D’fhág an scríobhaí agus file Micheál Óg Ó Longáin (1766-1837) agus a shliocht timpeall 600 lámhscríbhinn le huacht againn. Ach cad a spreag trí ghlúin de Longánaigh Chorcaí chun na hoibre sin i ngort léann na Gaeilge, cad iad na scileanna a thugadar leo ó ghlúin go glúin agus cad atá le foghlaim againn uathu? An tOllamh Meidhbhín Ní Úrdail atá i dteannta Helen an tseachtain seo chun oidhreacht na Longánach agus go leor eile a phlé.
Labhraíonn Meidhbhín faoina tógáint trí Ghaeilge i nGleann Maghair i gCorcaigh, faoi na múinteoirí agus na léachtóirí a chuaigh i bhfeidhm uirthi agus faoi shaol léann na Gaeilge agus a suim sna lámhscríbhinní.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’.
Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: Paiste cainte ag Helen Ní Shé… le Meidhbhín Ní Úrdail – ‘Ar nós an tseanmhadra, táim rócheanúil ar mo chúinne féin!’ – oidhreacht iontach na Longánach'