DIALANN TUAIRISC: An taobh dorcha den díolúine, aontaithe ar son Fitzy, leid Ghaeilge sa New York Times

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc

DIALANN TUAIRISC: An taobh dorcha den díolúine, aontaithe ar son Fitzy, leid Ghaeilge sa New York Times

An taobh dorcha den díolúine

Chualamar an tseachtain seo ag Coiste Oireachtais na Gaeilge scéalta coscracha ceathrar a fuair díolúine ó staidéar na Gaeilge – Caolán, Aoife, Nikolai agus Sorcha.

Dalta ‘lán de bheocht, a bhfuil disléicse air ach a bhfuil fíorghrá aige don nGaeilge’ ab ea Caolán. In áit tacú leis mar ba chóir bronnadh díolúine air.

Ansin chualamar scéal Aoife, “dalta a chaith ocht mbliana faoi bhláth i nGaelscoil”, ar cuireadh tacaíocht foghlama in ábhar eile ar fáil di san iar-bhunscoil ag an am céanna a mbíodh an rang Gaeilge ar siúl.

Theith dalta eile, Nikolai, lena mhuintir ó chogadh thar lear nuair a bhí sé trí bliana déag. In áit bheith istigh a thabhairt dó sa rang Gaeilge tugadh díolúine dó. Tógadh ‘balla in áit droichid’ agus dúradh leis ‘gur strainséir é’.

An ceathrú duine ar insíodh a scéal ná Sorcha, cainteoir dúchais Gaeilge ón nGaeltacht a bhfuil disléicse uirthi a bhfuil cead aici díolúine a fháil óna teanga féin ach a chaithfidh Béarla a dhéanamh.

Rónán Ó hÍcí, Oifigeach na Gaeilge ag Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann a d’inis scéalta na ndaltaí bochta seo do bhaill choiste Gaeilge an Oireachtais.

Ba mhaith mar a thug Rónán cuntas ar chrá croí an cheathrair agus thug sé an-léargas dúinn ar an taobh dorcha den díolúine. Ní nach ionadh chuaigh cásanna Chaoláin, Aoife, Nikolai agus Shorcha i bhfeidhm go mór ar na Teachtaí Dála agus Seanadóirí a bhí i láthair.

Bhí trua mór acu don cheathrar agus moladh a misneach as a scéalta a roinnt faoin tslí ar dhún córas na díolúine doras na Gaeilge orthu.

Ghabh an cathaoirleach buíochas le Rónán agus leis an gceathrar as a scéalta a roinnt leis chun go bhféadfadh sé iad a roinnt leis an saol mór.

An t-aon fhadhb a bhain leis sin go léir ná go ndúirt Rónán go soiléir ag tús a chuid cainte gur “samplaí samhailteacha” a bhí i gCaolán, Aoife, Nikolai agus Sorcha. Bhí na scéalta bunaithe “ar thaithí na ndaltaí sa gcóras reatha” agus cumadh iad chun léargas a thabhairt ar “croí na héagothroime” sa chóras díolúintí.

D’éirigh go binn le seift reitriciúil Rónáin ach b’fhearr do bhaill an choiste a bheith ag éisteacht beagáinín níos cúramaí le cúrsaí amach anseo.

Mar sin féin, ba mhaith ann (nó as) iad Caolán, Aoife, Nikolai agus Sorcha.

Níl uainn anois ach go dtabharfaí cuireadh do Bhríd agus Pádraig go dtí an chéad chruinniú coiste eile chun labhairt faoina dteanga. 

Aontaithe ar son Fitzy

Bhí an t-iriseoir Maurice Brosnan ag imirt cluiche sóisir do Bhearna-Na Forbacha in aghaidh Uachtar Ard sa Ghaillimh an tseachtain seo.

Dúirt an Brosnachánach ar phod peile An Examiner go raibh moill ar Uachtar Ard ag filleadh ar an bpáirc i ndiaidh leathama agus gur thosaigh leaideanna an chumainn Ghaeltachta ag éirí an-suaite ag fanacht orthu.

Thugadar drochíde don réiteoir agus iad ag iarraidh brú a chur air dul ag triall ar a gcéilí comhraic. Is amhlaidh go raibh deifir abhaile ar bhuachaillí Bhearna-Na Forbacha chun féachaint ar Love Island, an clár geandála ina bhfuil an peileadóir agus cainteoir Gaeilge as na Forbacha, Séan Fitzgerald, san iomaíocht air faoi láthair.

Nuair a d’fhill Uachtar Aird ar an bpáirc chuaigh Brosnan sall chun a fhear a mharcáil arís. Ní raibh focal eatarthu beirt go n-uige sin ach bhris fear Uachtar Aird an tost. ‘Jesus,’ ar sé, ‘I hope the wife has it recorded.’

Tá muintir iarthar na Gaillimhe go léir aontaithe ar son Fitzy is léir.

Buntáistí cognaíocha na Gaeilge

Cé a dúirt nach raibh buntáiste cognaíoch ag baint leis an nGaeilge? Bhíomar ag déanamh crosfhocal mór-ráchairte an New York Times an lá eile – is ea, sin an sórt sinn i dTúr Dhialann Tuairisc – nuair a casadh orainn an leid seo: ‘Country whose flag is known as ‘An Trídhathach’: Abbr.’

Nach sinn a bhí sásta ag cur ‘IRE’ sna boscaí beaga? Leid eile fuascailte agus iontráil dialainne againn chomh maith.

Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: An taobh dorcha den díolúine, aontaithe ar son Fitzy, leid Ghaeilge sa New York Times'