LEIRMHEAS TEILIFÍSE: ‘Mise is ADHD’ – teangacha ar an imeall ag plé le daoine ar an imeall

Go mall ina saol mar dhuine fásta a fuair Siùsaidh NicDhonnchaidh amach go raibh ADHD uirthi bíodh is go raibh buille faoi thuairim aici agus í óg go raibh rud inteacht as tiúin

LEIRMHEAS TEILIFÍSE: ‘Mise is ADHD’ – teangacha ar an imeall ag plé le daoine ar an imeall

Teangacha ar an imeall ag plé le daoine ar an imeall a bhí le fáil ar chuid de na cainéil Cheilteacha an tseachtain seo caite. Siùsaidh NicDhonnchaidh a chuir Mise is ADHD (BBC Alba/BBC iPlayer) i láthair agus níl Gàidhlig ar bith de dhíth ort leis an teideal sin a thuigbheáil.

Meascra de Ghaeilge na hAlban agus Béarla a bhí sa chlár agus NicDhonnchaidh ag caint ar a taithí féin le Neamhord an Easnaimh Airde agus na Hipirghníomhachta (NEAH). Go mall ina saol mar dhuine fásta a fuair sí amach go raibh an neamhord sin uirthi bíodh is go raibh buille faoi thuairim aici agus í óg go raibh rud inteacht as tiúin. Bíodh sin mar atá, ba mhór an faoiseamh di an diagnóis féin a fháil sa deireadh.

Iriseoir trí mheán na Gàidhlig le BBC Alba a bhí inti ar feadh píosa mhaith dá saol ach d’fhág sí an cúram sin le cúram eile a thabhairt uirthi féin – a bheith ina ministir san Eaglais Bhaisteach. Lonnaithe i nDorset a bhí sí agus í ag caint ar NEAH; labhair sí ar a grá don ghluaisrothar agus an tsaoirse ó chrá intinne a thug ruathair fhada ar an ghluaisrothar di.

Labhair sí le mná fásta eile a raibh NEAH orthu agus labhair siad, i nGàidhlig agus Béarla, go macánta faoi thioncar agus faoi éifeacht NEAH orthu agus iad ag éirí aníos. Daoine gonta a bhí iontu ach daoine fiúntacha ionraice a bhí ag iarraidh a saol a chaitheamh go cruthaitheach cineálta.

Ábhar achrannach fríd an chlár a bhí i gceist le diagnóis a fháil do dhaoine fásta agus na seirbhísí tacaíochta a bhí ar fáil dóibh in Albain. Sa bhliain 2022 a craoladh an clár seo den chéad uair – más go cruinn a léigh mise an dáta Laidine ag deireadh an chláir.

Dúradh linn go raibh NicDhonnchaidh ag traenáil le bheith ina minister ollscoile agus í ar ais in Albain. Láithreoir lán gnaoi a bhí inti agus labhair sí go deisbhéalach faoina riocht. Ba dheas fáil amach cad é mar atá ag éirí léi, agus lena cuid cairde, ó shin.

An dtáinig feabhas ar chúrsaí tacaíochta? Ní bheifeá dóchasach go dtáinig.

Bhí seirbhísí tacaíochta faoi chaibidil fosta ar Y Byd ar Bedwar (S4C/BBC iPlayer) agus Leian Roberts ag caint ar chás a mic, Twm, gasúr óg a raibh uathachas air agus a bhí neamhbriathartha. Sa Bhreatnais a labhair Roberts agus ba i muinín na bhfotheideal a bhí an scríbhneoir seo leis an scéal a leanstan.

Bíodh sin mar atá, níor cheil Béarla maol an aistriúcháin an phian a bhain le scéal Twm ná an phráinn a bhí ann le cuidiú leis agus lena chomhghleacaithe óga. Dúradh sa chlár go raibh tonn diagnóisí a bhain le huathachas i ndiaidh briseadh ar chladach an chórais shláinte ach ní raibh an chuma ar an scéal go raibh an córas in ann cos a choinneáil leo.

Cuireadh máithreacha eile faoi agallamh agus cuireadh ar ár súile dúinn na socruithe crua deacra a bhí le déanamh le páiste – agus tuismitheoir – a choinneáil slán sábháilte sa chás go raibh an leanbh le huachtachas foréigeanach.

Bhrisfeadh an scéal ar fad croí cloiche.

Cúram laethúil atá de dhíth sna cásanna seo ar fad, cúram saoil i ndáiríre. Ach níor léir go raibh an tacaíocht riachtanach le fáil ón státchóras le cuidiú le tuismitheoirí agus páistí an dúshlán saoil sin a thabhairt.

Fág freagra ar 'LEIRMHEAS TEILIFÍSE: ‘Mise is ADHD’ – teangacha ar an imeall ag plé le daoine ar an imeall'