Beidh trí cinn des na cheithre fhoireann atá á lua le craobh na hÉireann 2026 ag imirt i mbabhta 2A na craoibhe an deireadh seachtaine seo agus deis eile againn éachtaint a fháil ar a ndintiúirí sara dtugann siad fé bhabhtaí nach mbeidh aon éalú ón mbris.
Den uair dheireanach an samhradh seo, beidh cluichí á n-imirt nach buille marfach é má chailltear iad. Ón ndeireadh seachtaine seo amach leagfar amach an té a chaillfidh.
Tá sé ráite i bpóirsí áirithe le seachtain anuas, gur mhór an compord do Chorcaigh é gur féidir leo tabhairt fé Bhealach Féich agus fios ina gcroíthe istigh acu nach buille marfach é má chailleann siad. Tá sé ráite i bpóirsí eile go mbeidh Corcaigh ag coimeád rud éigin siar toisc go dtuigeann siad gur cath é seo nach féidir a bhuachtaint. An té a déarfadh é sin, ní thuigeann sé meon na gCorcaíoch. Táid chomh dána le muc agus téann an clóchas go smior iontu. Ní bheidh siad ag feacadh glún dos na Conallaigh ná d’aon dream eile.
Tabharfaidh Corcaigh fén mbóthar fada go Páirc Mhic Cumhaill le plean. Tugann an cluiche tráthnóna deis dóibh an méid atá bainte amach acu agus an dul chun cinn atá déanta acu a léiriú. Ní gá do Chorcaigh dul ar thóir na foirfeachta agus caithfidh siad glacadh leis go mbeidh a dtréimhsí máistreachta ag Dún na nGall. Caithfidh Corcaigh na deiseanna a thagann ina dtreo luath sa chluiche a thapú, áfach. Tá sé le tabhairt fé ndeara in aon chluiche mór atá caillte le bliain anuas ag Dún na nGall (v Ciarraí anuraidh agus v an Dún i mbliana) go dtéann sé dian orthu greim a fháil ar an imirt nuair a théann siad ar gcúl sna chéad deich nóimeat.
Is cailliúint é Colm O’Callaghan sa mhéid is go bhfágann sé Corcaigh ag brath ar Ian Maguire, Seán McDonnell agus Paul Walsh chun dul i ngleic le leithéidí Michael Langan, Hugh McFadden agus Jason McGee. Ní bheidh Stephen Sherlock ag aimsiú ceithre phointe dhéag an uair seo agus ainneoin aibíocht Chris Óg Jones agus Mark Cronin chun tosaigh, tá an iomarca le déanamh ag Corcaigh chun an bhearna idir iad agus na piardaí móra a chúngú.
As na piardaí móra, is iad Ard Mhacha is fearr atá ag imirt ó thús na craoibhe. Fuaireadar tástáil mhaith ar a ndintiúirí i gcoinne Thír Eoghain i réamhbhabhta chraobh Uladh agus cé go raibh babhtaí ins na haon chluiche atá imeartha ó shin acu (an dara leath in aghaidh Fhear Manach agus in aghaidh Mhuineacháin) go raibh a leochaileacht is a ndaonnacht le feiscint, bhí babhtaí eile in aghaidh an Dúin agus Dhoire gur léiríodar tréithe a thabharfadh le tuiscint don té a bheadh ag faire gurb eo dream imreoirí atá go hiomlán i dtiúin lena chéile agus go hiomlán siúráilte faoin múnla imeartha is mó a oireann dóibh.
Níl ach dhá bhliain ó bhuaigh Ard Mhacha craobh na hÉireann ach, nach mór i ngan fhios dúinn, táid tar éis athnuachan a dhéanamh ar an seana-mhúnla. Ainneoin a chuid cnáimhseála ó tháinig ann dos na rialacha nua, tuigeann a mbainisteoir Kieran McGeeney gur beag foireann a luífidh isteach leo chomh maith lena chuid féin.
Níl Blaine Hughes gan cháim i mbun ciceanna amach (féach ar bháide Lachlann Murray in aghaidh Dhoire) ach nuair a dheineann sé botúin, ní dóigh liom go bhfuil aon chúl báire inchurtha leis chun teacht as chomh pras. Is léir gur chuaigh an tréimhse cúig nóimeat déag san in aghaidh Chiarraí i mbabhta ceathrú ceannais na hÉireann anuraidh go dtí’n mbeo iontu ach is léir chomh maith go bhfuil ana-chuid foghlamtha acu ón dteip thubaisteach a bhí ar a gcic amach féin acu. Bhí taispeántas Niall McDonnell i mbáide an Lú i gcoinne Átha Cliath coicíos ó shin chomh maith de thaispeántas is atá feicthe ó aon chúl báire sa chraobh go nuige seo agus beidh an greamú ó Chiarán Byrne i ndeireadh na himeartha ar gach aon fhíseán ar TikTok as seo go deireadh na bliana. Ach tá níos mó ná san ag teastáil. Ní bheidh aon eagla ar an Lú roimis Ard Mhacha ach b’fhéidir tar éis a dturas go hInis Caoin go dtuigfidh siad canathaobh go bhfuil oiread measa ag an gcuid eile againn orthu.
Is iad an Ghaillimh an tríú foireann i mbabhta 2A atá á lua le craobh na hÉireann. Trí phointe dhéag farasbairr a bhí acu ar Chill Dara trí seachtaine ó shin i mBóthar na Trá agus má imríonn an Iarmhí mar a dheineadar in aghaidh an Chabháin, beidh an bhearna chéanna idir iad féin is an Ghaillimh amáireach. Pé teaspach, pé fuinneamh agus pé giodam a bhí ar an Iarmhí tar éis a mbua i gcraobh Laighean, ní bheadh sé i bhfad ag ídiú tar éis iniúchadh macánta ar a gcluiche deireanach i gcoinne an Chabháin.
Ní féidir le Mark McHugh a bheith ag súil gur féidir leo leanúint leo ag dul go ham breise agus é déanta trí chluiche as a chéile anois acu. Cuid mhór d’imirt na hIarmhí an deis fuascailte a thugann siad do Ronan Wallace agus Matthew Whittaker agus iad beirt ag scóráil go tiubh go dtí seo. Bheadh dul amú orthu, áfach, a cheapadh ná leanfadh Céin Darcy agus Cillian McDaid amáireach iad. Leanfaidh is é …agus tabharfaidh siad thar n-ais dóibh é ag dul an treo eile.
Coimeádfaidh Jack Glynn súil ghéar ar Brandon Kelly agus cuirfidh Ceallach na Gaillimhe, Seán Kelly srian le sodar Sam McCartan. Más féidir le John Maher agus Paul Conroy Brian Cooney agus Ray Connellan a cheansú i lár a’ ghoirt, beidh na saintréithe a sheas leis an Iarmhí ó mhí an Aibreáin, ina mbrónna muilinn sa mhullach orthu. Déanfaidh sé tráthnóna fada i mBóthar na Trá don Iarmhí.
Siar amach sa tráthnóna san Ómaigh beidh cluiche deiridh an deireadh seachtaine idir foireann na háite agus Maigh Eo. Ní haon ualach do Mhaigh Eo é a bheith ar an mbóthar go Cúige Uladh ach ní féidir leo leanúint seachtain eile leis an easpa éirime atá sa chosaint acu.
Ní mhaithfidh a gcúl báire Jack Livigstone dóibh é má bhíonn air seasamh sa bhearna bhaoil arís is arís eile. Tá a fhios againn go bhfuil Hugh O’Loughlin agus Darragh Beirne breá ábalta don leibhéal seo caide agus níor ghá dúinn bheith i láthair i gCluain Eois coicíos ó shin chun a rá libh go bhfuil rud éigin ar leith fé Kobe. Bhí san ar eolas againn roimis sin.
Ní chuirfidh Maigh Eo aon nath sa turas go Páirc Uí Éalaí agus más féidir leo an chaid sciorrtha a bhuachtaint timpeall ar Bhrian Kennedy agus Conn Kilpatrick, más féidir leo soláthar a cheilt ar Eoin McElholm agus Ethan Jordan agus más féidir leo Conor Loftus a chosaint ó ruathair Thír Eoghain, beidh siad ag ciorrú an bhóthair abhaile dóibh féin. Tá ana-chuid den ‘má’ agus ‘dá’ ansan ná fuil? Ceist níosa phointeáilte, más ea.. An bhfuil an cúinne casta ag Tír Eoghain tar éis a mbua sa Hyde? Is dóigh liomsa go bhfuil.
WTF
Is maith é “an clóchas”;
Corcaigh 0-17, Dún na nGall 1-13