CULTÚR: Céadlínte Éigse Éireann, Féile Mhic Dara, Albam nua Trá Pháidín, The Real Lady Macbeth in Oileáin Árainn

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

CULTÚR: Céadlínte Éigse Éireann, Féile Mhic Dara, Albam nua Trá Pháidín, The Real Lady Macbeth in Oileáin Árainn

FÉILTE

Rásaí bád agus ceol beo ag Féile Mhic Dara

Beidh imeachtaí ar bun an deireadh seachtaine seo ag ceiliúradh Féile Mhic Dara i gceantar Charna, ar an Satharn, 18 Iúil agus an Domhnach 19 Iúil. Cuirfear rásaí curachaí An Mhása ar bun ag a 11:00 r.n. maidin Dé Sathairn agus an clárúchán roimh ré ag 10:30 r.n. Leanfar leis an rásaíocht bád san ardtráthnóna agus rásaí na ngleoiteoga beaga agus móra ar bun amach ó Chéibh an Mhása. Beidh ceol Tigh Mheaic san oíche le DJ Vegas ag tosú ag 10:30 i.n.

Leanfar leis na himeachtaí ar an Domhnach, 19 Iúil agus rásaí Chraobh na hÉireann sna leathbháid agus sna báid mhóra amach ó Chéibh an Mhása ag tosú ag a 12:00 meán lae. Beidh ceol le muintir Uí Iarnáin Tigh Mheaic ón 6:00 i.n. sa tráthnóna agus ceol le Michael Sonny agus Micheál Ó Domhnaill ina dhiaidh sin, ag tosú ag a 9:00 i.n.

Tuilleadh eolais ar leathanach Facebook Fhéile Mhic Dara.

CEOL

Ceolchoirm in ómós don Dr Seán Ó Nualláin

Cuirfidh Melanie O’Reilly agus a banna snagcheol Gaelach ceolchoirm chlabhsúir chéad Scoil Samhraidh Dr Seán Ó Nualláin i láthair ag ócáid in Ionad Ealaíne Chill Mhantáin ar an Satharn, 1 Lúnasa.

Déanfaidh an cheolchoirm ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar an Dr Seán Ó Nualláin, a bhásaigh i mí Eanáir na bliana seo. D’oibrigh O’Reilly agus Ó Nualláin le chéile ar iliomad tograí ceoil agus beidh cuid de na saothair sin á gcur i láthair mar chuid den cheolchoirm.

In éineacht le Melanie O’Reilly beidh Scott Flanigan ar an bpianó agus Dave Mooney ar an dord. Beidh aíonna speisialta ag glacadh páirt sa cheolchoirm freisin, Brewen Favrau ar an bpíb uilleann agus an fheadóg íseal, agus James Patrick Gavin ar an bhfidil. Casfaidh O’Reilly rogha amhrán a scríobh sí leis an Dr Ó Nualláin, chomh maith le cóiriú ar dhánta le Nuala Ní Dhomhnaill agus rogha míreanna snagcheoil aitheanta.

Tuilleadh eolais agus ticéid.

FILÍOCHT

Iarratais á lorg don chlár Céadlínte le Éigse Éireann

Tá iarratais á lorg don chlár ‘Introductions |Céadlínte 2026’ le Éigse Éireann. Clár forbartha dátheangach é seo d’fhilí atá ag scríobh i nGaeilge agus/nó i mBéarla agus atá ag tosú amach. Is í an file Aifric Mac Aodha a roghnóidh na filí a bheidh ag glacadh páirt sa tsraith Ghaeilge i mbliana.

Tá ceardlanna i mBaile Átha Cliath ar an 4 agus 5 Meán Fómhair san áireamh sa chlár, léamha poiblí i mí na Samhna agus foilsiú saothair i ríomhleabhar a fhoilseoidh Éigse Éireann.

Ní mór d’iarrthóirí a bheith ina gcónaí ar oileán na hÉireann agus ag obair i dtreo a gcéad chnuasach filíochta. Roghnófar deichniúr filí Béarla agus cúigear filí Gaeilge. Glacfar le hiarratais go dtí an 22 Iúil, 2026.

Tuilleadh eolais agus iarratais.

CEOL

Cloch ‘s Claí, albam nua le Trá Pháidín

D’fhógair an mheitheal cheoil Trá Pháidín go mbeidh albam nua, Cloch ‘s Claí, á eisiúint acu ar an 25 Meán Fómhair. Mar chuid den fhógra d’eisigh siad traic amháin ón albam, ‘An Béal Bocht’, agus físeán ceoil a rinne siad le João Tudella agus Dónall Dineen.

Thóg siad teideal an amhráin ón úrscéal An Béal Bocht le Myles na gCopaleen a foilsíodh ar dtús i 1941. Tarraingíonn liricí an amhráin ar chuid de na téamaí céanna a bhí á bplé san úrscéal aorach agus solas á chaitheamh acu ar bhánú na Gaeltachta i gcomhthéacs easpa tithíochta agus tithe saoire.

Is é Cloch ‘s Claí an ceathrú halbam ón gcomharghrúpa ceoil a tháinig le chéile in 2019. Tá ceoltóirí as Conamara Theas, cathair Chorcaí, Ciarraí, Uíbh Fhailí, Sligeach agus Port Láirge gníomhach ann, agus ina measc tá na gceoltóirí, tá Conal Ó hAinmhuighe, Ultan Ó Labhradha, Peadar-Tom Mercier, Micheál Fitzgerald, Pól Ó Lionáird agus Ruairí de Búrca.

Beidh Cloch ‘s Claí á eisiúint ag World of Echo agus beidh sé ar fáil go digiteach agus mar cheirnín vinile. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

AMHARCLANNAÍOCHT

Drámadóirí óga ón Eoraip ar stáitse ar Oileáin Árainn

Beidh an European Youth Theatre (EYT) ar stáitse in Inis Meáin agus Inis Oírr ag deireadh mhí Iúil agus an dráma The Real Lady Macbeth á léiriú acu. Dráma nuascríofa é le Stuart Delves as Albain, ina bhfiosraíonn sé scéal Gruoch, fíorbhanríon Albanach ón aonú céad déag, a ndeirtear fúithi go raibh carachtar Lady Macbeth bunaithe uirthi.

Comhlacht amharclannaíochta don óige is ea EYT atá lonnaithe sa mBruiséil. Bunaíodh an comhlacht i 1999 agus tá os cionn 300 scoláire ag traenáil leo in ionaid éagsúla anois.

Tá nasc ag an gcomhlacht le hInis Meáin ó tharla go bhfuil múinteoir a bhíonn ag múineadh ar an oileán, Helen Creedon, ar iasacht leis na European Schools sa Bhruiséil faoi láthair, áit a bhfuil sí ag múineadh Gaeilge. Tá a hiníon Mairéad, a théann ar scoil in Inis Meáin, ar dhuine de chliar an dráma agus iad ag filleadh ar an oileán don léiriú seo.

Is iad na léirithe in Inis Meáin agus Inis Oírr na seónna deireanacha den camchuairt atá déanta acu ar ionaid ar fud na hEorpa.

Léireofar The Real Lady Macbeth i Séipéal Mhuire gan Smál, Inis Meáin ar an Mháirt, 28 Iúil ag 8:00 i.n. agus in Áras Éanna, Inis Oírr ar an gCéadaoin, 29 Iúil ag 1:00 i.n. Beidh na ticéid ar fáil ar an doras sa dá ionad.

 

 

Fág freagra ar 'CULTÚR: Céadlínte Éigse Éireann, Féile Mhic Dara, Albam nua Trá Pháidín, The Real Lady Macbeth in Oileáin Árainn'