfuil mórán cur amach againn orthu, ná acusan ar Chorn an Domhain, atá an chéad chúpla seachtain. Imreoidh Cúrasó, an tír is lú a bhain áit amach ag Corn an Domhain riamh, a gcéad chluiche i gcoinne ceann d’fhathaigh an chomórtais, an Ghearmáin, Dé Domhnaigh. Imreoidh Háítí, ceann de na tíortha is boichte ar domhan, go moch an mhaidin chéanna in aghaidh na hAlban. Ar an Luan, imreoidh fear Chromghlinne, Roberto Lopes, do Rinn Verde in aghaidh na Spáinne.

Tá ábhar iontais le fáil chomh maith in aistir Phanama, na hIaráice, Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus a thuilleadh nach iad, ach is ar éigean go mbeifear in ann éalú ó bhrocamas Trump, Infantino agus a gcairde.

Fág freagra ar 'Tugann an sacar le chéile sinn ar fad, ach cead a fháil ó Trump ar dtús'